Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Maitiú 14:29 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

29 Agus aduḃairt seisean, Tar. Agus ṫáinig Peadar anuas as an mbád, agus do ṡiuḃail sé ar ḃárr an uisce ag teaċt ċum Íosa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

29 Agus duḃairt seisean: Tar. Agus ar ḋul amaċ as an ḃád do Ṗeadar, ċuaiḋ sé a ṡiuḃal ar an uisce le dul ċuig Íosa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

29 Agus duḃairt seisean: Tar ċúġam. Agus ṫáinig Peadar anuas as an luing, agus ḃí sé ag siúḃal ar ḃárr uisge, ag teaċt ċun Íosa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

29 Agus a duḃairt seisean, Tárr. Agus an tan do ċúaiḋ Peadar sios as an luing do ṡioḃail se ar na huisgiḋiḃ, do ċum teaċd go Hiósa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Maitiú 14:29
10 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus d’ḟreagair Peadar, agus aduḃairt, A Ṫiġearna, má’s tusa atá ann, órduiġ ḋom teaċt ċugat ar ḃárr an uisce.


Aċt nuair do ċonnaic sé an ġaoṫ, do ḃí eagla air; agus ag dul fá’n uisce ḋó, do ġlaoḋ sé amaċ, g‐á ráḋ, A Ṫiġearna, fóir orm.


Agus aduḃairt seisean leo, Mar ġeall ar ḃúr n‐easbaiḋ creidiṁ: óir adeirim liḃ go fírinneaċ, Dá mbéaḋ oiread le gráinne síl mustáird de ċreideaṁ agaiḃ, adéarfaḋ siḃ leis an sliaḃ so, Aistriġ as so annsúd anonn; agus aistreoċaiḋ sé; agus ní ḃéiḋ éinniḋ ann naċ mbéiḋ ar ċumas daoiḃ a ḋéanaṁ.


Agus nuair do‐ċonnaic na deisceabail é, ṫáinig iongnaḋ mór orṫa, agus aduḃradar, Cionnas d’ḟeoġ an crann fige ċóṁ luaṫ sin? Agus d’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé leo, Go fírinneaċ adeirim liḃ, Má ḃíonn creideaṁ agaiḃ, gan aṁras ḃeiṫ oraiḃ, do‐ġéanaiḋ siḃ, ní h‐é aṁáin a ndearnaḋ do’n ċrann fige, aċt má deir siḃ leis an sliaḃ so, Tógtar agus teilgṫear isteaċ sa ḃfairrge ṫú, déanfar é.


Agus aduḃairt Íosa leis, Má’s féidir leat! Is féidir gaċ uile niḋ do’n té ċreideas.


Agus aduḃairt an Tiġearna, Dá mbéaḋ oiread gráinne síl mustaird de ċreideaṁ agaiḃ, adéarfaḋ siḃ leis an gcrann siceamóra so, Tarraingtear as do ḟréaṁaċaiḃ tú, agus curtar sa ḃfairrge ṫú; agus do‐ġéanaḋ sé de réir mar d’órduiġis.


Agus de ḃárr creidiṁ ’n‐a ainm‐sean ṫug a ainm neart do’n duine seo, do‐ċí siḃ agus aiṫniġeas siḃ: agus is é an creideaṁ tríd ṫug dó an tsláinte iomlán atá ’n‐bur ḃfiaḋnaise róṁaiḃ go léir.


Agus gan éirġe lag san ċreideaṁ do ḃreaṫnuiġ sé a ċorp féin do ḃí leaṫ‐ṁarḃ (agus é tuairim céad bliaḋan d’aois),


Ní ḟuil niḋ naċ dtig liom a ḋéanaṁ le cumas an té neartuiġeas mé.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ