Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Maitiú 24:14 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

14 Agus craoḃscaoilfear an soiscéal so na ríoġaċta ar fud an doṁain uile mar ḟiaḋnaise do na ciniḋeaċaiḃ go léir; agus annsin tiocfaiḋ an deireaḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

14 Agus ḋéanfar soiscéal seo na ríoġaċta a ṡeanmóir ar fud an doṁain go léir, mar ḟiaḋnaise do na h-uile ċiniḋeaċa: agus annsin tiocfaiḋ an deireaḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

14 Agus craoḃsgaoilfar an soisgéal so na ríġeaċta tríd an ndoṁan go léir mar ḟiaḋnaise do sna geintiḃ go léir; agus ansan tiocfaiḋ an críoċnú.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

14 Agus do ḋéantar an soisgéulsa na ríoġaċda do ṡeanmóir ar feaḋ an doṁain uile; mar ḟíaḋnuisi do na huile ċineaḋaċuiḃ; agus ann sin tiocfuiḋ an deireaḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Maitiú 24:14
29 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus, sa tsliġe ḋaoiḃ, biḋiḋ ag craoḃscaoileaḋ, g‐á ráḋ, Atá rioġaċt neiṁe i ngiorraċt daoiḃ.


Adeirim liḃ fós, má ḃíonn beirt agaiḃ ar aon aigne ar talaṁ i dtaoḃ niḋ ar biṫ d’á n‐iarraid, do‐ġéantar dóiḃ é óm’ Aṫair‐se atá ar neaṁ.


Agus ’n‐a ṡuiḋe ḋó ar ċnoc na nOla‐ċrann, ṫáinig na deisceabail ċuige ar leiṫriḋ, g‐á ráḋ. Innis dúinn, cá ḟaide go dtiocfaiḋ na neiṫe sin ċum críċe? agus cad é cóṁarṫa do ṫeaċta, agus deiriḋ an tsaoġail?


Agus do‐ċluinfiḋ siḃ tráċt ar ċogaiḋiḃ agus ráflaí ar ċogaḋ: féaċaiḋ ċuige naċ dtiocfaiḋ buaiḋirt aigne oraiḃ: óir caiṫfiḋ na neiṫe sin do ṫeaċt ċum críċe; aċt ní ḟuil an deireaḋ ann fós.


Agus do ġluais Íosa ar fud na Galilé ar fad, ag teagasc ins na sionagógaiḃ, agus ag craoḃscaoileaḋ soiscéil na ríoġaċta, agus ag leiġeas an uile ġalair agus breoiteaċta i measc na ndaoine.


Agus do ġluais Íosa ṫart timċeall ins na caṫraċaiḃ agus ins na bailtiḃ beaga, ag teagasc ’n‐a sionagógaiḃ, agus ag craoḃscaoileaḋ soiscéil na ríoġaċta, agus ag leiġeas gaċ uile ṡóirt galair agus breoiteaċta.


Agus caiṫfear an soiscéal do ċraoḃscaoileaḋ ar dtús ar fud na gcineaḋ uile.


Agus ṫarla ins na laeṫiḃ sin go ndeaċaiḋ reaċt amaċ ó Ċéasar August go ndéanfaiḋe cóṁaireaṁ ar an doṁan uile.


agus go ḃfógróċaiḋe ’n‐a ainm aiṫriġe agus maiṫeaṁnas na bpeacaḋ do na ciniḋeaċaiḃ uile, ag tosnú ó Iarúsalem.


Agus do ṫreoruiġ sé i n‐áirde é, agus do ṫaisbeán sé ḋó ríoġaċta an doṁain go léir, i n‐aon ṁóimeint aṁáin.


go dtí an lá ’n‐ar tógaḋ suas é, tar a éis dó aiṫeanta do ṫaḃairt tríd an Spiorad Naoṁ do na h‐abstalaiḃ do ṫoġ sé;


Agus d’éiriġ duine aca darḃ ainm Agabus, agus ṫug sé le tuigsin dóiḃ tríd an Spiorad go raiḃ gorta ṁór le teaċt ar an saoġal uile, rud ṫáinig ċum críċe i n‐aimsir Ċlaudiuis.


de ḃriġ go ḃfuil lá ceapṫa aige ’n‐a dtiuḃraiḋ sé breiṫeaṁnas de réir cirt ar an saoġal tríd an ḃfear atá réaṁ‐órduiġṫe aige; agus do ḋearḃuiġ sé é do gaċ uile ḋuine, g‐á ṫógáil ó na marḃaiḃ.


Agus nuair naċ ḃfuaradar iad, do ṫarraingeadar Iásón agus cuid de na bráiṫreaċaiḃ i láṫair riaġlóir na caṫraċ, g‐á ráḋ, Na daoine seo go ḃfuil an doṁan bun os cionn aca, atá siad tagṫa go dtí an áit seo, leis.


agus is baoġal, ní h‐é aṁáin go dtiocfaiḋ droċ‐ċlú ar an gcéird seo againn, aċt go ndéanfar beag‐is‐fiú de ṫeampall na bain‐dé móire Diana, agus go raċaiḋ a mórḋaċt ar ceal, ise go ḃfuil an Áise uile agus an doṁan uile g‐á h‐aḋraḋ.


Agus féaċ, anois, atá a ḟios agam naċ ḃfuil duine agaiḃ, gur ṡiuḃlas ’n‐ḃúr measc ag craoḃscaoileaḋ na ríoġaċta, ḟeicfeas mo ġnúis arís.


Aċt fiafruiġim‐se, Nár airiġeadar? D’airiġeadar cinnte, Do leaṫ a nglór ar fud an doṁain uile, Agus a mbriaṫra go foirċeann an doṁain.


aċt go seasuiġiḋ siḃ go daingean ar ḃun an ċreidiṁ, gan casaḋ i leaṫtaoḃ ó ḋóċas an tsoiscéil do ċualaḃar, do craoḃscaoileaḋ i measc gaċ a ḃfuil cruṫuiġṫe fá neaṁ, go ḃfuilim‐se Pól im’ ṁinistir de.


ṫáinig ċugaiḃ‐se; fá mar tá sé ag taḃairt torṫa ar fud an doṁain, agus ag dul i méid, mar tá sé ’n‐ḃur measc‐na, leis, ó’n lá ’n‐a gcualaḃar agus ’n‐a ḃfuaraḃar eolas ar ġrása Dé i ḃfírinne;


Agus arís, nuair do‐ḃeir sé a ċéid‐ġein isteaċ san tsaoġal adeir sé, Agus déanaḋ aingle uile Dé aḋraḋ ḋó.


Óir ní d’aingliḃ ṫug sé ceannas an tsaoġail atá le teaċt, ar a ḃfuilmíd ag tráċt.


Agus do ċonnacas aingeal eile ar eiteall i lár na spéire, agus soiscéal síorraiḋe aige le n’ḟógairt do luċt áitreaḃa na talṁan, agus do gaċ cineaḋ, agus treiḃ, agus teangain, agus pobal;


óir is spioraidí deaṁan iad, ag oibriú míorḃailtí, ṫéiġeas amaċ ċum riġṫe an doṁain uile, ċum iad do ċruinniú le ċéile fá ċóṁair cogaiḋ lae ṁóir Dé Uile‐ċuṁaċtaiġ.


De ḃriġ gur ċoiṁeádais briaṫar m’ḟad‐ḟulaing, cuṁdóċad‐sa ṫú ar uair an ċaṫuiġṫe atá le teaċt ar an saoġal uile, ċum a maireann ar talaṁ d’ḟroṁaḋ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ