Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Maitiú 24:24 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

24 Óir éireoċaiḋ Críostanna bréige, agus fáiḋe bréige, agus taisbeánfaid‐sean cóṁarṫaí agus iongantaisí móra, d’ḟonn na fíréin toġṫa féin do ṁeallaḋ, má’s féidir é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

24 Óir éireoċaiḋ críostanna bréige agus fáiḋe bréige, agus léireoċaiḋ siad míorḃailte agus iongantaisí móra, ionnas go meallaḋ siad, dá mb’ḟéidir é, na fíréin ḟéin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

24 Mar, eireóċaid Críostana fallsa agus fáiḋí fallsa, agus taḃarfaid siad cóṁarṫaí móra uaṫa agus iongnaí, i dtreó go seólfaí amú’ na fíoraoin féin (dá mb’ ḟéidir é).

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

24 Oír eiréoċuiḋ Críosdanna fallsa, agus fáiḋ fallsa, agus do ḋeánuid coṁarṫuiḋe agus miorḃuile móra; ionnas go meallfuid síad (da maḋ éidir é) na dáoine toġṫa féin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Maitiú 24:24
31 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Óir atá glaoiḋte ar ṁórán, aċt ní ḟuil toġṫa aċt beagán.


Agus éireoċaiḋ mórán fáiḋ bréige, agus meallfaid‐sean a lán.


Agus muna mbéaḋ gur giorruiġeaḋ na laeṫe sin, ní fuasclóċaiḋe aon duine beo: aċt ar son na ḃfíréan toġṫa giorróċar na laeṫe sin.


Féaċ atá inniste agam daoiḃ roiṁ ré.


Agus cuirfiḋ se a aingil amaċ le glaoḋ mór stuic, agus baileoċaiḋ siad a ḟiréin ó na ceiṫre gaoṫaiḃ, ó imeall go h‐imeall neiṁe.


Óir tiocfaiḋ mórán im’ ainm‐se, g‐á ráḋ, Is mise an Críost; agus meallfaid‐sean a lán.


Seaċnuiġiḋ na fáiḋe fallsa, ṫig ċugaiḃ i rioċt caoraċ, aċt atáid ’n‐a madraiḃ allta leaṫ istiġ.


óir éireoċaiḋ Críostanna bréige agus fáiḋe bréige, agus taisbéanfaid‐sean cóṁarṫaí agus iongantais, d’ḟonn na fíréin féin do ṁeallaḋ, dá mb’ ḟéidir é.


Agus an aṁlaiḋ naċ n‐agarfaiḋ Dia cruaḋ‐ċás a ṁuinntire toġṫa féin ḃíos ag glaoḋaċ air de ló agus d’oiḋċe?


Agus aduḃairt Íosa leis, Muna ḃfeiciḋ siḃ cóṁarṫaí agus iongantais, ní ċreidfiḋ siḃ.


Gaċ a dtugann an t‐Aṫair ḋom, tiocfaiḋ sé ċugam, agus an té ṫig ċugam ní ċuirfiḋ mé uaim é ar ċor ar biṫ.


Agus is é toil an té do ċuir uaiḋ mé naċ gcaillfinn aoinneaċ díoḃ‐san atá taḃarṫa aige ḋom, aċt go dtógfainn suas é an lá deiriḋ.


Óir do ḃí socruiġṫe ag Pól seolaḋ ṫar Eiféis, i dtreo naċ gcuirfiḋe aon ṁoill air san Áise; óir ḃí deiṫneas air, ċum dá mb’ ḟéidir é, ḃeiṫ i nIarúsalem lá Cingcíse.


Má’s féidir é, san méid ḃaineas liḃ féin, cóṁnuiġiḋ go síoṫċánta leis an uile ḋuine.


Uime sin, cá ḃfuil an déiġṁéin úd ṫug siḃ dom? mar ḃeirim m’ḟiaḋnaise ḋaoiḃ go mbainfeaḋ siḃ amaċ ḃur súilí féin, dá mb’ ḟéidir é, agus go dtiuḃraḋ siḃ dom iad.


Cibé ar biṫ é, fanann bun daingean Dé go seasṁaċ, agus an séala so air: Is eol do’n Tiġearna a ṁuinntear féin; agus, Gaċ aoinneaċ ainmniġeas ainm an Tiġearna, tréigeaḋ sé an éagcóir.


atá d’ḃur gcuṁdaċ le cuṁaċt Dé tré ċreideaṁ fá ċóṁair slánuiġṫe atá ullaṁ le n‐a ḟoillsiú ins an aimsir ḋeiriḋ.


D’á ḃriġ sin, a ċáirde, ó’s eol daoiḃ an méid seo roiṁ ré, biḋiḋ ar ḃur n‐aire, ar eagla go scuabfaiḋe siḃ le mearḃall na gcuirpṫeaċ, agus go dtuitfeaḋ siḃ ó n‐ḃur seasṁaċt féin.


A ċlann ḃeag, atá an uair ḋeiriḋ ann: agus mar ċualaḃar go ḃfuil ainċríost le teaċt, atá á lán ainċríost ann ċeana féin; air so aiṫniġmíḋ go ḃfuil an uair ḋeiriḋ ann.


Cia h‐é an bréagaire aċt an té ṡéanas gur ab é Íosa an Críost? Is é an t‐ainċríost an té ṡéanas an tAṫair agus an Mac.


Is eol dúinn, aoinneaċ do geineaḋ ó Ḋia naċ ndéanann sé peacaḋ; aċt an té do geineaḋ ó Ḋia, coiṁeádann sé féin é, agus ní ḃfaġann an ainspioraid greim air.


Agus do gaḃaḋ an t‐ainṁiḋe, agus i n‐éinḟeaċt leis, an fáiḋ bréige do rinne na míorḃailtí ’n‐a ḟiaḋnaise, le n‐ár ṁeall sé an dream do ġlac marc an ainṁiḋe ċuca, agus an dream ṫug aḋraḋ d’á íoṁáiġ. Do teilgeaḋ iad araon beo amaċ i loċ teineaḋ atá ar dearg‐lasaḋ le ruiḃ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ