Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Maitiú 16:24 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

24 Annsin aduḃairt Íosa le n‐a ḋeisceablaiḃ, Má’s mian le h‐aoinneaċ teaċt im’ ḋiaiḋ‐se, diúltaḋ sé ḋó féin, agus tógaḋ sé a ċros, agus leanaḋ sé mise.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

24 Annsin duḃairt Íosa le n-a ḋeisciobail: Má’s áil le h-aoinneaċ teaċt mo ḋiaiḋ-se, diúltaḋ sé é féin, agus tógaḋ sé a ċros, agus leanaḋ sé mé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

24 Ansan duḃairt Íosa le n-a ḋeisgiobuil: Ma’s áil le h-aoinne teaċt am’ ḋiaiḋ-se, séanaḋ sé é féin, agus tógaḋ sé a ċros, agus leanaḋ sé mé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

24 A duḃairt Iósa an tansin ré na ḋeisciobluiḃ, Más áill le neaċ teaċd am ḋiaġsi, díultaḋ sé ḋó fein, agus tóġaḋ sé a ċros, agus leanaḋ se misi.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Maitiú 16:24
18 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus an té naċ dtógann a ċros agus naċ leanann im’ ḋiaiḋ‐se, ní fiú liom é.


Agus ag dul amaċ ḋóiḃ fuaradar duine ó Ċuréné darḃ ainm Síomón: do ċuireadar d’ḟiaċaiḃ airsean dul i n‐éinḟeaċt leo, agus an ċroċ d’iomċar dó.


Agus iar ḃféaċain d’Íosa air, ṫug sé gráḋ ḋó, agus aduḃairt sé leis, Atá aon niḋ aṁáin i n‐easnaṁ ort: imṫiġ, díol a ḃfuil agat, agus taḃair a luaċ do na boċtaiḃ, agus do‐ġeoḃair saiḋḃreas ar neaṁ; agus tar agus lean mise.


Agus do ḃí duine darḃ ainm Síomón Curénéaċ ag gaḃáil ṫairis, aṫair Alecsandair agus Rúfuis, ṫáinig isteaċ ó’n tuaiṫ, do ċuireadar d’ḟiaċaiḃ air‐sean an ċroċ d’iomċur dó.


Agus do ġlaoḋ sé ċuige an sluaġ agus a ḋeisceabail, agus aduḃairt sé leo, Má’s áil le h‐aoinneaċ mise do leanaṁain, diúltaḋ sé ḋó féin, agus tógaḋ sé a ċros, agus leanaḋ sé mé.


Cibé duine naċ n‐iomċarann a ċros féin, agus naċ leanann mise, ní féidir ḋó ḃeiṫ ’n‐a ḋeisceabal agam.


Agus nuair do ṡeoladar leo é, rugadar ar ḋuine ó Ċuréne darḃ ainm Síomón, do ḃí ag teaċt isteaċ ó’n tuaiṫ, agus do ċuireadar an ċroċ airsean ċum í d’iomċar i ndiaiḋ Íosa.


Rugadar Íosa, d’á ḃriġ sin: agus d’imṫiġ sé amaċ, ag iomċar a ċroise ḋó, go dtí an áit ar a dtugtar Áit an Ċloiginn, d’á ngoirṫear Golgotá i nEaḃrais:


Agus aduḃairt sé sin g‐á ċur i n‐uṁail cia an saġas báis doġeoḃaḋ sé ċum glóire Dé. Agus ar n‐a ráḋ sin dó, aduḃairt sé leis, Lean mise.


Aduḃairt Íosa leis, Má’s toil liom é d’ḟanaṁain go dtiocfad, caidé sin duit‐se?


ag neartú anamann na ndeisceabal, g‐á spreagaḋ ċum ḃeiṫ seasaṁaċ san gcreideaṁ, mar gur tré mórán d’ḟulang caiṫfear ríoġaċt Dé do ḃaint amaċ.


Do‐ġním gáirdeaċas anois i lár mo ḃuaiḋearṫa ar ḃur son, agus líonaim suas im’ ḟeoil féin an méid de ṗiantaiḃ Ċríost atá i n‐easnaṁ ar son a ċuirp,


ċum naċ gcorróċaiḋe aon duine leis na caṫuiġṫiḃ úd: óir atá a ḟios agaiḃ gur ċuige sin do h‐órduiġeaḋ sinn.


’Seaḋ, agus gaċ duine gur mian leis a ṡaoġal do ċaiṫeaṁ go cráiḃṫeaċ i nÍosa Críost, fulaingeoċaiḋ sé géirleanṁain.


Agus is ċuige sin do glaoḋaḋ siḃ: de ḃriġ gur ḟulaing Críost féin ar ḃur son, ag fágáil sompla agaiḃ, ċum go leanfaḋ siḃ a lorg.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ