Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Maitiú 19:22 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

22 Aċt nuair do‐ċuala an t‐ógánaċ na briaṫra sin, d’imṫiġ sé agus cuṁa air, óir ba ḋuine é ag a raiḃ raċmas mór.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

22 Aċt nuait a ċuala an t-óigḟear an ċainnt sin, d’imṫiġ sé fá ḃrón; óir ba duine é a raiḃ saiḋḃreas mór aige.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

22 Nuair airiġ an t-ógánaċ an ċaint sin, áṁṫaċ, d’imṫiġ sé agus é go buarṫa; mar fear ab eaḋ é go raiḃ mórán saiḋḃir aige.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

22 Agus an tráṫ dó ċúaluiḋ an tógánaċ an coṁraḋsin, do imṫiġ sé go doḃrónaċ: oír do ḃí iomad saidḃris aige.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Maitiú 19:22
17 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus an duine ’n‐ar cuireaḋ an síol sa drisleaċ, is é sin an té do‐ċluin an briaṫar; agus taċtann cúram an tsaoġail, agus meallaḋ an tsaiḋḃris an briaṫar, agus bíonn sé gan toraḋ.


Agus do ġaḃ doilġeas an rí; aċt mar ġeall ar na mionnaiḃ, agus mar ġeall orṫa‐san do ḃí ’n‐a suiḋe ’n‐a ċuiḃreann, d’órduiġ sé a ṫaḃairt dí;


Óir cad é a ṫairḃe do ḋuine dá ngnóṫuiġeaḋ sé an doṁan go h‐iomlán, agus a anam do ċailleaṁain? nó cad í an ṁalairt ḋéanfas duine ar a anam féin?


Aduḃairt Íosa leis, Má’s maiṫ leat ḃeiṫ gan loċt, imṫiġ, díol a ḃfuil agat, agus taḃair a luaċ do na boċtaiḃ, agus béiḋ maoin ar neaṁ agat: agus tar, lean mise.


Agus aduḃairt Íosa le n‐a ḋeisceablaiḃ, Go fírinneaċ adeirim liḃ, Is ar éigean a raċas duine saiḋḃir isteaċ i ríoġaċt na ḃflaiṫeas.


Ní féidir d’aoinneaċ seirḃís do ḋéanaṁ do ḋá ṁáiġistir: óir béiḋ fuaṫ aige do ḋuine aca, agus gráḋ do’n duine eile: nó claoiḋfiḋ sé le duine aca, agus béiḋ droċ‐ṁeas aige ar an duine eile. Ní féidir ḋaoiḃ seirḃís do ḋéanaṁ do Ḋia agus do Ṁammon.


Aċt ar gclos na cainnte sin dó, ṫáinig cuma an ḃróin ar a éadan, agus d’imṫiġ sé go h‐atuirseaċ, mar ba ḋuine é ag a raiḃ mórán saiḋḃris.


Agus do ḃí doilġeas mór ar an riġ; aċt mar ġeall ar a ṁionnaiḃ, agus mar ġeall ar na daoiniḃ do ḃí ’n‐a suiḋe ag iṫe, níor ṁaiṫ leis diúltaḋ ṫaḃairt dí.


Aċt ar n‐a ċlos sin dó‐san, d’éiriġ sé brónaċ go mór; óir do ḃí sé an‐tsaiḋḃir.


Go fírinneaċ adeirim liḃ, go ndéanfaiḋ siḃ‐se gol agus caoineaḋ, aċt béiḋ áṫas ar an saoġal: béiḋ brón oraiḃ‐se, aċt aṫróċar ḃúr mbrón ċum gáirdeaċais.


Óir bíoḋ a ḟios agaiḃ go maiṫ naċ ḃfuil oiḋreaċt ar biṫ i ríoġaċt Ċríost agus Dé ag striapaċ, ná ag duine neaṁ‐ġlan, ná ag duine sanntaċ, is é sin ioḋal‐aḋraṫóir.


Uime sin marḃuiġiḋ ḃur mbaill atá ar talaṁ; striapaċas, neaṁ‐ġlaine, ainṁianta, droċ‐ċlaonta, agus sainnt — íoḋal‐aḋraḋ is eaḋ í;


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ