Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Maitiú 24:15 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

15 D’á ḃriġ sin, nuair do‐ċífiḋ siḃ úr‐ġráin an léirscriosta, ar ar laḃair Dainial fáiḋ, ’n‐a ṡeasaṁ sa naoṁ‐áit (an té léiġeas, tuigeaḋ sé),

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

15 Ar an aḋḃar sin, nuair atċífeas siḃ fuaṫṁaireaċt an scriosta, ar ar laḃair Daniél, fáiḋ, ina seasaṁ san áit naoṁṫa; an té a léiġeas, tuigeaḋ sé:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

15 D’á ḃríġ sin, nuair a ċífiḋ siḃ gráin an léirsgriosa, ar ar laḃair Daniel fáiḋ, ’n-a seasaṁ sa n-áit naoṁṫa: an t-é a léiġfiḋ, tuigeaḋ:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

15 Ar a naḋḃarsin an tráṫ do ċífiḋe aḋḟúaṫṁuireaċd an léirsgrios, air ar laḃair Dániel fáiḋ, na seasaṁ ann sa nionad ċoisreagṫ: (tuigeaḋ, an té léaġas:)

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Maitiú 24:15
19 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

annsin na daoine atá i nIúdaea, teiċidís ċum na gcnoc:


Aċt nuair do‐ċífiḋ siḃ úr‐ġráin an léirscriosta ’n‐a seasaṁ san áit naċ dual (an té léiġeas, tuigeaḋ sé), annsin na daoine atá i n‐Iúdaea, teiċidís ċum na gcnoc:


Óir tiocfaiḋ na laeṫe ort, ’n‐a dtógfaiḋ do náiṁde móta id’ ṫimċeall, agus ’n‐a n‐iomṡuiḋfid ṫú, agus ’n‐a gcúṁanglóċaid ort ar gaċ taoiḃ,


Aċt nuair do‐ċífiḋ siḃ Iarúsalem agus na sluaiġte suiḋte i ḃfoslongṗort ar gaċ taoḃ ’n‐a timċeall, bíoḋ a ḟios agaiḃ an uair sin go ḃfuil a bascaḋ i ḃfogas.


Má leigimíd dó ar an gcuma so, creidfiḋ gaċ uile ḋuine ann: agus tiocfaiḋ na Róṁánaiġ agus scriosfaiḋ siad ár n‐áit agus ár gcineaḋ.


agus do ġlaoḋadar, A ċlanna Israel, caḃair: Seo é an duine atá ag múineaḋ na ndaoine go léir ins gaċ áit i gcoinniḃ an ṗobail, agus i gcoinniḃ an reaċta, agus i gcoinniḃ na h‐áite seo: agus ṫairis sin, ṫug sé Gréagaiġ isteaċ san teampall, agus atá an áit naoṁṫa truailliġṫe aige.


agus do ċuireadar suas fiaḋnaiḋṫe bréagaċa, aduḃairt, Ní stadann an duine seo, aċt é i gcóṁnaiḋe ag laḃairt go masluiġṫeaċ i n‐aġaiḋ na h‐áite naoṁṫa so, agus i n‐aġaiḋ na dliġe.


D’á ḃriġ sin is mó is ċeart dúinn aire ḋúṫraċtaċ do ṫaḃairt do na neiṫiḃ do ċualamar, ar eagla go raċaimís ar fán uaṫa.


Is aoiḃinn do’n té léiġeas agus do’n dream éisteas le ráiḋṫeaċas na tarngaireaċta so, aċt gaċ a ḃfuil scríoḃṫa innti do ċoiṁeád: óir ní fada uainn an t‐am.


An té go ḃfuil cluas aige, éisteaḋ sé le n‐a ḃfuil ag an Spiorad d’á ráḋ leis na h‐eaglaisiḃ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ