Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Maitiú 14:31 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

31 Agus ar an láṫair do ṡín Íosa amaċ a láṁ, agus rug sé air, agus aduḃairt sé, A ḟir an ċreidiṁ ḃig, cad ċuige a raiḃ faitċeas ort?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

31 Agus ar ṡíneaḋ amaċ a láiṁe ar an ḃomaite do Íosa, rug sé greim air, agus duḃairt leis: A ḋuine an ċreidiṁ ḃig, cad ċuige ar ġaḃ aṁras ṫú?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

31 Agus do ṡín Íosa a láṁ, agus do rug sé láiṫreaċ air, agus duḃairt sé: Ó a ḟir gan puínn creidiṁ, cad ċuige ḋuit mearḃall a ṫeaċt ort?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

31 Agus ar síneaḋ a láiṁe ar an mball Diósa, rug sé air, agus a deir sé ris, A ḟir an ċreidiṁ ḃig, créd far ġaḃ cuntaḃairt ṫú?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Maitiú 14:31
23 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċt nuair do ċonnaic sé an ġaoṫ, do ḃí eagla air; agus ag dul fá’n uisce ḋó, do ġlaoḋ sé amaċ, g‐á ráḋ, A Ṫiġearna, fóir orm.


Agus nuair ṫángadar isteaċ sa mbád, do stad an ġaoṫ.


agus aduḃairt sé, A ḋaoine an lag‐ċreidiṁ, cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ ag déanaṁ maċtnaiṁ eadraiḃ féin, toisc gan aon arán ḃeiṫ agaiḃ?


Agus aduḃairt seisean leo, Mar ġeall ar ḃúr n‐easbaiḋ creidiṁ: óir adeirim liḃ go fírinneaċ, Dá mbéaḋ oiread le gráinne síl mustáird de ċreideaṁ agaiḃ, adéarfaḋ siḃ leis an sliaḃ so, Aistriġ as so annsúd anonn; agus aistreoċaiḋ sé; agus ní ḃéiḋ éinniḋ ann naċ mbéiḋ ar ċumas daoiḃ a ḋéanaṁ.


Má ċlúduiġeann Dia ar an gcuma sin féar an ḃáin, atá ann indiu, agus caiṫtear isteaċ san tsorn i mbáraċ, naċ mó go mór ċlúdóċas sé siḃ‐se, a luċt an ċreidiṁ ḃig?


Agus aduḃairt seisean leo, cad ċuige a ḃfuil eagla oraiḃ, a luċt an ċreidiṁ ḃig? Annsin d’éiriġ sé, agus do ḃagair sé ar na gaoṫaiḃ agus ar an ḃfairrge; agus do ḃí ciúnas mór ann.


agus ṫáinig sé, agus do rug sé ar láiṁ uirṫi, agus do ṫóg sé aníos í: agus d’imṫiġ an fiaḃras aisti, agus do rinne sí frioṫáileaṁ orṫa.


Agus ṫug Íosa truaġ ṁór dó, agus do ṡín sé amaċ a láṁ agus do ċuir sé air í, agus aduḃairt; Is toil liom é; bí glan.


Adeirim liḃ go fírinneaċ, Cibé duine adéarfas leis an sliaḃ so, Tógtar ṫú, agus caiṫtear ṫú sa ḃfairrge, gan aon aṁras do ḃeiṫ ’n‐a ċroiḋe aige, aċt go gcreideann sé go dtiocfaiḋ an niḋ adeir sé ċum críċe; béiḋ sé aige.


Aċt imṫiġiḋ, innisiḋ d’á ḋeisceablaiḃ agus do Ṗeadar, go ḃfuil sé ag dul róṁaiḃ go dtí an Ġalilé: do‐ċífiḋ siḃ annsin é, mar aduḃairt sé féin liḃ.


Agus aduḃairt sé leo, Cad ċuige a ḃfuil eagla oraiḃ? An é naċ ḃfuil creideaṁ agaiḃ fós?


Agus ag breiṫ ar láiṁ ar an gcailín dó, aduḃairt sé léi, Talitá cúm, is é sin, A ċailín, adeirim‐se leat, Éiriġ.


agus aduḃradar‐san leo, Atá an Tiġearna éiriġṫe go deiṁin, agus do ṫaisbeán sé é féin do Ṡíomón.


dána, agus tú ag síneaḋ amaċ do láiṁe ag leiġeas; agus go ndéantar míorḃailtí agus iongantaisí tré ainm do Naoṁ Ṡeirḃísiġ Íosa.


Is mian liom, d’á ḃriġ sin, go ndéanfaḋ na fir urnaiġe san uile áit, agus láṁa beannuiġṫe i n‐áirde aca, gan fearg, gan aiġneas.


atá d’ḃur gcuṁdaċ le cuṁaċt Dé tré ċreideaṁ fá ċóṁair slánuiġṫe atá ullaṁ le n‐a ḟoillsiú ins an aimsir ḋeiriḋ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ