Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Maitiú 25:46 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

46 Agus imṫeoċaiḋ siad‐so isteaċ i bpeannaid ṡíorraiḋe: aċt imṫeoċaiḋ na fíréin isteaċ sa mbeaṫaiḋ ṡíorraiḋe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

46 Agus raċaiḋ siad sin isteaċ i bpionós ṡíorraiḋe, aċt na fíréin isteaċ i mbeaṫa ṡíorraiḋe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

46 Agus imṫeóċaid siad san isteaċ i bpiantaiḃ síoruíḋe; agus na fíoraoin isteaċ i mbeaṫa ṡíoruiḋe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

46 Agus iméoċuid so bpiannuid ṡíorruiḋe: aċd iméoċuid na fíréunuiġ do ḃeaṫuiġ ṁarṫanuiġ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Maitiú 25:46
34 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Annsin béiḋ na fíréin ag soillsiú ar nós na gréine i ríoġaċt a nAṫar. An té ag a ḃfuil cluasa ċum éisteaċta, éisteaḋ sé.


Agus féaċ, ṫáinig duine ċuige, agus aduḃairt sé, A Ṁáiġistir, créad é an gníoṁ maiṫ do‐ġéanadsa, ċum go saoṫróċad an ḃeaṫa ṡíorraiḋe?


Agus gaċ duine do ṫréig tiġṫe, nó dearḃráiṫre, nó deirḃṡeaṫraċa, nó clann, nó taltaí, ar son m’anma‐sa, ġeoḃaiḋ sé a gcéad oiread, agus béiḋ an ḃeaṫa ṡíorraiḋe mar oiġreaċt aige.


Annsin adéarfaiḋ sé leo‐san ḃéas ar a láiṁ ċlé, Imṫiġiḋ uaim, a ḋaoine malluiġṫe, isteaċ sa teiniḋ ṡíorraiḋe do h‐ullṁuiġeaḋ do’n diaḃal agus d’á aingliḃ:


Annsin freagróċaiḋ seisean, g‐á ráḋ, Adeirim liḃ go fírinneaċ, Ó’s rud é naċ ndearnaḃar é d’aoinneaċ de na daoiniḃ seo is suaraiġe, naċ ndearnaḃar daṁ‐sa é.


Agus ṫairis sin agus uile, atá duiḃeagán mór suiḋte eadrainn: i dtreo naċ ḃféadann siad‐san gur mian leo é dul ċugaiḃ‐se anonn, ná teaċt as sin anall ċugainne.


fá mar ṫugais dó cuṁaċt ar gaċ a ḃfuil beo, ionnas, gaċ a dtugais dó, go dtiuḃraḋ sé an ḃeaṫa ṡíorraiḋe ḋóiḃ.


An té ċreideas sa Mac, atá an ḃeaṫa ṡíorraiḋe aige; aċt an té naċ n‐uṁluiġeann do’n Ṁac, ní ḟeicfiḋ sé an ḃeaṫa, aċt atá díḃeirg Dé i gcóṁnaiḋe air.


aċt an t‐uisce do‐ḃéarfad‐sa ḋó, béiḋ sé ’n‐a ṫobar uisce ann ag brúċtġail ċum na beaṫaḋ síorraiḋe.


Go fírinneaċ adeirim liḃ, An té éisteas lem’ ḃriaṫar‐sa agus ċreideas an té do ċuir uaiḋ mé, atá an ḃeaṫa ṡíorraiḋe aige, agus ní ṫig sé fá ḃreiṫeaṁnas, aċt atá sé aṫruiġṫe ó’n mbás ċum na beaṫaḋ.


agus tiocfaiḋ siad amaċ: luċt déanta an ċirt go h‐aiséirġe na beaṫaḋ; agus luċt déanta an uilc go h‐aiséirġe na breiṫe.


Ná saoṫruiġiḋ an biaḋ ṫéiġeas amuġa, aċt saoṫruiġiḋ an biaḋ ṁaireas go dtí an ḃeaṫa ṡíorraiḋe, an biaḋ ḃéarfas Mac an Duine ḋaoiḃ: óir is airsean do ċuir an t‐Aṫair, Dia, a ṡéala.


Óir is é toil m’Aṫair, an uile ḋuine do‐ċí an Mac, agus ċreideas ann, go ḃfaiġeaḋ sé an ḃeaṫa ṡíosraiḋe, agus tógfad‐sa é an lá deiriḋ.


Agus do laḃair Pól agus Barnabas go dána, agus aduḃradar, Is liḃ‐se ba ḋual ḋúinn briaṫar Dé do laḃairt ar dtús. Aċt ó’s ag diúltaḋ ḋó atá siḃ, agus naċ fiú liḃ, de réir ḃúr mbreiṫe féin, an ḃeaṫa ṡíorraiḋe d’ḟáġáil, féaċ, atáimíd ag iompoḋ ċum na nGeinte.


Agus nuair do‐ċuala na Geinte sin, ḃí an‐áṫas orṫa, agus ṫugadar glóir do ḃriaṫar Dé: agus do ċreid siad‐san do ḃí réaṁórduiġṫe ċum na beaṫaḋ síorraiḋe.


agus go ḃfuil muiniġin agam as Dia, fá mar tá aca‐san féin, go dtiocfaiḋ aiséirġe na ḃfíréan agus na neiṁ‐ḟíréan.


ar ċuma, fá mar ḃí réimeas an ṗeacaiḋ ċum báis ann, gur ar an gcuma ċéadna do ḃéaḋ réimeas an ġrása tré ḟíréantaċt ann ċum na beaṫaḋ síorraiḋe tré Íosa Críost ár dTiġearna.


Óir is é tuarastal an ṗeacaiḋ an bás, aċt is é saor‐ḃronntanas Dé an ḃeaṫa ṡíorraiḋe i nÍosa Críost, ár dTiġearna.


Óir an té ċuireas fá ċóṁair na colna, is truailleaċt ó’n gcolainn ḃainfeas sé; aċt an té ċuireas fá ċóṁair an Spioraid, is í an ḃeaṫa ṁarṫannaċ ḃainfeas sé.


dream ġeoḃas mar ṗionós léirscrios síorraiḋe ó ġnúis an Tiġearna, agus ó ġlóir a ċuṁaċta,


Agus is é rud atá geallta aige féin dúinn, an ḃeaṫa ṁarṫannaċ.


agus congḃuiġiḋ siḃ féin i ngráḋ Dé, ag súil le trócaire ár dTiġearna Íosa Críost ċum na beaṫaḋ marṫannaiġe.


Agus do teilgeaḋ an diaḃal do ṁeall iad isteaċ i loċ na teineaḋ agus na ruiḃe, mar a ḃfuil an t‐ainṁiḋe agus an fáiḋ bréige; agus béiḋ siad d’á gciapaḋ de ló agus d’oiḋċe go saoġal na saoġal.


Agus cibé duine naċ ḃfríṫ scríoḃṫa i leaḃar na beaṫaḋ, do teilgeaḋ é amaċ i loċ na teineaḋ.


Aċt maidir leis na daoiniḃ meaṫta, mí‐ċreidṁeaċa, gráineaṁla, agus leis na dúnṁarḃṫóiriḃ, leis na drúiseoiriḃ, leis na draoiḋeadóiriḃ, agus leis na h‐íoḋal‐aḋraṫóiriḃ, agus le luċt na mbréag ar fad, ġeoḃaid‐sean a gcuid féin san loċ atá ar dearg‐lasaḋ le teiniḋ agus le ruiḃ; is é sin an dara bás.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ