Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Maitiú 18:15 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

15 Agus má ṗeacuiġeann do ḃráṫair id’ aġaiḋ, imṫiġ, agus ceartuiġ é idir ṫú féin agus é féin: má éisteann sé leat, atá do ḃráṫair buaiḋte agat.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

15 Aċt má ċionntuiġeann do ḃráṫair i d’aġaiḋ, imṫiġ, agus ceartuiġ é eadar ṫú féin agus é féin aṁáin. Má éisteann sé leat, béiḋ do ḃráṫair buaiḋte agat.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

15 Aċ má ḋeineann do ḃráṫair beart ad’ ċoinniḃ, imṫiġ agus cóṁairliġ é idir ṫu féin agus é féin aṁáin. Má éisteann sé leat, tá do ḃráṫair buaiḋte agat.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

15 Aċd ma ṗeacuiġeann do ḋearḃraṫair ad aġuiḋ, imṫiġ agus spreag é eadrad féin agus é féin aṁain: agus má éisteann sé riot, do ġnoḋuiġ tú do ḋearḃráṫair.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Maitiú 18:15
21 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Ar an gcuma ċéadna ní toil le n‐ḃúr nAṫair atá ar neaṁ go gcaillfiḋe aoinneaċ de’n ṁuinntir ḃig seo.


Annsin ṫáinig Peadar ċuige, agus aduḃairt sé leis, A Ṫiġearna, Créad a ṁionca ḋéanfas mo ḃráṫair coir im’ aġaiḋ, agus go maiṫfead dó é? seaċt h‐uaire, an eaḋ?


Agus is mar sin ḋéanfas m’Aṫair neaṁḋa ḋaoiḃ‐se, muna maiṫfiḋ gaċ aon duine agaiḃ d’á ḃráṫair ó ċroiḋe.


Ná leig do’n olc buaiḋ do ḃreiṫ ort, aċt beir‐se buaiḋ ar an olc le maiṫeas.


Mar sin de, ag peacú i n‐aġaiḋ na mbráṫar agus ag lot a gcoinsiais laig, is aṁlaiḋ ṗeacuiġeas siḃ i n‐aġaiḋ Ċríost.


D’á ḃíṫin sin, má scríoḃas féin ċugaiḃ, ní ar son an té do‐rinne an éagcóir é, ná ar son an té d’ḟulaing í, aċt ċum go mbéaḋ ḃur ndíoġrais ’n‐ár dtaoḃ‐na soiléir i ḃfiaḋnaise Dé.


A ḃráiṫre, má beirtear ar ḋuine i míġníoṁ ar biṫ, siḃ‐se atá spioradálta, cuiriḋ i gceart é le spiorad ceannsaċta; ag féaċaint ċugat féin ar eagla go gcurtar caṫú ort.


ag foiḋneaṁ le ċéile, agus ag maiṫeaṁ d’á ċéile, má ḃíonn cúis ar biṫ ag aoinneaċ ar ḋuine eile; fá mar ṫug Críost maiṫeaṁnas daoiḃ‐se,


gan a ḃráṫair do ṁeallaḋ nó do ṡárú san gcás so: óir agrann an Tiġearna díoġaltas i ngaċ cás d’á leiṫéidiḃ sin, do réir mar ṫugamar raḃaḋ agus fógra ’n‐a dtaoḃ ḋaoiḃ ċeana.


Aċt ’n‐a ḋiaiḋ sin, ná breaṫnuiġiḋ air mar ḃéaḋ náṁa ann, aċt cóṁairliġ leis aṁail bráṫair.


Duine ḟanas ’n‐a eiriceaċ tar éis an ċéad agus an dara spreagṫa, seaċain é;


A ṁná, biḋiḋ‐se uṁal, mar an gcéadna, d’ḃur ḃfearaiḃ féin; ionnas, má tá aon ċuid aca naċ n‐uṁluiġeann do’n ḃriaṫar, go mbuaiḋfear orṫa, i n‐éagmais an ḃriaṫair, le deaġ‐iomċar a mbainċéile;


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ