Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Maitiú 20:30 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

30 Agus féaċ, beirt dall do ḃí ’n‐a suiḋe le cois an ḃealaiġ, nuair do‐ċualadar gurḃ é Íosa do ḃí ag gaḃáil ṫart, do liúġadar, g‐á ráḋ, A Ṫiġearna, a ṁic Ḋáiḃi, déan trócaire orainn.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

30 Agus féaċ, ḋá ḋall a ḃí ina suiḋe ar ṫaoiḃ an ḃóṫair, nuair a ċuala siad go raiḃ Íosa ag dul ṫart, scairt siad amaċ, ag ráḋ: A Ṫiġearna, a Ṁic Ḋáiḃiḋ, déan trócaire orainn.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

30 Agus féaċ, ḃí beirt dall ’n-a suiḋe i n-aice an ḃóṫair, agus d’airiġeadar gur ḃ’é Íosa a ḃí ag gaḃáil ann, agus do liúġadar: A Ṫiġearna, ar siad; déin trócaire orainn, a Ṁic Dáiḃid.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

30 Agus, féuċ, días do ḋáoiniḃ dalla do ḃí na suiḋe ċois na sliġe, an tráṫ do ċúaladar go ráiḃ Iósa ag gaḃail ṫársa, do éiġṁeadar, ag raḋ, Déana trócaire oruinu, a Ṫiġearna, a Ṁic Ḋáḃí.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Maitiú 20:30
21 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

agus ag cur an tsíl dó, ṫuit cuid de le h‐ais an ḃealaiġ ṁóir, agus ṫáinig na h‐éanlaiṫe agus d’iṫeadar é: agus do ṫuit cuid eile ḋe ar ṫalaṁ cloċaċ,


Agus féaċ, ṫáinig bean Ċanáníteaċ amaċ as na críoċaic sin, agus do liúiġ sí, g‐á ráḋ, Déan ṫrócaire orm‐sa, a Ṫiġearna, a Ṁic Ḋáiḃi; atá m’inġean d’á ciapaḋ go millteaċ ag deaṁan.


Agus do ḃagair an sluaġ orṫa ḃeiṫ ’n‐a dtost: aċt do b’aoirde do ġlaoḋadar amaċ, A Ṫiġearna, a ṁic Ḋáiḃi, déan trócairé orainn.


Agus ṫáinig na daill agus na bacaiġ ċuige sa teampall: agus do leiġeas sé iad.


Agus na sluaiġte do ḃí ar tosaċ roiṁe, agus siad‐san do lean ’n‐a ḋiaiḋ, do tógadar gáir, g‐á ráḋ, Hósanná do ṁac Ḋáiḃi; Is beannuiġṫe an té atá ag teaċt i n‐ainm an Tiġearna; Hósanná ins na h‐áiteannaiḃ is aoirde!


Cad é ḃúr dtuairim de’n Ċríost? cia dar ab mac é?


Agus ṫángadar go h‐Ieriċó: agus ag imṫeaċt dó‐san agus d’á ḋeisceablaiḃ as Ieriċó, agus sluaġ mór daoine i n‐éinḟeaċt leo, do ḃí Bartiméus dall, mac Ṫiméuis, ’n‐a ṡuiḋe le cois an ḃealaiġ agus é ag iarraiḋ déirce.


Ata Spiorad an Tiġearna orm, De ḃriġ gur ong sé mé ċum déiġ‐scéala do ċraoḃscaoileaḋ do na boċtaiḃ: Do ċuir sé uaiḋ mé ċum fuascailt d’ḟógairt do na braiġdeánaiḃ, Agus raḋarc do na dallaiḃ, Ċum saoirse do ṫaḃairt dóiḃ‐sean atá brúiġte,


Agus an uair ċéadna sin do leiġeas sé mórán daoine ó ġalaraiḃ, agus ó aicídiḃ, agus ó ḋroċ‐spioraidiḃ; agus ṫug sé raḋarc do ṁórán dall,


Ó ba fáiḋ é, agus ó ḃí a ḟios aige gur ḋearḃuiġ Dia fá ḃriġ na mionn, go gcuirfeaḋ sé duine d’á ṡlioċt ’n‐a ṡuiḋe ’n‐a ríoġ‐ċaṫaoir;


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ