Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Maitiú 25:24 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

24 Agus an té fuair talann aṁáin, ṫáinig sé agus aduḃairt, A ṫiġearna, do ḃí a ḟios agam gur duine cruaiḋ ṫú, ag baint i n‐áit nár ċuiris riol,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

24 Aċt ṫáinic an té a fuair an t-aon talann aṁáin, agus duḃairt: A ṫiġearna, tá a ḟios agam gur duine cruaiḋ ṫú: baineann tú san áit nár ċuir tú, agus cruinniġeann tú san áit nár scaip tú:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

24 Ansan do ṫáinig an fear a fuair an t-aon talant aṁáin, agus duḃairt: A Ṫiġearna, is eól dom gur duine cruaiḋ tu; ḃaineann tú sa n-áit nár ċuiris, agus cruinniġeann tú sa n-áit nár sgaipis.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

24 Agus ar dteaċd don té úd fúair a náontallon a duḃairt sé, A ṫiġearna, do ḃí a ḟios agam gur ḋuine crúaiḋ ṫú, ḃéanus ann sa náit na ċuir tú siól, agus ċruinniġeas ann sa náit naċ ar eaṫnuiġ tú:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Maitiú 25:24
18 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus nuair do ṫosnuiġ sé ar an gcunntas do ḋéanaṁ, tugaḋ ċuige duine go raiḃ deiċ míle talann aige air.


g‐á ráḋ, Níor oibriġ an dream deireannaċ so aċ uair aṁáin, agus do ċuiris‐se ar aon ċoṁṫrom leo sinne d’ḟulang cruaḋtan an lae agus an broṫall.


agus ag cnuasaċ i n‐áit nár ċáiṫis: agus do ḃí eagla orm, agus d’imṫiġeas agus do ċuireas do ṫallann i ḃfolaċ sa talaṁ; féaċ, sin é do ċuid féin agat.


Aċt d’ḟreagair a ṫiġearna agus aduḃairt sé leis, A ḋroċ‐ṡearḃónta ḋíoṁaoin, do ḃí a ḟios agat go mbainim i n‐áit nár ċuireas síol, agus go gcnuasaim i n‐áit nár ċáiṫeas;


Ní h‐é gaċ aoinneaċ adéarfas liom, A Ṫiġearna, a Ṫiġearna, raċas isteaċ i ríoġaċt na ḃflaiṫeas; aċt an té do‐ġní toil m’Atar atá ar neaṁ.


Aċt d’ḟreagair seisean agus aduḃairt sé le n‐a aṫair, Féaċ, atáim‐se ag obair ḋuit na bliaḋanta fada so, agus níor ṡáruiġeas t’órdú riaṁ: agus ’n‐a ḋiaiḋ sin ní ṫugais oiread agus meannán dom ċum go ndéanfainn súḃaċas lem’ ċáirdiḃ:


Agus do ġlaoḋ sé ċuige deiċneaḃar seirḃíseaċ leis, agus ṫug sé ḋóiḃ deiċ bpúint, agus aduḃairt sé leo, Biḋiḋ ag déanaṁ ceannaiḋeaċta nó go dtagad.


Agus cad ċuige a nglaoḋann siḃ orm, A Ṫiġearna, a Ṫiġearna, agus naċ ndéanann siḃ a n‐abraim liḃ?


mar náiṁdeas i n‐aġaiḋ Dé is eaḋ an meon colnaiḋe; óir ní uṁluiġeann sé do ḋliġe Dé, agus ċeana, ní ḟéadann sé uṁlú:


Ar an taoḃ eile ḋe, cia ṫusa, a ḋuine, atá ag bréagnú Dé? An niḋ atá cumṫa, an n‐abróċaiḋ sé leis an té do ċum é, Cad ċuige a ndearnais san tsliġe seo mé?


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ