Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Maitiú 14:27 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

27 Aċt do laḃair Íosa leo ar an láṫair, agus aduḃairt sé, Bíoḋ meisneaċ agaiḃ; is mise atá ann; ná bíoḋ eagla oraiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

27 Agus ar an ḃomaite laḃair Íosa leo, ag ráḋ: Bíoḋ misneaċ agaiḃ: is mise atá ann; ná ḃíoḋ eagla oraiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

27 Agus do laḃair Íosa leó láiṫreaċ: Glacaiḋ misneaċ, ar seisean: Is mise atá ann. Ná bíoḋ eagla oraiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

27 Agus do laḃair Iósa ríu air an mball ag ráḋ, Bióḋ meisneaċ maiṫ agaiḃ; is Misi a tá ann; ná bíoḋ eagla oraiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Maitiú 14:27
21 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus d’ḟreagair Peadar, agus aduḃairt, A Ṫiġearna, má’s tusa atá ann, órduiġ ḋom teaċt ċugat ar ḃárr an uisce.


Agus ṫáinig Íosa, agus do ċuir sé a láṁ orṫa, agus aduḃairt sé, Éiriġiḋ, agus ná bíoḋ eagla oraiḃ.


Annsin aduḃairt Íosa leo, Ná bíoḋ eagla oraiḃ: imṫiġiḋ agus abraiḋ lem’ ḃráiṫriḃ imṫeaċt do’n Ġalilé, agus do‐ċífiḋ siad annsin mé.


Agus d’ḟreagair an t‐aingeal agus aduḃairt sé leis na mnáiḃ, Ná bíoḋ aon eagla oraiḃ: tá a ḟios agam go ḃfuil siḃ ar lorg Íosa, an té do céasaḋ.


Agus féaċ, tugaḋ ċuige fear pairiliseaċ, agus é ’n‐a luiġe ar leabaiḋ: agus nuair ṫug Íosa fá ndeara an creideaṁ do ḃí aca, aduḃairt sé leis an ḃfear pairiliseaċ, A Ṁic, bíoḋ meisneaċ agat; atá do ṗeacaiḋe maiṫte ḋuit.


óir do ċonnacadar uile é, agus do ḃí scannraḋ orṫa. Aċt ar an láṫair do laḃair sé leo, agus aduḃairt, Bíoḋ meisneaċ agaiḃ: mise atá ann; ná bíoḋ eagla oraiḃ.


Aċt aduḃairt an t‐aingeal leis, Ná bíoḋ eagla ort, a Ṡaċariais: óir do h‐éisteaḋ led’ ġuiḋe, agus béarfaiḋ do ḃean Elisabet mac duit, agus glaoḋfair Eoin mar ainm air.


Agus aduḃairt an t‐aingeal léi, Ná bíoḋ eagla ort, a Ṁuire, óir fuarais grás ó Ḋia.


Ná bíoḋ eagla oraiḃ, a ṫréad ḃeag, óir is é toil ḃúr nAṫar an ríoġaċt do ṫaḃairt daoiḃ.


Agus aduḃairt an t‐aingeal leo, Ná bíoḋ eagla oraiḃ; óir, féaċ, do‐ḃeirim daoiḃ deaġ‐scéala ar áṫas mór ḃéas i gcóṁair na ndaoine uile:


agus ar Ṡéamas agus ar Eoin, mic Ṡebedé, leis, do ḃí ’n‐a bpáirtiḋṫiḃ ag Síomón. Agus aduḃairt Íosa le Síomón, Ná bíoḋ eagla ort; as so amaċ béiḋ tú id’ iascaire ar ḋaoiniḃ.


Aduḃairt mé an méid sin liḃ, ċum go mbéaḋ síoṫċáin agaiḃ ionnam‐sa. Ata anró oraiḃ sa tsaoġal so: aċt bíoḋ meisneaċ agaiḃ; atá buaiḋte agam‐sa ar an saoġal.


Aċt aduḃairt seisean leo, Mise atá ann; ná bíoḋ eagla oraiḃ.


Agus an oiḋċe ’n‐a ḋiaiḋ sin, do ṡeas an Tiġearna le n‐a ais, agus aduḃairt, Bíoḋ meisneaċ agat: óir fá mar atá fiaḋnaise déanta agat im’ ṫaoḃ i nIarúsalem, caiṫfiḋ tú fiaḋnaise do ḋéanaṁ san Róiṁ, leis.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ