Maitiú 16:23 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)23 Aċt d’iompuiġ seisean, agus aduḃairt sé le Peadar, Druid siar uaim, a Ṡátain: atáir‐se id’ ċeap tuisle ḋom: óir ní ḟuil do ḋearcaḋ ar a mbaineann le Dia, aċt ar a mbaineann le daoiniḃ. အခန်းကိုကြည့်ပါ။Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)23 Aċt ṫionntuiġ seisean, agus duḃairt le Peadar: Siar mo ḋiaiḋ leat, a Ṡatain, is scainneal daṁ ṫú: óir ní h-iad na neiṫe a ḃaineas le Dia a ṫaitneas leat, aċt na neiṫe a ḃaineas le daoine. အခန်းကိုကြည့်ပါ။Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)23 Agus d’iompuiġ seisean agus duḃairt sé le Peadar: Imṫiġ lastiar díom a Ṡátain; cuireann tu seirḃṫean orm; mar ní h-iad na neiṫe a ḃaineann le Dia a ṫaiṫneann leat-sa aċ na neiṫe a ḃaineann le daoine. အခန်းကိုကြည့်ပါ။An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)23 Aċd ar gcasaḋ ḋósan, a duḃairt sé ré Peadar, Imṫiġ am ḋiaiġ, a Ṡátain: is scannail ḋaṁ ṫú: oir ní ṫuigeann tú na neiṫe ḃeanas ré Diá, aċd na neiṫe ḃeanas ré dáoiniḃ. အခန်းကိုကြည့်ပါ။ |