Maitiú 25:34 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)34 Annsin adéarfaiḋ an Rí leo‐san ḃéas ar a láiṁ ḋeis, Tigiḋ, a ḋaoine beannuiġṫe lem’ Aṫair, sealḃuiġiḋ an ríoġaċt atá ullṁuiġṫe ’n‐ḃúr gcóṁair ó ḃunú an doṁain: အခန်းကိုကြည့်ပါ။Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)34 Annsin déarfaiḋ an Rí leis an méid a ḃéas ar a ḋeis: Taraigiḋ, a luċt ḃeannuiġṫe le m’Aṫair, gaḃaigiḋ ċugaiḃ sealḃ na ríoġaċta atá ullaṁ díḃ ó ċruṫuġaḋ an doṁain. အခန်းကိုကြည့်ပါ။Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)34 Ansan déarfaiḋ an Rí leis an muintir a ḃeiḋ ar a láiṁ ḋeis: Téanaiḋ, a ḋaoine beannuiġṫe le m’Aṫair, agus sealḃuiġiḋ an ríġeaċt atá ollaṁ daoiḃ ó ċruiṫniú an doṁain: အခန်းကိုကြည့်ပါ။An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)34 Ann sin a déara an Rí ris an luċd ḃías air a láiṁ ḋeis, Tigiḋ, a ḋáoine beannuiġṫe Maṫarsa, gaḃuiḋ ċugaiḃ óiġreaċd na ríoġaċda a tá ar na hullṁuġaḋ ḋáoiḃ ó ṫosaċ an doṁuin: အခန်းကိုကြည့်ပါ။ |
An t‐ainṁiḋe do ċonnacais, do ḃí sé ann, agus ní ḟuil sé ann: agus atá sé le teaċt aníos as an duiḃeagán agus imṫeaċt ċum léirscriosta. Agus béiḋ iongnaḋ ar luċt áitreaḃa na talṁan, ar an méid naċ ḃfuil a n‐ainmneaċa scríoḃṫa ó ṫosaċ an tsaoġail i leaḃar na beaṫaḋ, nuair ċífeas siad an t‐ainṁiḋe, de ḃriġ go raiḃ sé ann, agus naċ ḃfuil sé ann, agus go ḃfuil sé le teaċt.