Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Maitiú 14:15 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

15 Agus nuair do ḃí an tráṫnóna ann, ṫáinig na deisceabail ċuige, agus aduḃradar, Fásaċ is eaḋ an áit seo, agus atá an t‐am caiṫte ċeana, cuir uait na sluaiġte, go dtéiġid isteaċ ins na bailtiḃ beaga, agus go gceannuiġid biaḋ ḋóiḃ féin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

15 Agus nuair a ḃí sé ina ṫráṫnóna, ṫáinic a ḋeisciobail ċuige, agus duḃairt; Is fásaċ an áit seo, agus ċuaiḋ an t-am ṫart: cuir na sluaiġte ar ṡiuḃal, ċun go dtéiġiḋ siad isteaċ ins na bailte a ċeannaċ bíḋ dóiḃ ḟéin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

15 Agus nuair a ṫáinig an tráṫnóna ṫáinig a ḋeisgiobuil ċuige, agus duḃradar: Fásaċ iseaḋ an áit seo, agus tá an aimsir imṫiġṫe. Leig uait na daoine, go dtéiġid siad isteaċ ins na sráidiḃ agus go gceannaiġid siad bia ḋóiḃ féin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

15 Agus an tan ṫáinic deireaḋ an láoi tangadar a ḋeisciobuil ċuige, ag ráḋ, Ait ḟásaṁail so, agus do ċuáiḋ a naimsear ṫearainn ċeana; léig úait an slúaġ, do ċum go niméoċaidís do na bailtiḃ, agus go gceannoċaidis bíaḋ ḋóiḃ féin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Maitiú 14:15
7 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus nuair do‐ċuala Íosa é, d’imṫiġ sé i mbád ó’n áit sin, isteaċ i n‐áit ḟásaṁail uaigniġ: agus nuair do‐ċuala na sluaiġte sin, do leanadar d’á gcois é ó na caṫraċaiḃ.


Agus ṫáinig sé amaċ, agus do ċonnaic sé sluaġ mór, agus do ġaḃ truaġ ṁór dóiḃ é, agus do leiġeas sé iad‐san do ḃí breoite.


Aċt aduḃairt Íosa leo, Ní gáḃaḋ ḋóiḃ imṫeaċt; taḃraiḋ‐se rud le n’iṫe ḋóiḃ.


Aċt ní ṫug seisean aon ḟreagra uirṫi. Agus ṫáinig a ḋeisceabail, agus d’iarradar air, Cuir ċum siuḃail í siúd; óir atá sí ag síor‐ġlaoḋaċ ’n‐ár ndiaiḋ.


agus dá gcuirinn aḃaile iad ’n‐a dtroscaḋ, do raċaidís i n‐anḃfainne sa tsliġe; agus atá cuid aca ṫáinig i ḃfad.


Agus do ḃí an lá ag dul i ndéiḋeannaiġe; agus ṫáinig an dáréag, agus aduḃradar leis, Cuir na sluaiġte ċum bealaiġ, ionnas go raċaiḋ siad isteaċ ins na bailtiḃ beaga, agus sa tír ṫart ṫimċeall, ċum lóistín agus lón d’ḟáġáil: óir is i ḃfásaċ atáimíd annso.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ