Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Maitiú 23:34 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

34 D’á ḃriġ sin, féaċ, ċuirim‐se ċugaiḃ fáiḋe, agus eagnaiḋṫe, agus scríoḃaiḋṫe: marbóċaiḋ siḃ cuid aca, agus céasfaiḋ siḃ cuid aca; agus sciúrsálfaiḋ siḃ cuid aca ’n‐ḃúr sionagógaiḃ, agus ruaigfiḋ siḃ ó ċaṫair go caṫair iad:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

34 Féaċ, mar sin, cuirim ċugaiḃ fáiḋe, agus saoiṫe, agus scríoḃaiḋṫe; agus muirfiḋ siḃ agus céasḟaiḋ siḃ cuid acu, agus sciúrsálḟaiḋ siḃ cuid eile acu i ḃur sineagóga, agus géirleanfaiḋ siḃ iad ó ċaṫair go caṫair:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

34 D’á ḃríġ sin, féaċ, cuirim-se ċúġaiḃ fáiḋe, agus luċt eagna, agus luċt sgríḃinne; agus marḃóċaiḋ siḃ cuid acu, agus céasfaiḋ siḃ ar ċrosaiḃ cuid acu agus sgiúrsálfaiḋ siḃ cuid acu i nḃúr sinagógaiḃ, agus ruaigfiḋ siḃ iad ó caṫair go caṫair.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

34 Ar a naḋḃarsin, féuċ cuirimse ċugaiḃ fáiḋe, agus daoine glioca, agus sgríobuiḋe: agus cuirfiḋísi ċum báis, agus croċfuiḋṫí cuid ḋíoḃ; agus sgiúrsfuiṫi cuid éile ann ḃur síonagogaiḃ, agus díbéorṫáoi íad ó ċaṫair go caṫair:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Maitiú 23:34
36 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċ nuair déanfar géir‐leanaṁain oraiḃ i n‐aon ċaṫair, teiċiḋ isteaċ sa gcéad ċaṫair eile: óir adeirim liḃ go fírinneaċ, Ní ḃéiḋ deireaḋ ḃúr dturais i gcaṫraċaiḃ Israel déanta agaiḃ sara dtiocfaiḋ Mac an Duine.


Agus aduḃairt seisean leo, D’á ḃriġ sin, gaċ scríoḃaiḋe atá ’n‐a ḋeisceabal do ríoġaċt na ḃflaiṫeas, is cosṁail é le fear tiġe, do‐ḃeir amaċ as a ċiste neiṫe nua agus neiṫe seanda.


D’á ḃriġ sin is fiaḋnaise ’n‐ḃúr n‐aġaiḋ féin do‐ġní siḃ, gur siḃ‐se clann na ndaoine do ṁarḃ na fáiḋe.


agus go ḃfógróċaiḋe ’n‐a ainm aiṫriġe agus maiṫeaṁnas na bpeacaḋ do na ciniḋeaċaiḃ uile, ag tosnú ó Iarúsalem.


Cuirfear amaċ as na sionagógaiḃ siḃ: ṫairis sin, atá an uair ag teaċt go measfaiḋ an té ṁarḃas siḃ gur ag déanaṁ seirḃíse do Ḋia atá sé.


Annsin aduḃairt Íosa arís leo, Síoṫċáin daoiḃ: fá mar ċuir an t‐Aṫair uaiḋ mé, cuirim‐se siḃ‐se uaim mar an gcéadna.


Aċt doġeoḃaiḋ siḃ neart nuair ṫiocfas an Spiorad Naoṁ oraiḃ: agus béiḋ siḃ ’n‐ḃúr ḃfiaḋnaiḋṫiḃ daṁ‐sa i nIarúsalem, agus i nIúdaea ar fad, agus i Samária, agus go foirimeall an doṁain.


Agus ins na laeṫiḃ sin ṫáinig fáiḋe ó Iarúsalem go h‐Antuaiġ.


Agus do ṁarḃ sé Séamas dearḃráṫair Eoin le claiḋeaṁ.


Agus san eaglais do ḃí i nAntuaiġ do ḃí fáiḋe agus teagascóirí, ar a raiḃ Barnabas, agus Símeon Duḃ, mar tugtaí air, agus Lúcius ó Ċuréné, agus Manaén cóṁḋalta Ioruaiṫ tetrarċa, agus Saul.


Aċt ṫáinig Iúdaiġ go dtí an áit sin ó Antuaiġ agus ó Icónium, do spreag na daoine, agus do ġaḃ de ċloċaiḃ ar Ṗól, agus do ṫarraingt amaċ as an gcaṫair é, mar ba ḋóiġ leo go raiḃ sé marḃ.


Agus Iúdás agus Sílas, ó ba fáiḋe iad féin, do spreagadar na bráiṫreaċa le mórán cainnte, agus do neartuiġeadar iad.


Agus d’aontuiġeadar leis: agus tar a éis dóiḃ na h‐abstail do ġlaoḋaċ ċuca, do ḃuaileadar iad, agus d’órduiġeadar dóiḃ gan laḃairt i n‐ainm Íosa, agus do scaoileadar iad.


Aċt ċeana laḃraimíd eagnaiḋeaċt i measc na ndaoine n‐eolgaċ: ní h‐í eagnaiḋeaċt an tsaoġail seo í, ná eagnaiḋeaċt luċt ceannais an tsaoġail seo atá ag dul ar neaṁniḋ:


Do réir grása Dé tugaḋ ḋom mar árd‐ṡaor cliste, do ċuireas‐sa an bun, agus tógann duine eile air.


Is eisean ḟoillsiġmíd, ag spreagaḋ gaċ uile ḋuine, ċum gaċ uile ḋuine do ṫaḃairt iomlán i gCríost.


’g‐ár gcosc ar laḃairt leis na Cineaḋaċaiḃ ċum iad do ṡlánú; ag méadú a bpeacaiḋe de ṡíor; aċt atá ḋíḃeirg tagṫa go h‐iomlán orṫa.


do gaḃaḋ de ċloċaiḃ orṫa, do gearraḋ ó ċéile iad le tuireasc, do cuireaḋ caṫuiġṫe orṫa, do marḃaḋ iad le faoḃar claiḋiṁ: d’imṫiġeadar le fán an tsaoġail, agus croicne caoraċ agus croicne gaḃar umpa: ḃíodar beo‐ḃoċt, fá anró agus fá ċráḋ (daoine nárḃ fiú an saoġal iad),


Agus déanfaiḋ luċt áitreaḃa na talṁan gáirdeaċas os a gcionn; agus cuirfiḋ siad taḃartaisí ċum a ċéile, de ḃriġ gur ċiapuiġ an ḃeirt ḟáiḋ luċt áitreaḃa na talṁan.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ