Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Maitiú 26:29 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

29 Aċt adeirim liḃ, Ní ólfad feasta de’n toraḋ so na fíneaṁna go dtí an lá sin ’n‐a n‐ólfad go nua é mar aon liḃ‐se i ríoġaċt m’Aṫar.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

29 Agus deirim liḃ, ní ólfaiḋ mé feasta de’n toraḋ seo na fíneaṁna, go dtí an lá sin nuair a ólḟas mé go nua mar aon liḃ-se é i ríoġaċt m’Aṫar.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

29 Deirim liḃ, áṁṫaċ: Ní ólfad airís de’n toraḋ so na fíneaṁna go dtí an lá san ’n-a n-ólfad é go nua mar aon liḃ-se i ríġeaċt m’Aṫar.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

29 A deirim riḃ, Uaḋ só súas ni íoḃa mé don toraḋsa na fíneaṁna, go soiṫe an lá úd an a nioḃa mé é go nuá máille riḃsi a rioġaċd Maṫar.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Maitiú 26:29
31 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Annsin béiḋ na fíréin ag soillsiú ar nós na gréine i ríoġaċt a nAṫar. An té ag a ḃfuil cluasa ċum éisteaċta, éisteaḋ sé.


Go fírinneaċ adeirim liḃ, Atá cuid díoḃ‐san atá n‐a seasaṁ annso, naċ mblaisfiḋ bás nó go ḃfeicid Mac an Duine ag teaċt ’n‐a ríoġaċt.


Oir áit ar biṫ ’n‐a mbíonn beirt nó triúr cruinniġṫe le ċéile im’ ainm‐se, bím‐se féin annsin ’n‐a measc.


Annsin adéarfaiḋ an Rí leo‐san ḃéas ar a láiṁ ḋeis, Tigiḋ, a ḋaoine beannuiġṫe lem’ Aṫair, sealḃuiġiḋ an ríoġaċt atá ullṁuiġṫe ’n‐ḃúr gcóṁair ó ḃunú an doṁain:


óir is í seo m’ḟuil, fuil an tiomna nua, doirtear ar son móráin ċum maiṫeaṁnais na bpeacaḋ.


Agus tar a éis dóiḃ iomann do ċanaḋ, do ċuadar amaċ go Cnoc na nOla‐ċrann.


g‐á ṫeagasc dóiḃ gaċ ar órduiġeas daoiḃ do ċóiṁlíonaḋ, agus féaċ, atáim‐se ’n‐ḃúr ḃfoċair i gcóṁnaiḋe, go deireaḋ an tsaoġail.


Adeirim liḃ go fírinneaċ, Ní ólfad feasta de ṫoraḋ na fíneaṁna, go dtí an lá sin ’n‐a n‐ólfad nua é i ríoġaċt Dé.


Ná bíoḋ eagla oraiḃ, a ṫréad ḃeag, óir is é toil ḃúr nAṫar an ríoġaċt do ṫaḃairt daoiḃ.


Aċt ba ċeart súḃaċas agus gáirdeaċas do ḃéanaṁ: óir do ḃí do ḋearḃráṫair annso marḃ, agus do ṫéarnuiġ sé; do ḃí sé ar iarraiḋ agus friṫ é.


Do laḃras na neiṫe sin liḃ, d’ḟonn go mbéaḋ mo ġáirdeaċas ionnaiḃ, agus go mbéaḋ ḃúr ngáirdeaċas iomlán.


Mar sin daoiḃ‐se, agus brón oraiḃ fá láṫair: aċt do‐ċífead arís siḃ, agus béiḋ áṫas ar ḃúr gcroiḋe, agus ní ḃainfiḋ aoinneaċ ḃúr n‐áṫas díḃ.


Aċt atáim ag teaċt ċugat anois; agus atáim ag laḃairt ar an gcuma so san tsaoġal, ċum go mbéaḋ m’áṫas‐sa ’n‐a iomláine ionnta féin.


aċt d’ḟiaḋnaiḋṫiḃ do ḃí toġṫa ag Dia roiṁ ré, dúinne, do ḃí ag iṫe agus ag ól ’n‐a ḟoċair tar a éis dó aiséirġe ó na marḃaiḃ.


ag féaċaint ċum Íosa, príoṁ‐uġdar agus críoċnuiġṫeoir ár gcreidiṁ; an té d’ḟulaing an ċroċ, ar son an áṫais do cuireaḋ roiṁe, do ċuir neaṁ‐ṡuim san náire, agus atá ’n‐a ṡuiḋe ar ḋeis riġ‐ċaṫaoireaċ Dé.


agus do ḃíodar ag canaḋ aṁráin, mar ḃéaḋ aṁrán úr‐nua, ós cóṁair na riġ‐ċaṫaoireaċ, agus os cóṁair na gceiṫre n‐ainṁiḋe, agus os cóṁair na seanóir: agus ní raiḃ ar ċumas d’aoinneaċ an t‐aṁrán sin d’ḟoġlaim, aċt aṁáin do’n ċéad ceaṫrar, agus dá ḟiċid míle duine do ḃí ceannuiġṫe as a raiḃ ar talaṁ.


béiḋ sé ’n‐a aoḋaire aca, agus treoróċaiḋ sé go toibreaċa fíor‐uisce na beaṫaḋ iad: agus cuimilfiḋ Dia gaċ deor d’á súiliḃ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ