Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Maitiú 16:13 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

13 Agus nuair ṫáinig Íosa isteaċ i gcríoċaiḃ Ċaesarea Ṗilib, d’ḟiafruiġ sé d’á ḋeisceablaiḃ, g‐á ráḋ, Cia h‐é adeir na daoine gur Mac an Duine?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

13 Agus ṫáinic Íosa go críoċa Ċaesarea Ṗilip, agus ċeistiġ sé a ḋeisciobail, ag ráḋ: Cé a deir na daoine is Mac an Duine?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

13 Agus ṫáinig Íosa isteaċ i gcríoċaiḃ Ċaesaréa Ṗilippí; agus do ċeistiġ sé a ḋeisgiobuil, agus duḃairt: Cé h-é, dar le daoine, Mac an Duine?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

13 Agus ar dteaċd Diósa go críoċaiḃ Ṡesárea Ṗilippí, do ḟíafruiḋ sé dá ḋeisciobluiḃ, ag ráḋ, Créd a deir na dáoine, cía misi Mac an duine?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Maitiú 16:13
23 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus an té adéarfas focal i n‐aġaiḋ Ṁic an Duine, maiṫfear dó é; aċt an té laḃarfas i n‐aġaiḋ an Spioraid Naoiṁ, ní maiṫfear dó é, ar an saoġal so, ná ar an saoġal atá le teaċt.


Óir, fá mar do ḃí Iónás trí lá agus trí oiḋċe i mbolg an ṁíl ṁóir; mar sin ḃéas Mac an Duine trí lá agus trí oiḋċe i gcroiḋe na talṁan.


Óir atá Mac an an Duine ’n‐a Ṫiġearna ar an tsabóid féin.


Agus d’ḟreagair sé agus aduḃairt, An té ċuireas an síol maiṫ, is é Mac an Duine é;


Cuirfiḋ Mac an Duine a aingil amaċ, agus baileoċaiḋ siad as a ríoġaċt gaċ aḋḃar scannail, agus luċt déanta an uilc,


Agus d’imṫiġ Íosa as an áit sin, agus do ċuaiḋ sé isteaċ i gcríoċaiḃ Ṫuire agus Ṡídóine.


Óir tiocfaiḋ Mac an Duine i nglóir a Aṫar mar aon le n‐a aingliḃ; agus annsin ċúiteoċaiḋ sé gaċ aoinneaċ de réir a ġníoṁarṫa.


Go fírinneaċ adeirim liḃ, Atá cuid díoḃ‐san atá n‐a seasaṁ annso, naċ mblaisfiḋ bás nó go ḃfeicid Mac an Duine ag teaċt ’n‐a ríoġaċt.


Aċt nuair ṫiocfas Mac an Duine ’n‐a ġlóir, agus na h‐aingil go léir i n‐éinḟeaċt leis, suiḋfiḋ sé annsin i gcaṫaoir a ġlóire:


Agus aduḃairt Íosa leis, Atá uaċaise ag na sionnaċaiḃ, agus atá neada ag éanlaiṫiḃ na spéire; aċt ní ḟuil ag Mac an Duine áit ar a leagfaḋ sé a ċeann.


Aċt, ċum go mbéiḋ a ḟios agaiḃ go ḃfuil ar ċumas do Ṁac an Duine ar talaṁ peacaiḋe do ṁaiṫeaṁ (aduḃairt sé annsin leis an ḃfear pairiliseaċ), Éiriġ, tóg do leaba, agus imṫiġ ċum do ṫiġe.


Óir ní ṫáinig Mac an Duine féin ċum go ndéanfaiḋe frioṫáileaṁ air, aċt ċum fo ndéanfaḋ seisean frioṫáileaṁ, agus go dtiuḃraḋ sé a anam i n‐éiric móráin.


Óir cibé duine lé’r nár mise agus mo ḃriaṫra i láṫair an ċinéil aḋaltrannaiġ ṗeacaṁla so, buḋ nár le Mac an Duine eisean mar ar gcéadna nuair ṫiocfas sé i nglóir a Aṫar, i n‐éinḟeaċt leis na naoṁ‐aingliḃ.


Agus aduḃairt sé leis, Go fírinneaċ adeirim leat, Do ċífiḋ siḃ na flaiṫis ar ḟoscailt, agus aingil Dé ag dul suas agus ag teaċt anuas ar Ṁac an Duine.


D’ḟreagair an sluaġ é, Do ṫuigeamar ó’n dliġe go ḃfanann an Críost de ṡíor: agus adeir tusa go gcaiṫfear Mac an Duine d’árdú? cia h‐é Mac so an Duine?


Agus fá mar árduiġ Maois an naṫair niṁe sa ḃfásaċ, caiṫfear Mac an Duine d’árdú ar an gcuma ċéadna:


agus ṫug sé uġdarás dó ċum breiṫ do ḋéanaṁ, toisc gur ab é Mac an Duine é.


cionnas mar d’ong Dia Íosa Nasarḋa leis an Spiorad Naoṁ agus le cuṁaċt: gur ġluais sé roiṁe ag déanaṁ deaġ‐ġníoṁ, agus ag leiġeas gaċ duine do ḃí fá smaċt an diaḃail; óir do ḃí Dia leis.


agus aduḃairt sé, Féaċ, ċím na flaiṫis ar ḟoscailt, agus Mac an Duine ’n‐a ṡeasaṁ ar ḋeasláiṁ Dé.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ