Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Maitiú 23:33 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

33 A ṗiasta, a ṡlioċt na naṫraċ niṁe, cionnas éalóċas siḃ ó ḋaor‐ḃreiṫ ifrinn?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

33 A ṗiasta, a ṡlioċt naiṫreaċ niṁe, cad é mar ṡeaċnóċas siḃ-se breiṫeaṁnas ifrinn?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

33 A aiṫreaċa niṁe, a ṡlioċt na n-aiṫreaċ niṁe, cad é an dul atá agaiḃ-se ó ḃreiṫ ifrinn?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

33 A aiṫreaċa neiṁe, a ṡiól na naiṫreaċ neiṁe, coinnas is éidir liḃ teiṫeaḋ ó ḋamnuġaḋ ifeirn?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Maitiú 23:33
17 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

A ṡlioċt na naṫraċ niṁe, cionnas is féidir liḃ‐se deaġ‐neiṫe do laḃairt, agus siḃ go h‐olc? óir is as líonṁaireaċt an ċroiḋe laḃras an béal.


Líonaiḋ‐se, mar sin, tóṁas ḃúr sinnsear.


Aċt nuair do ċonnaic sé mórán de na Fairisíneaċaiḃ agus de na Saddúcíneaċaiḃ ag teaċt ċum baiste d’ḟáġáil uaiḋ, aduḃairt sé leo‐san: A ṡlioċt na naṫraċ niṁe, cia d’ḟógair orṫaiḃ‐se teiċeaṫ ó’n díḃḟeirg atá le teaċt?


Cibé duine atá i ḃfeirg le n‐a ḃráṫair, béiḋ seisean cionntaċ do’n ḃreiṫeaṁnas; agus cibé duine adéarfas, Racá, le n‐a ḃráṫair, béiḋ sé cionntaċ do’n Árd‐ċóṁairle, agus cibé duine adéarfas, A ṗleiḋce, béiḋ teine Gehenna tuillte aige.


Aduḃairt sé, d’á ḃriġ sin, leis an sluaġ do ċuaiḋ amaċ ċum go mbaistfeaḋ sé iad, A ṡlioċt na naṫraċ niṁe, cia d’ḟógair ḋaoiḃ‐se teiċeaḋ ó’n díḃfeirg atá le teaċt.


Is ó ḃúr n‐Aṫair, an diaḃal, siḃ‐se, agus is é mian ḃúr n‐aṫar is toil liḃ do ḋéanaṁ. Dúnṁarḃṫóir ab eaḋ eisean ó ṫosaċ, agus níor ṡeas sé sa ḃfírinne, óir ní ḟuil fírinne ann. Nuair do‐ḃeir sé an t‐éiṫeaċ, is uaiḋ féin laḃras sé: óir is bréagaire é, is é aṫair an éiṫiġ é.


Aċt is eagal liom, fá mar ṁeall an naṫair Éaḃa le n‐a ġliocas, go dtruailleoċaiḋe ḃur smaointe ar aon ċor ó’n tsimpliḋeaċt agus ó’n ngeanmnaiḋeaċt i dtaoḃ Ċríost.


naċ móide go mór, an measann siḃ, an pionós ḃéas tuilte ag an té do ṡatail fá ċois Mac Dé, agus ṫug tarcuisne d’ḟuil an ċonnarṫa le n‐ar naoṁuiġeaḋ é, agus ṫug masla do Spiorad an ġrása?


Taḃraiḋ aire gan eiteaċ do ṫaḃairt do’n té laḃras. Óir muna dtáinig an dream slán do ḋiúltuiġ do’n té ṫug raḃaḋ dóiḃ ar talaṁ, is luġa‐de ṫioċfaimíd‐ne slán má ṫugaimíd cúl do’n té do‐ḃeir raḃaḋ ó neaṁ anuas:


cionnas éalóċaimíd‐ne má ḋéanaimíd failliġe i slánuġaḋ ċóṁ mór sin? do fógruiġeaḋ ar dtús tríd an Tiġearna, agus do dearḃuiġeaḋ ḋúinn tré na daoiniḃ do ċuala é;


Agus do teilgeaḋ síos an dragún mór, an tsean‐naṫair niṁe, ar a dtugtar an Diaḃal agus Sátan, an té ṁeallas an saoġal ar fad; do teilgeaḋ síos é go dtalaṁ, agus do teilgeaḋ a aingle síos i n‐éinḟeaċt leis.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ