Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Maitiú 25:29 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

29 Óir an té ag a ḃfuil niḋ doḃéarfar dó, agus béiḋ flúirse aige: aċt an té naċ ḃfuil niḋ aige, tógfar uaiḋ fiú aṁáin a ḃfuil aige.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

29 Óir ḃéarfar do gaċ aoinneaċ ag a ḃfuil, agus béiḋ a ṡáiṫ aige; aċt an té naċ ḃfuil aige, bainfear de fiú an rud a ṡaṁailtear a ḃeit aige.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

29 Óir an t-é go ḃfuil aige, taḃarfar dó, agus beiḋ flúirse aige; agus an t-é ná fuil aige, togfar uaiḋ an rud a saṁluiġtear a ḃeiṫ aige.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

29 (Oir do ḃéarṫar do ġaċ ḋuine agá ḃfuil ní, agus bíaiḋ a ṡáiṫ aige: aċd an té a tá gan ní aige toigeḃṫar úaḋ fós an ní a tá aige.)

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Maitiú 25:29
16 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Óir an té ag a ḃfuil niḋ, do‐ḃéarfar dó, agus béiḋ flúirse aige: aċt an té naċ ḃfuil éinniḋ aige, bainfear de fiú aṁáin a ḃfuil aige.


Adeir siad‐san leis, Scriosfaiḋ sé na cuirpṫiġ sin go millteaċ, agus ḃéarfaiḋ sé an fíonġort ar cíos do scológaiḃ eile, ḃéarfas na torṫa ḋó ’n‐a séasúraiḃ féin.


Bainiḋ ḋe, d’á ḃriġ sin, an tallann, agus taḃraiḋ í do’n té sin ag a ḃfuil na cúig tallanna.


Óir cibé duine ag a ḃfuil niḋ, do‐ḃéarfar dó: agus an té naċ ḃfuil niḋ aige, bainfear de a ḃfuil aige.


aċt ní ḟuil gáḃaḋ aċt le h‐aon niḋ aṁáin: óir do ṫoġ Máire an ċuid is fearr, agus ní tógfar uaiṫi é.


D’á ḃriġ sin, taḃraiḋ do ḃúr n‐aire cionnas éistfeas siḃ: óir cibé duine ag a ḃfuil niḋ, do‐ḃéarfar dó; agus cibé duine naċ ḃfuil niḋ aige, tógfar uaiḋ a measann sé a ḃeiṫ aige.


Má leigimíd dó ar an gcuma so, creidfiḋ gaċ uile ḋuine ann: agus tiocfaiḋ na Róṁánaiġ agus scriosfaiḋ siad ár n‐áit agus ár gcineaḋ.


Aon ċraoḃ díom naċ dtugann toraḋ, scoiṫeann sé í: agus aon ċraoḃ do‐ḃeir toraḋ, glanann sé í ċum go dtiuḃraḋ sí tuilleaḋ torṫa.


Ċuiṁniġ, d’á ḃriġ sin, ar an áirde ó n‐ar ṫuitis, agus déan aiṫriġe, agus déan do ċéad‐oibreaċa; nó tiocfad‐sa ċugat, agus aistreoċad do ċoinnleoir as a ionad, muna ndéanaiḋ tú aiṫriġe.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ