Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Maitiú 2:15 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

15 D’ḟan sé annsin go bás Ioruaiṫ, ċum go gcóiṁlíonfaiḋe an focal aduḃairt an Tiġearna tríd an ḃfáiḋ: As an Éigipt do ġlaoḋas mo ṁac.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

15 Agus ḃi sé annsin go bás Ioruaid: ionnas go gcóiṁlíontaí an rud a duḃairt an Tiġearna tríd an ḟáiḋ, a duḃairt: Ġoir mé ar mo ṁac as an Éigipt.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

15 agus ḃí sé sa n-áit sin ċun go ḃfuair Héród bás; Ionus go gcóṁlíonfaí an focal aduḃairt an Tiġearna tré ḃéal an ḟáiḋ, nuair aduḃairt sé: As an Éigipt do ġlaoḋas mo ṁac.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

15 Agus do ḃí se ann sin go bás Iorúaiṫ: do ċum go gcoiṁlíonfuiġṫe an ní a duḃairt an Tiġearna leis an ḃfaiġ, a deir, Do ġoir mé mo ṁac as a Néigipt.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Maitiú 2:15
21 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ṫuit seo amaċ ċum go gcóiṁlíonfaiḋe an niḋ aduḃairt an Tiġearna tríd an ḃfáiḋ, g‐á ráḋ,


Agus d’éiriġ seisean, agus do ṫóg sé leis an leanḃ agus a ṁáṫair san oiḋċe, agus d’imṫiġ sé do’n Éigipt.


Annsin do cóiṁlíonaḋ na briaṫra aduḃairt Ieremias fáiḋ:


Agus nuair do cailleaḋ Ioruaṫ, féaċ, do taiḋḃriġeaḋ aingeal an Tiġearna i n‐aisling do Ṡeosaṁ san Éigipt,


agus do ċóṁnuiġ sé i mbaile mór ar a dtugtar Nasair: ċum go gcóiṁlíonfaiḋe na briaṫra aduḃairt na fáiḋe: goirfear Nasarḋa ḋe.


Agus ṫáinig sin ċum críċe, ċum go gcóiṁlíonfaiḋe tarngaireaċt an ḟáiḋ, mar aduḃairt sé,


Aċt cionnas do cóiṁlíonfaiḋe mar sin na scrioptúirí adeir gur mar seo caiṫfear a ḃeiṫ?


Aċt ṫáinig an méid seo ċum críċe ionnas go gcóiṁlíonfaiḋe scrioptúirí na ḃfáiḋ. Annsin do ṫréig na deisceaḃail go léis é, agus do ṫeiċeadar.


Agus nuair do ċéasadar é, do roinneadar a ċuid éadaiġe eadorṫa, g‐á gcur ar crannaiḃ: agus do ṡuiḋeadar ag faire air.


ċum go gcóiṁlíonfaiḋe an briaṫar aduḃairt Ésáias fáiḋ, Do ġaḃ sé ċuige féin ár n‐aicídeaċa, agus d’ḟulaing sé ár ngalair.


Agus aduḃairt sé leo, Is iad so na briaṫra do laḃras liḃ, an ḟaid do ḃíos fós ’n‐ḃúr ḃfoċair, gurḃ éigean gaċ a ḃfuil scríoḃṫa i reaċt Ṁaoise, agus ins na fáiḋiḃ, agus ins na salmaiḃ, im’ ṫaoḃ‐sa, do ċóiṁlíonaḋ.


I n‐a ḋiaiḋ sin, ó ḃí a ḟios ag Íosa go raiḃ gaċ niḋ críoċnuiġṫe, ionnas go gcóiṁlíonfaiḋe an scrioptúir, aduḃairt sé, Atá tart orm.


Óir ṫáinig an méid sin ċum críċe ċum go gcóiṁlíonfaiḋe an scrioptúir, Cnáṁ de ní brisfear.


agus aduḃairt, A ḃráiṫreaċa, ní foláir go gcóiṁlíonfaiḋe an scrioptúir, do ṫairngir an Spiorad Naoṁ tré ḃéal Dáiḃi i dtaoḃ Iúdáis, an té do ṫreoruiġ iad‐san go ġaḃ Íosa.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ