Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Maitiú 22:24 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

24 agus d’ḟiafruiġeadar de, g‐á ráḋ, A ṁáiġistir, aduḃairt Maois, Dá ḃfaġaḋ duine bás gan slioċt, go bpósfaḋ a ḋearḃráṫair a ḃean, agus go dtógfaḋ sé clann d’á ḋearḃráṫair.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

24 Ag ráḋ: A ṁáiġistir, duḃairt Maoise: Má ġeiḃ duine bás gan mac, pósaḋ a ḋearḃráṫair a ḃean, agus tógaḋ sé slioċt dá ḋearḃráṫair.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

24 A Ṁáiġistir, duḃairt Maois, Má ġeiḃeann duine bás gan slioċt, pósaḋ a ḋriṫáir a ḃean, ionus go dtógfaḋ sé slioċt d’á ḋriṫáir.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

24 Ag ráḋ, A ṁaiġisdir, a duḃairt Máoisi, Dá ḃfagaḋ aonnduine bás, gan ċloinn aige, pósfuiḋ a ḋearḃraṫair a ḃen do ḋliġeaḋ coṁḟoguis, agus tóigeaḃuiḋ sé siól dá ḋearḃráṫair.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Maitiú 22:24
14 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ċuireadar ċuige a ndeisceabail i n‐éinḟeaċt le muinntir Ioruaiṫ, g‐á ráḋ, A ṁáigistir, atá a ḟios againn gur duine fírinneaċ ṫú, agus go múineann tú sliġe Dé i ḃfírinne, agus naċ ḃfuil beann agat ar aon duine: óir is cuma leat pearsa an duine.


Is aṁlaiḋ do ḃí móir‐ṡeisear dearḃráṫar ’n‐ár measc: agus do ṗós an ċéad duine bean, agus fuair sé bás, agus ó’s aṁlaiḋ naċ raiḃ aon ċlann aige, d’ḟág sé a ḃean ag a ḋearḃráṫair;


A ṁáiġistir, créad í an ṗríoṁ‐aiṫne de’n dliġe?


Ní h‐é gaċ aoinneaċ adéarfas liom, A Ṫiġearna, a Ṫiġearna, raċas isteaċ i ríoġaċt na ḃflaiṫeas; aċt an té do‐ġní toil m’Atar atá ar neaṁ.


A Ṁáiġistir, do scríoḃ Maois dúinn, Dá ḃfaġaḋ dearḃráṫair duine bás, agus dá ḃfágaḋ sé bean ’n‐a ḋiaiḋ, agus naċ ḃfágfaḋ sé clann, go nglacfaḋ a ḋearḃráṫair an ḃean, agus go dtógfaḋ sé slioċt d’á ḋearḃráṫair.


g‐á ráḋ, A Ṁáiġistir, do scríoḃ Maois dúinn, dá ḃfaġaḋ dearḃráṫair duine bás, agus bean ṗósta aige, agus gan clann aige, go nglacfaḋ a ḋearḃráṫair an ḃean, agus go dtógfaḋ sé slioċt d’á ḋearḃráṫair.


Ins an aiséirġe, má’s eaḋ, cia aca ḋíoḃ gur leis an ḃean? óir do ḃí sí ’n‐a mnaoi ag an móir‐ṡeisear uile.


Agus cad ċuige a nglaoḋann siḃ orm, A Ṫiġearna, a Ṫiġearna, agus naċ ndéanann siḃ a n‐abraim liḃ?


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ