Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Maitiú 16:8 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 agus aduḃairt sé, A ḋaoine an lag‐ċreidiṁ, cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ ag déanaṁ maċtnaiṁ eadraiḃ féin, toisc gan aon arán ḃeiṫ agaiḃ?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

8 Aċt ḃí a ḟios sin ag Íosa, agus duḃairt: A luċt an ċreid im ḃig, cad ċuige a ḃfuil siḃ ag maċtnaṁ i ḃur n-aigne, mar naċ ḃfuil arán agaiḃ?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

8 Agus ḃí a ḟios san ag Íosa, agus duḃairt sé: A ḋaoine gan puínn creidiṁ, cad é an maċtnaṁ so oraiḃ toisg gan arán a ḃeiṫ agaiḃ?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

8 Agus ar an ṫuigsin sin Diósa, a duḃairt sé ríu, O luċd an ċreidiṁ ḃig, créd fá a dtagarṫáoi eadraiḃ féin, gur ab ar son naċ dtugaḃair arán liḃ?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Maitiú 16:8
9 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus ar an láṫair do ṡín Íosa amaċ a láṁ, agus rug sé air, agus aduḃairt sé, A ḟir an ċreidiṁ ḃig, cad ċuige a raiḃ faitċeas ort?


Agus do‐rinneadar maċtnaṁ eadorṫa féin, g‐á ráḋ, Ní ṫugamar aon arán linn. Agus ṫug Íosa fá deara é,


Má ċlúduiġeann Dia ar an gcuma sin féar an ḃáin, atá ann indiu, agus caiṫtear isteaċ san tsorn i mbáraċ, naċ mó go mór ċlúdóċas sé siḃ‐se, a luċt an ċreidiṁ ḃig?


Agus aduḃairt seisean leo, cad ċuige a ḃfuil eagla oraiḃ, a luċt an ċreidiṁ ḃig? Annsin d’éiriġ sé, agus do ḃagair sé ar na gaoṫaiḃ agus ar an ḃfairrge; agus do ḃí ciúnas mór ann.


Fá ḋeireaḋ, do ṫaisbeán sé é féin do’n ao n ḟear déag ar fad, agus iad ’n‐a suiḋe ag caiṫeaṁ biḋ; agus do ċas sé leo a míċreideaṁ agus a ndúire croiḋe, de ḃriġ nár ċreideadar na daoine do ċonnaic é iar h‐éirġe ḋó.


Atá a ḟios againn anois gur ab eol duit an uile niḋ, agus naċ gáḃaḋ ḋuit aon duine ḃeiṫ gad’ ċeistiú: creidimíd d’á ḃriġ sin go dtáinig tú amaċ ó Ḋia.


Agus ní ḟuil éinniḋ d’ár cruṫuiġeaḋ naċ ḃfuil soiléir os cóṁair a ṡúl; aċt atá an uile niḋ noċta, lán‐ḟoscailte roiṁ ṡúiliḃ an té go ḃfuil cunntas againn le déanaṁ leis.


Agus imreoċad bás ar a clainn; agus tuigfiḋ na h‐eaglaisí gur mise an té scrúduiġeas na duḃáin agus na croiḋeaċa: agus do‐ḃéarfad do gaċ duine agaiḃ do réir ḃur ngníoṁarṫa.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ