Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Maitiú 20:21 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

21 Agus aduḃairt sé léi, Créad atá uait? Aduḃairt sise leis, Taḃair órdú go suiḋfiḋ mo ḃeirt ṁac so, duine aca ar do láiṁ ḋeis, agus duine aca ar do láiṁ ċlé id’ ríoġaċt.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

21 Agus duḃairt sé léi: Cad é is toil leat? Deir sise leis: Abair go suiḋfiḋ an ḃeirt ṁac seo agam, duine ar do ḋeis agus duine ar do ċlí, i do ríoġaċt.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

21 Agus duḃairt sé léi: Cad ’tá uait? Duḃairt sí leis: Abair go suiḋfid an ḃeirt ṁac so liom-sa, duine acu ar do ḋeis, agus duine acu ar do ċlí ad’ ríġeaċt.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

21 Agus a duḃairt seisean ría, Créd í do ṫoil? A deir sis iris, Abair go suiḋfid an diás macso agamsa, aón aca ar do láiṁ ḋeis, agus aon eile ar do láiṁ ċlé, ad rioġaċd.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Maitiú 20:21
24 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Le n‐a linn sin ṫáinig na deisceabail ċum Íosa, g‐á ráḋ, Cé h‐é an duine is mó i ríoġaċt na ḃflaiṫeas?


Agus duḃairt Íosa leo, Go fírinneaċ adeirim liḃ, nuair ṡuiḋfeas Mac an Duine i gcaṫaoir a ġlóire, san aiṫ‐ġeineaṁain, siḃ‐se do lean mé, suiḋfiḋ siḃ ar ḋá ċaṫaoir déag, ag breiṫ breiṫe ar ḋá ṫreiḃ déag Israel.


Aċt d’ḟreagair Íosa, agus aduḃairt, Ní fios daoiḃ créad iarras siḃ. An cupán ólfad‐sa an féidir liḃ‐se a ól? Aduḃradar‐san leis, Is féidir linn.


Agus do stad Íosa mar a raiḃ sé, agus do ġlaoḋ sé ċuige iad, agus aduḃairt sé, Créad do b’áil liḃ do‐ġéanainn daoiḃ?


Agus d’ḟreagair Íosa, agus aduḃairt sé, Créad ba ṁian leat do‐ġéanainn duit? Agus aduḃairt an dall leis, A Ṁáiġistir, mo raḋarc ṫaḃairt dom.


Agus, tar a éis do’n Tiġearna Íosa laḃairt leo, do gaḃaḋ suas ar neaṁ é, agus do ṡuiḋ sé síos ar ḋeas‐láiṁ Dé.


agus nuair ṫáinig inġean Héródias féin isteaċ, agus do rinne daṁsa, do ċuir sí ríméad ar Ioruaṫ agus orṫa‐san do ḃí ’n‐a suiḋe ag iṫe ’n‐a ḟoċair; agus aduḃairt an rí leis an gcailín, Iarr orm‐sa rud ar biṫ is maiṫ leat, agus do‐ḃéarfad duit é.


Créad ba ṁian leat mise do ḋéanaṁ ḋuit? Agus aduḃairt seisean, A Ṫiġearna, mo raḋarc ṫaḃairt dom.


Le linn éisteaċa ḋóiḃ leis an ṁéid sin, do lean sé air, agus do laḃair sé saṁlaoid, óir do ḃí sé i ngar d’Iarúsalem, agus do ṁeasadar‐san go raiḃ ríoġaċt Dé le taiḋḃsiú ar ball.


Agus d’éiriġ diospóireaċt eadorṫa, cia aca ḋíoḃ do measfaiḋe ba ṁó.


Má ḟanann siḃ ionnam‐sa, agus má ḟanann mo ḃriaṫra ionnaiḃ‐se, iarraiḋ niḋ ar biṫ is mian liḃ, agus do‐ġéantar daoiḃ é.


Agus, ar mbeiṫ ḋóiḃ i ḃfoċair a ċéile, d’fiafruiġeadar de, g‐á ráḋ, A Ṫiġearna, an é seo an t‐am ’n‐a dtiuḃraiḋ tú an ríoġaċt ar ais d’Israel?


Le teas‐ġráḋ bráṫarḋa bíoḋ an‐ċion agaiḃ ar a ċéile; gaċ duine agaiḃ ag géilleaḋ d’á ċéile i gcúrsaiḃ onóra;


Fuair Críost bás, nó, dob ḟearr a ráḋ, d’aiséiriġ sé, agus atá sé ar ḋeasláiṁ Dé, agus do‐ġní sé eadarġuiḋe ar ár son.


Uime sin, má tá siḃ aiséirġṫe i n‐éinḟeaċt le Críost, loirgiḋ na neiṫe atá ṫuas mar a ḃfuil Críost ’n‐a ṡuiḋe ar ḋeaslaiṁ Dé.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ