Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Maitiú 25:26 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

26 Aċt d’ḟreagair a ṫiġearna agus aduḃairt sé leis, A ḋroċ‐ṡearḃónta ḋíoṁaoin, do ḃí a ḟios agat go mbainim i n‐áit nár ċuireas síol, agus go gcnuasaim i n‐áit nár ċáiṫeas;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

26 Agus duḃairt a ṫiġearna leis, ġá fréagairt: A ḋroċ-ṡeirḃísiġ leisceaṁail, ḃí a ḟios agat go mbainim san áit naċ gcuirim, agus go gcruinniġim san áit nár scaip mé:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

26 Agus d’ḟreagair a ṫiġearna é, agus duḃairt leis: A ḋroċ-ṡeirḃísiġ ḋíoṁaoin, dob’ eól duit go mbainim sa n-áit ná cuirim, agus go gcnuasuiġim sa n-áit nár ḋeineas sgaipeaḋ ann.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

26 Agus ar ḃfreagra ḋá ṫiġearna, a duḃairt sé ris, A ḋroiċṡearḃḟoġantuiḋe ḟallsa, do ḃí a ḟios agad go mbeanuimsi ann sa náit naċ ndearna mé siólċur, agus go gcruinniġim ann sa náiṫ nar leaṫnuiġ mé:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Maitiú 25:26
6 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Annsin do ġlaoḋ a ṫiġearna ċuige é, agus aduḃairt sé leis, A ropaire ṡeirḃísiġ, do ṁaiṫeas‐sa ḋuit‐se na fiaċa úd go léir, toisc gur ċuiris aṫċuinġe orm:


Agus do leaṫ furṁór an tsluaiġ a mbrait ar an sliġe; agus do ḃain dream eile géaga de na crannaiḃ agus do leaṫadar ar an sliġe iad.


Agus an té fuair talann aṁáin, ṫáinig sé agus aduḃairt, A ṫiġearna, do ḃí a ḟios agam gur duine cruaiḋ ṫú, ag baint i n‐áit nár ċuiris riol,


agus ag cnuasaċ i n‐áit nár ċáiṫis: agus do ḃí eagla orm, agus d’imṫiġeas agus do ċuireas do ṫallann i ḃfolaċ sa talaṁ; féaċ, sin é do ċuid féin agat.


ba ċeart duit, d’á ḃriġ sin, mo ċuid airgid ṫaḃairt do na banncairiḃ, go ḃfaiġinn mo ċuid féin le brabaċ ag teaċt dom.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ