Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Maitiú 22:16 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 Agus do ċuireadar ċuige a ndeisceabail i n‐éinḟeaċt le muinntir Ioruaiṫ, g‐á ráḋ, A ṁáigistir, atá a ḟios againn gur duine fírinneaċ ṫú, agus go múineann tú sliġe Dé i ḃfírinne, agus naċ ḃfuil beann agat ar aon duine: óir is cuma leat pearsa an duine.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

16 Agus ċuir siad a ndeisciobail féin mar aon le luċt leanaṁna Ioruaiḋ, ag ráḋ: A ṁáiġistir, is eol dúinn gur cainnteoir fíor ṫú, agus go dteagascann tú sliġe Dé go fírinneaċ, agus naċ ḃfuil beann agat ar ḋuine ar bit: óir ní ḋearcann tú ar ṗearsam daoine.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

16 Agus ċuireadar ċuige deisgiobuil leó féin i n-aonḟeaċt le muintir Héróid, ċun a ráḋ leis: A Ṁáiġistir, is eól dúinn gur duine fírinneaċ tu, agus go múineann tú slíġ Dé sa ḃfírinne, agus ná fuil beann agat ar aoinne; óir ní ḟéaċann tú ċun pearsan aon duine.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

16 Ar a naḋḃarsin cuirid síad a ndeisciobuil féin ċuige maille ré muinntir Iorúaiṫ, ag ráḋ, A ṁaiġisdir, a tá a ḟios aguinn gur ab duine fírinneaċ ṫusa, agus go dteagasgann tú slíġe De go fírinneaċ, agus naċ ḃfuil cás agad a náonnduine: óir ní ḟéaċann tú do ṗearsain na ndáoine.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Maitiú 22:16
36 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

agus d’ḟiafruiġeadar de, g‐á ráḋ, A ṁáiġistir, aduḃairt Maois, Dá ḃfaġaḋ duine bás gan slioċt, go bpósfaḋ a ḋearḃráṫair a ḃean, agus go dtógfaḋ sé clann d’á ḋearḃráṫair.


mar sin do’n dara duine, agus do’n treas duine, go dtí an seaċtṁaḋ duine.


Agus aduḃairt sé, Téiḋiḋ isteaċ sa gcaṫair ċum a leiṫéide seo de ḋuine, agus abraiḋ leis, Adeir an Máiġistir, Atá m’aimsir ag druidim liom; táim ag sollaṁnú na cásca id’ ṫiġ‐se i ḃfoċair mo ḋeisceabal.


Agus ar an láṫair ṫáinig sé ċum Íosa, agus aduḃairt sé.


Agus nuair do ḃí sé ag dul amaċ ar an mbealaċ, do riṫ fear ċuige, agus do ċaiṫ sé é féin ar a ġlúnaiḃ ’n‐a láṫair, agus d’ḟiafruiġ sé ḋe, A Ṁáiġistir ṁaiṫ, Créad do‐ġéanad‐sa ċum go ḃfaiġead an ḃeaṫa ṡíorraiḋe mar oiġreaċt?


Agus do ċuireadar ċuige cuid de na Fairisíneaċaiḃ, agus de ṁuinntir Ioruaiṫ, ċum go gcuirfidís i dteannta é sa gcainnt.


Agus nuair ṫángadar, aduḃradar leis, A Ṁáiġistir, atá a ḟios againn gur duine fírinneaċ ṫú, agus naċ ḃfuil beann agat ar aoinneaċ: óir is cuma leat pearsa aon duine, aċt múineann tú sliġe Dé de réir na fírinne. An dleaġṫaċ cáin do ṫaḃairt do Ċéasar, nó gan a taḃairt?


Agus d’imṫiġ na Fairisíniġ amaċ, agus ar an laṫair do ġlacadar cóṁairle le muinntir Ioruaiṫ ’n‐a aġaiḋ, agus iad ag iarraiḋ sliġe do ċeapaḋ le n‐a ṁilleaḋ.


Agus ṫug sé foláireaṁ ḋóiḃ, ’g‐á ráḋ, Féaċaiḋ, seaċnaiḋ laiḃín na ḃFairisíneaċ, agus laiḃín Ioruaiṫ.


Agus do ċuireadar ceist air, g‐á ráḋ, A Ṁáiġistir, atá a ḟios againn go laḃrann agus go múineann tú mar is ceart, agus naċ ḃfuil beann agat ar ṗearsain, aċt go múineann tú sliġe Dé de réir na fírinne:


Agus d’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé leis, A Ṡíomóin, atá focal agam le ráḋ leat. Agus aduḃairt seisean, Abair leat, a Ṁáiġistir.


Aduḃairt Íosa leis, Is mise an tsliġe, agus an ḟírinne, agus an ḃeaṫa: ní ṫig aoinneaċ ċum an Aṫar aċt aṁáin tríom‐sa.


Annsin aduḃairt Píoláid leis, An rí ṫú mar sin? D’ḟreagair Íosa, Mar adeirir, is rí mé. Ċuige sin rugaḋ mé, agus ċuige sin ṫánag ar an saoġal, ċum go dtiuḃrainn fiaḋnaise do’n ḟírinne. Gaċ duine atá ar ṫaoḃ na fírinne, éisteann sé lem ġlór.


An té laḃras uaiḋ féin, is í a ġlóir féin loirgeas sé; aċt an té loirgeas glóir an té do ċuir uaiḋ é, ata seisean fírinneaċ, agus ní ḟuil mí‐ċneastaċt ann.


Óir ní mar an ṁór‐ċuid ḃímíd, ag truailliú Briaṫair Dé: aċt laḃraimíd i gCríost le fíre, mar ḃéaḋ ó Ḋia, i ḃfiaḋnaise Dé.


aċt ṫugamar cúl leis na neiṫiḃ náireaċa cleaċtar fá rún, agus ní ḃímíd ag siuḃal i ngliocas, ná ag truailliú briaṫair Dé, aċt, ag foillsiú na fírinne ḋúinn, tuillimíd molaḋ i gcoinsias gaċ duine i ḃfiaḋnaise Dé.


Ar an aḋḃar sin, ní aiṫniġmíd aon duine feasta do réir na colna: má’s fíor féin go raiḃ aiṫne againn ar Ċríost do réir na colna, ní ḟuil aiṫne againn air ar an gcuma sin anois.


Óir an é do ḋaoiniḃ, nó do Ḋia go ḃfuilim d’iarraiḋ sásaṁ do ṫaḃairt? nó an ḃfuilim d’iarraiḋ taiṫneaṁ do ṫaḃairt do ḋaoiniḃ? Dá mbéinn fós d’iarraiḋ taiṫneaṁ do ṫaḃairt do ḋaoiniḃ, ní ḃéinn im’ ṡeirḃíseaċ ag Críost.


Aċt uaṫa‐san ba ṁó le ráḋ (is cuma liom‐sa cionnas mar ḃíodar roiṁe sin: ní ġlacann Dia le pearsain an duine), iad‐san, adeirim, ba ṁó clú, níor roinneadar éinniḋ orm:


aċt, fá mar ṁeas Dia gur fiú sinn cúram an tsoiscéil, is aṁlaiḋ laḃraimíd d’á réir sin; ní mar ḃéimís d’iarraiḋ daoine do ṡásaṁ, aċt Dia go‐ġní teastas ar ár gcroiḋeaċaiḃ.


Aċt an eagnaiḋeaċt atá ó neaṁ anuas, i gcéadóir atá sí glan‐úr, síoṫċánta, leis sin, ceannsa, so‐ċóṁairleaċ, gan cealg, gan fimíneaċt.


Agus is eol dúinn go dtáinig Mac Dé, agus go dtug sé tuigsin dúinn ċum an té atá fírinneaċ d’aiṫint, agus atáimíd‐ne san té atá firinneaċ, ’n‐a Ṁac Íosa Críost.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ