Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Maitiú 23:23 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

23 Is mairg daoiḃ, a scríoḃaiḋṫe agus a Ḟairisíneaċa, a luċt an ḟuar‐ċráḃaiḋ! óir gearrann siḃ deaċṁa ar ṁiontas, agus ar ainís, agus ar ċoimín, agus fágann siḃ na neiṫe is táḃaċtaiġe de’n dliġe gan déanam, cóir, agus trócaire, agus creideaṁ: aċt ba ċeart daoiḃ iad so do ċleaċtaḋ, gan failliġe do ḋéanaṁ ins na neiṫiḃ eile.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

23 Is mairg díḃ, a Scríoḃaiḋṫe agus a Ḟairisíneaċa, a ḃréag-ċráiḃṫeaċa: a ḋíolas deaċṁaḋ an ṁiontais, na h-amíse, agus an ċuimín, agus a d’ḟág gan ċóiṁlíonaḋ na neiṫe is truime san dliġe, cóir, agus trócaire, agus dílseaċt. Ba ċóir díḃ iad seo a ḋéanaṁ gan iad siúd eile d’ḟágáil gan déanaṁ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

23 Is mairg daoiḃ-se, a Sgríḃneóirí agus a Ḟairisíneaċa, a ċluanaiḋṫe: óir tugann siḃ deaċṁaḋ as an miontais agus as an ainise agus as an gcuimin, agus d’ḟágaḃair gan cóṁlíonaḋ na neiṫe is truime sa dlíġ, breiṫeaṁantas, agus trócaire, agus creideaṁ; ḃí sé ceart agaiḃ iad-san do ḋéanaṁ agus gan iad-súd do leigint ar lár.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

23 As anáoiḃinn dáoiḃ a sgríobuiḋe agus a Ḃṗairisíneaċa, a luċd an ḟúarċráḃaiḋ! oír gaḃṫáoi deaċṁuiḋ an ṁionntais agus na hainíse agus an ċoimin, agus leigṫí ṫaruiḃ an ċuid is táḃaċduiġ don dliġeaḋ, coṁṫrom, agus trocaire, agus firinne: do buḋ coir ḋáoiḃ íad so do ḋéanaṁ, agus gán íad súd dfágḃáil gan déanaṁ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Maitiú 23:23
16 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċt dá mb’eol daoiḃ créad is bun dó so, Trócaire is áil liom, agus ní h‐íoḋbairt, ní ḋaorfaḋ siḃ daoine atá neaṁ‐ċionntaċ.


Aċt is mairg daoiḃ‐se, a scríoḃaiḋṫe agus a Ḟairisíneaċa, a luċt an ḟuar‐ċráḃaiḋ! óir dúnann siḃ ríoġaċt na ḃflaiṫeas i n‐éadan na ndaoine: óir ní ṫéiġeann siḃ féin isteaċ, agus ní leigeann siḃ isteaċ iad‐san atá ag iarraiḋ dul isteaċ.


Aċt imṫiġiḋ agus foġlamaiḋ briġ na cainste sin. Trócaire is áil liom, agus ní h‐íoḋbairt: óir ní ċum na ḃfíréan do ġlaoḋaċ ṫáinig mé, aċt ċum na bpeacaċ do ġlaoḋaċ.


Aċt is mairg daoiḃ, a Ḟairisíneaċa! óir gearrann siḃ an deaċṁaḋ ar an miontas, agus ar an ruiḃ, agus ar gaċ uile luiḃ, agus ní ċuireann siḃ suim i mbreiṫeaṁnas ná i ngráḋ Dé: aċt ba ċeart daoiḃ aire do ṫaḃairt daoiḃ seo gan failliġe do ḋéanaṁ ionnta súd.


Do‐ġním troscaḋ ḋá uair sa tseaċtṁain, íocaim an deaċṁaḋ ar gaċ a ḃfaġaim.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ