Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Maitiú 21:15 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

15 Aċt nuair do ċonnaic uaċtaráin na sagart agus na scríoḃaiḋṫe na rudaí éaċtaċa do‐rinne sé, agus na leanḃaí do ḃí ag glaoḋaċ ós árd sa teampall, g‐á ráḋ, Hósanná do ṁac Ḋáiḃi; ṫáinig fearg orṫa, agus aduḃradar leis, An gcluin tú créad adeir siad so?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

15 Agus nuair a ċonnaic uaċtaráin na sagart agus na Scríoḃaiḋṫe na h-iongantaisí a rinne sé, agus na páistí ag glaoḋaċ san teampall, agus ag ráḋ: Hosanna do Ṁac Ḋáiḃiḋ: ḃí ḟearg orṫa,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

15 Agus nuair a ċonaic uaċtaráin na sagart, agus na Sgríḃneóirí, na h-iongnaí a ḋein sé, agus an t-aos óg sa teampul ag liúiriġ, Hósanna do Ṁac Dáiḃid; ṫáinig fearg orṫa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

15 Agus an tan do ċonncadar úaċdaráin na sagart agus na sgríobuiḋe na míorḃuile do rinne sé, agus na leiniḃ ag éiġṁe sa teampoll, agus ag ráḋ, Hósanna do ṁac Ḋáiḃí; Do ġaḃadar ċuca go feargaċ é,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Maitiú 21:15
20 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus nuair do‐ċuala an deiċneaḃar é, d’éiriġ siad mí‐ṡásta go mór leis an mbeirt dearḃráṫar.


Agus nuair ṫáinig sé isteaċ sa teampall, ṫáinig uaċtaráin na sagart agus seanóirí an ṗobail ċuige, agus é ag teagasc, agus aduḃradar, Créad é an t‐uġdarás atá agat‐sa ċum na neiṫe seo do ḋéanaṁ? agus cia ṫug an t‐uġdarás sin duit?


Agus na sluaiġte do ḃí ar tosaċ roiṁe, agus siad‐san do lean ’n‐a ḋiaiḋ, do tógadar gáir, g‐á ráḋ, Hósanná do ṁac Ḋáiḃi; Is beannuiġṫe an té atá ag teaċt i n‐ainm an Tiġearna; Hósanná ins na h‐áiteannaiḃ is aoirde!


Cad é ḃúr dtuairim de’n Ċríost? cia dar ab mac é?


Annsin do ċruinniġ uaċtaráin na sagart, agus seanóirí an ṗobail le ċéile i gcúirt an árd‐ṡagairt, dárḃ ainm Cáiafas;


Agus do ḃí uaċtaráin na sagart agus an árd‐ċóṁairle uile ag iarraiḋ fiaḋnaise ḃréige d’ḟáġáil i n‐aġaiḋ Íosa, go ndaorfaidís ċum báis é;


Agus nuair do ḃí an ṁaidin ann, do ċuaiḋ uaċtaráin na sagart agus seanóirí an ṗobail i ndáil cóṁairle i n‐aġaiḋ Íosa, ċum go gcuirfidís ċum báis é:


Do spreag uaċtaráin ná sagart agus na seanóirí an sluaġ, áṁ, ċum Barabbas d’iarraiḋ, agus ċum Íosa do ċur ċum báis.


Agus ag imṫeaċt d’Íosa as an áit sin, do lean beirt dall é ag éiġiṁ, agus g‐á ráḋ, Déan trócaire orainne, a ṁic Ḋáiḃi.


Agus do‐ċuala uaċtaráin na sagart agus na scríoḃaiḋṫe é, agus do ḃíodar ag iarraiḋ caoi d’ḟáġáil le n‐a ṁilleaḋ: óir do ḃí eagla orṫa roiṁe, de ḃriġ go ndearna an sluaġ uile iongnaḋ d’á ṫeagasc.


Agus ṫarla, lá aṁáin, agus é ag teagasc na ndaoine sa teampall, agus ag craoḃscaoileaḋ an tsoiscéil, go dtáinig ċuige uaċtaráin na sagart agus na scríoḃaiḋṫe i n‐éinḟeaċt leis na seanóiriḃ;


Agus do ḃí uaċtaráin na sagart agus na scríoḃaiḋṫe ag iarraiḋ cionnas ċuirfidís ċum báis é; óir do ḃí eagla na ndaoine orṫa.


Agus nuair ṫáinig an lá, do ċruinniġ seanóirí an ṗobail le ċéile, idir uaċtaránaiḃ na sagart agus na scríoḃaiḋṫiḃ; agus ṫugadar eisean isteaċ ’n‐a n‐árd‐ċóṁairle,


Agus do ḃí órdú tugṫa ag uaċtaránaiḃ na sagart agus ag na Fairisíneaċaiḃ, dá mb’ eol d’aoinneaċ cá raiḃ sé, a innsin, go ngaḃfaidís é.


Aduḃairt na Fairisíniġ, d’á ḃriġ sin, eadorṫa féin, Do‐ċí siḃ naċ ḃfuil ag éirġe liḃ ar ċor ar biṫ: féaċ, atá an saoġal go léir imṫiġṫe ’n‐a ḋiaiḋ.


Agus nuair do ḃí a ḟios ag an Tiġearna go gcuala na Fairisíniġ go raiḃ deisceabail d’á ndéanaṁ agus d’á mbaisteaḋ aige de ḃreis ar Eoin


Naċ nduḃairt an scrioptúir gur de ṡíol Dáiḃí, agus ó Ḃeiṫil, baile Ḋáiḃi, atá an Críost le teaċt?


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ