Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Maitiú 18:17 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

17 Agus má ḋiúltuiġeann sé d’éisteaċt leo‐san, innis do’n eaglais é: agus má ḋiúltuiġeann sé d’éisteaċt leis an eaglais, bíoḋ sé ’n‐a Ṗágánaċ agus ’n‐a ṗoibleacán agat.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

17 Agus muna n-éistiḋ sé leoḃṫa-san, innis do’n eaglais. Agus muna n-éistiḋ sé leis an eaglais, bíoḋ sé mar an págánaċ agus an puibliocánaċ agat.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

17 Agus mura n-éistiḋ sé leó san, innis do’n eaglais é; agus mura n-éistiḋ sé leis an eaglais, bíoḋ sé ’n-a ṗágánaċ nó ’n-a ṗuibliocánaċ agat.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

17 Agus ma ḋíultann sé iádsan déisdeaċd, innis do neagluis: agus ma ḋíultann sé a neagluis déisdeaċd, bíoḋ meas pagánuiġ agus puibliocáin agad air.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Maitiú 18:17
27 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Pilib agus Parṫalán; Tomás, agus Maṫa, poibleacán; Séamas mac Alfaeuis, agus Taddéus;


Ṫáinig Mac an Duine ag iṫe agus ag ól, agus is é adeirid, Féaċ an duine craosaċ, agus póitire an ḟíona, cara na bpoibleacán agus na bpeacaċ! Aċt ċeana is le n‐a gníoṁarṫaiḃ fíorṫar an eagna.


Óir má ṫugann siḃ gráḋ ḋóiḃ‐sean aṁáin ag a ḃfuil gráḋ ḋaoiḃ‐se, créad atá tuillte agaiḃ ḋá ḃárr? Naċ ndéanann na poibleacáin féin é sin?


Agus nuair ḃíos siḃ ag déanaṁ urnaiġe, ná biḋiḋ ag siollaireaċt cainnte ar nós na bPágánaċ, gur dóiġ leo go n‐éistfear leo as méid a mbíonn le ráḋ aca.


Agus do ḃí na poibleacáin agus na peacaiġ uile ag teaċt ċuige ag éisteaċt leis.


Do ṡeas an Fairisíneaċ agus do‐rinne sé a ġuiḋe ’n‐a aigne féin ar an gcuma so, A Ḋia, do‐ḃeirim a ḃuiḋeaċas leat naċ mar a ċéile mise agus daoine eile, foġlaiḋṫe, agus luċt éagcóra, agus luċt aḋaltrannais, ná fós duine de ṡaġas an ṗoibleacáin seo.


Do scríoḃas ċugaiḃ im’ litir gan baint ḃeiṫ agaiḃ le luċt striapaċais;


An láṁann aoinneaċ agaiḃ, go ḃfuil cúis aige i n‐aġaiḋ duine eile, an ċúis do ṗléiḋe os cóṁair luċta na h‐éagcóra, i n‐ionad an ċúis do ċur fá ḃreiṫ na naoṁ?


Órduiġmíd daoiḃ anois, a ḃráiṫre, i n‐ainm ár dTiġearna Íosa Críost, druidim ó gaċ bráṫair atá ag maireaċtain go fallsa, agus naċ do réir an teagaisc fuaradar uainne.


conspóidí daoine droċ‐aigeantaċ atá dall ar an ḃfírinne, ṁeasas gur aḋḃar tairḃe an cráḃaḋ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ