Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Maitiú 15:33 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

33 Agus aduḃairt na deisceabail leis, Cá ḃfuiġmís‐ne i ḃfásaċ an oiread sin aráin agus ṡásóċaḋ a leiṫéid de ṡluaġ mór?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

33 Agus deir na deisciobail leis: Cá h-as a ḃfuiġimís a oiread arán san ḟásaċ, mar sin, agus a ṡásóċaḋ a leiṫéid de ṡluaġ?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

33 Agus duḃairt a ḋeisgiobuil leis: Aċ cá ḃfaiġmíd-ne, i ḃfásaċ, oiread aráin agus ṡásóċaiḋ a leiṫéid de ṡluaġ?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

33 Agus a deirid a ḋeisciobail ris, Cía a naít as a ḃfuiġeamáois ar an ḃfasaċ a noireadsin darán, lé a saíseóċamáois a ċoṁmór do ṡlúaġ?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Maitiú 15:33
9 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus nuair do ḃí an tráṫnóna ann, ṫáinig na deisceabail ċuige, agus aduḃradar, Fásaċ is eaḋ an áit seo, agus atá an t‐am caiṫte ċeana, cuir uait na sluaiġte, go dtéiġid isteaċ ins na bailtiḃ beaga, agus go gceannuiġid biaḋ ḋóiḃ féin.


Agus do ġlaoḋ Iosa ċuige a ḋeisceabail, agus aduḃairt sé, Atá truaġ agam do’n tsluaġ, óir atá siad im’ ḟoċair le trí lá anóis, agus gan éinniḋ le n’iṫe aca: agus níor ṁaiṫ liom iad do ċur uaim ’n‐a dtroscaḋ, ar eagla go dtuitfidís ar an sliġe.


Agus aduḃairt Íosa leo, Cá ṁéad bollóg atá agaiḃ? Agus aduḃradar, A seaċt, agus roinnt d’iascaiḃ beaga.


Aċt d’ḟreagair seisean agus aduḃairt, Taḃraiḋ‐se rud le n’iṫe ḋóiḃ. Agus aduḃradar leis, An raċaimíd agus an gceannóċaimíd luaċ ḋá ċéad pinginn d’arán le taḃairt dóiḃ le n’iṫe?


Aċt aduḃairt seisean leo, Taḃraiḋ‐se rud le n’iṫe ḋóiḃ. Agus aduḃradar‐san, Ní ḟuil againne aċt cúig bollóga agus ḋá iasc; muna dtéiġmís ag ceannaċ biḋ do na daoiniḃ seo go léir.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ