Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Maitiú 25:14 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

14 Óir is aṁlaiḋ atá, mar do ḃéaḋ duine, do ġlaoḋ ċuige a searḃóntaí, ag imṫeaċt ar aistear dó, agus ṫug a ṁaoin dóiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

14 Óir aṁail duine a ḃí ag dul i ḃfad ó ḃaile, ġoir sé ċuige a ṡeirḃísiġ, agus roinn sé a ṁaoin orṫa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

14 Mar, ar nós an ḟir a ḃí ag dul aḃfad ó ḃaile, agus do ġlaoiḋ ċuige a ṡeirḃísiġ, agus ṫug a ċuid dóiḃ,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

14 Oír ata ríoċd neiṁe aṁuil as do ġoir duine ag dul a gcoigcríċ, a ṡearḃḟoġantuiḋe ċuige, agus tug sé a ṡaiḋḃreas dóiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Maitiú 25:14
13 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Éistiḋ le saṁlaoid eile: Do ḃí fear tiġe ann, agus do ċuir sé fíonġort, agus do ċuir sé fál ’n‐a ṫimċeall, agus do ṫoċail sé áit brúiġte fíona ann, agus do ṫóg sé túr, agus ṫug sé ar cíos do scológaiḃ é, agus d’imṫiġ sé go tír eile.


Mar do ḃéaḋ duine ag imṫeaċt i ḃfad ó ḃaile, d’ḟág a ṫeaċ, agus ṫug an cúram d’á ṡeirḃíseaċaiḃ, a ċuid féin de’n obair do gaċ duine aca, agus d’órduiġ do’n dóirseoir faire do ḋéanaṁ.


Agus do ṫosnuiġ sé ar an tsaṁlaoid seo do laḃairt leis na daoiniḃ: Do ċuir duine fíonġort, agus ṫug sé ar cíos do scológaiḃ é, agus d’imṫiġ sé go tír eile go ceann i ḃfad.


Anois atá tíoḋlaicṫe éagsaṁla ann, aċt ní ḟuil aċt aon Spiorad aṁáin ann.


Cia h‐é Apollos mar sin? Cia h‐é Pól? Seirḃísiġ tré n‐ar ċreideaḃar; gaċ duine aca do réir mar ṫug Dia ḋó é.


Agus ṫug sé daoine áiriṫe ċum ḃeiṫ ’n‐a n‐abstalaiḃ; cuid ċum ḃeiṫ ’n‐a ḃfáiḋiḃ; cuid ċum ḃeiṫ ’n‐a soiscéalaiḋṫiḃ; agus cuid ċum ḃeiṫ ’n‐a n‐aoḋaraiḃ agus ’n‐a dteagascṫóiriḃ;


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ