Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Maitiú 20:11 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 Agus nuair fuaradar é do ḃíodar ag cannrán i n‐aġaiḋ an ḟir tiġe,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

11 Agus nuair a fuair siad é, ṫoisiġ siad a ṁonaḃar i n-aġaiḋ ṁáiġistir an tiġe,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

11 Nuair a fuaradar é ċromadar ar ċeisneaṁ i n-aġaiḋ an ḟir ṫiġe,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

11 Agus ar na ġlacaḋ ḋóiḃ, do rinneadar monaḃar a naġuiḋ ḟir ṁaiṫ an tiġe,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Maitiú 20:11
14 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus nuair ṫáinig an ċéad dream, do ṁeasadar go ḃfuiġdís níba ṁó; agus fuaradar‐san, leis, pinginn an duine.


g‐á ráḋ, Níor oibriġ an dream deireannaċ so aċ uair aṁáin, agus do ċuiris‐se ar aon ċoṁṫrom leo sinne d’ḟulang cruaḋtan an lae agus an broṫall.


Óir do b’ḟéidir an uinneimeint so do ḋíol ar níos mó ’ná trí céad pinginn, agus a taḃairt do na boċtaiḃ. Agus do ḃíodar díombuiḋeaċ ḋí.


Agus dorinne na Fairisíniġ agus na scríoḃaiḋṫe gearán, g‐á ráḋ, Fáiltiġeann an fear so roiṁ na peacaċaiḃ, agus iṫeann sé ’n‐a gcuiḃreann.


Agus nuair do ċonnacadar uile sin, do ḃíodar ag ceisneaṁ go mí‐ċéadfaċ, g‐á ráḋ, Do ċuaiḋ sé ar aoiḋeaċt isteaċ ag fear atá ’n‐a ṗeacaċ.


Agus do ḃí na Fairisíniġ agus a scríoḃaiḋṫe ag ceasaċt le n‐a ḋeisceablaiḃ, g‐á ráḋ, Cad ċuige ḋaoiḃ‐se ḃeiṫ ag ól agus ag iṫe i gcuideaċtain poibleacán agus peacaċ?


Agus do ḃí na h‐Iúdaiġ ag ceisneaṁ ’n‐a ṫaoḃ, toisc go nduḃairt sé, Is mise an t‐arán ṫáinig anuas ó neaṁ.


Aċt, ó ḃí a ḟios ag Íosa go raiḃ a ḋeiseabail ag cannrán ’n‐a ṫaoḃ so, aduḃairt sé leo, An ḃfuil sin ’n‐a ċás oraiḃ?


Aċt nuair do ċonnaic na h‐Iúdaiġ na sluaiġte, do líonadar d’éad, agus do ċuireadar i gcoinniḃ na neiṫe do laḃair Pól, agus ṫugadar masla ḋó.


’g‐ár gcosc ar laḃairt leis na Cineaḋaċaiḃ ċum iad do ṡlánú; ag méadú a bpeacaiḋe de ṡíor; aċt atá ḋíḃeirg tagṫa go h‐iomlán orṫa.


Luċt claṁsáin, luċt cannráin is eaḋ a leiṫéidí, ag siuḃal do réir a n‐ainṁianta féin (agus focail ṁóra, maoiḋteaċa ’n‐a mbéal aca), ag taḃairt ómóis do ḋaoiniḃ le súil go ḃfaiġiḋ siad brabaċ dóiḃ féin.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ