Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Maitiú 16:18 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

18 Agus adeirim‐se leat gur tusa Peadar, agus gur ar an gcarraig seo ṫógfad‐sa m’eaglais; agus naċ mbuaiḋfiḋ geataí ifrinn uirṫi.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

18 Agus deirim-se leat gur tusa Peadar, agus is ar an ċarraig sin a ṫógfas mé m’eaglais, agus ní ḃéarfaiḋ geaftaí ifrinn buaiḋ uirṫí.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

18 Agus deirim-se leat-sa gur Peadar tú, agus is ar an gcaraig seo a ċuirfead-sa suas m’eaglais, agus ní ḃuaḋfaid geataí ifrinn uirṫi.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

18 Agus a deirimsi riot, Gur ab tusa Peadar, agus gur ab ar an gcarruicsi ṫóigeaḃus misi méagluis féin; agus naċ béaruid geatuiḋe ifeirn búaiḋ uirrṫe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Maitiú 16:18
42 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus is iad so ainmneaċa an dáréag abstal: An ċéad duine, Síomón, ar a dtugtar Peadar, agus Aindrias a ḋearḃráṫair; Séamas mac Ṡebedé, agus Eoin a ḋearḃráṫair;


Agus tusa, a Ċafarnaúim, an suas go neaṁ árdóċar ṫú? síos go h‐ifreann ísleoċar ṫú: óir dá ndéantaiḋe i Sodom na gníoṁarṫa éaċtaċa do‐rinneaḋ ionnat‐sa, d’ḟanfaḋ sé ann go dtí an lá so.


Agus má ḋiúltuiġeann sé d’éisteaċt leo‐san, innis do’n eaglais é: agus má ḋiúltuiġeann sé d’éisteaċt leis an eaglais, bíoḋ sé ’n‐a Ṗágánaċ agus ’n‐a ṗoibleacán agat.


Agus ag siuḃal d’Íosa le h‐ais mara Ġalilé, do ċonnaic sé beirt dearḃrátar, Síomón ar a dtugtar Peadar, agus Aindrias, a ḋearḃráṫair, do ḃí ag cur lín sa ḃfairrge: óir do b’iascairí iad.


D’á ḃriġ sin, gaċ aoinneaċ do‐ċluin na briaṫra so agam‐sa agus ċuireas i ngníoṁ iad, saṁlóċar é le duine ciallṁar do ṫóg a ṫeaċ ar an gcarraig:


Agus ṫug sé leis é ċum Íosa. D’ḟéaċ Íosa air, agus aduḃairt sé, Is tusa Síomón mac Eoin: goirfear díot Céfas (is é sin le ráḋ, Peadar, nó Carraig).


ag molaḋ Dé, agus meas ag gaċ uile ḋuine orṫa. Agus do ċuireaḋ an Tiġearna leo gaċ lá iad‐san do ḃí d’á slánú.


Taḃraiḋ aire ḋaoiḃ féin, agus do’n tréad go léir, ar ar ċuir an Spiorad Naoṁ ’n‐ḃúr n‐easbogaiḃ siḃ, leis an eaglais do ċeannuiġ sé le n‐a ḟuil féin, do ċoṫú.


Agus d’éiriġ géir‐leanṁain ṁór an lá sin i gcoinniḃ na h‐eaglaise do ḃí i nIarúsalem; agus do scaipeaḋ iad uile ar fud réigiúin Iúdaea agus Ṡamária, aċt aṁáin na h‐abstail.


agus Séamas agus Céfas agus Eoin, go raiḃ meas orṫa mar ċolaṁnaiḃ, nuair ṫugadar fá deara an grása tugaḋ ḋom, do ṡíneadar deas‐láṁ cumainn ċugam‐sa agus ċum Ḃarnabais, ċum go n‐imṫeoċaimís ċum na gCineaḋaċ, agus iad féin le dul ċum luċta an timċeall‐ġearrṫa;


ċum go ndéanfaiḋe il‐eolas Dé soiléir tríd an eaglais do na h‐uaċtaránaiḃ agus do na cuṁaċtaiḃ ins na h‐áiteannaiḃ neaṁḋa,


Rúindiaṁair ṁór is eaḋ í seo, aċt is iad Críost agus an eaglais atáim do ṁaoiḋeaṁ.


Agus is é ceann an ċuirp é, is é sin ceann na h‐eaglaise: is é an príoṁ‐ṫús é, an ċéid‐ġein ó na marḃaiḃ; ċum go mbéaḋ an t‐árd‐ġradam aige san uile niḋ.


aċt má ġním moill, ċum go dtuigiḋ tú cionnas ba ċeart duit ṫú féin d’iomċar i dteaġlaċ Dé, is é sin eaglaif Dé ḃí, colaṁan agus crann cosanta na fírinne.


óir munab eol do ḋuine cionnas a ṫeaġlaċ féin do riaġlú, cionnas ġlacfaiḋ sé cúram eaglaise Dé air féin?


Uime sin, ag fáġáil ríoġaċta do‐ċorruiġṫe ḋúinn, taisbeánaimís ár mbuiḋeaċas, ċum go ndéanfaimíd seirḃís taiṫneaṁaċ do Ḋia, le h‐urraim ḋiaḋa agus le h‐eagla,


Agus do ṡéid an seaċtṁaḋ h‐aingeal; agus do ḃí glórṫa móra ar neaṁ, aduḃairt, Is le n‐ár dTiġearna, agus le n‐a Ċríost ríoġaċt an doṁain: agus riaġlóċaiḋ sé go saoġal na saoġal.


Agus do ḃí ḋá ḟoṫa déag fá’n gcaṫair, agus ḋá ainm déag ḋá abstal déag an Uain orṫa.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ