Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Maitiú 13:25 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

25 aċt nuair do ḃí na daoine ’n‐a gcodlaḋ, ṫáinig a náṁaid agus do ċroiṫ sé cogal i measc na cruiṫneaċtan, agus d’imṫiġ sé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

25 Aċt nuair a ḃí na daoine ina gcodlaḋ, ṫáinic a náṁa agus ċuir sé cogal i lár na cruiṫneaċta, agus ḃog leis.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

25 Aċ nuair a ḃí na daoine ’n-a gcodlaḋ ṫáinig an naṁaid agus do ċuir sé cogal i lár na cruiṫneaċtan, agus d’imṫiġ sé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

25 Agus an tan do ḃádar dáoine na gcodlaḋ, ṫáinic a náṁaid agus do ċuir sé cogal ṫird an gcruiṫneaċd, agus do imṫiġ sé roiṁe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Maitiú 13:25
19 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ċuir sé saṁlaoid eile rómpa, g‐á ráḋ, Is cosṁail ríoġaċt na ḃflaiṫeas le duine do ċuir síol maiṫ ’n‐a ġort:


Aċt nuair d’ḟás an geaṁar, agus ṫug sé toraḋ, annsin do‐ċonnacṫas an cogal, leis.


Annsin ṫáinig na searḃóntaí ċum fir an tiġe, agus aduḃradar leis, A ḋuine uasail, naċ síol maiṫ do ċuiris id’ ġort? Cad fá ndeara an cogal ḃeiṫ ann mar sin?


Aċt aduḃairt seisean, Ní h‐áil liom; ar eagla, ag cnuasaċ an ċogail daoiḃ,


go sracfaḋ siḃ an ċruiṫneaċt as a ḟréaṁaċaiḃ leis. Leigiḋ ḋóiḃ araoin fás go dtí an fóġṁar: agus i n‐aimsir an ḟóġṁar adéarfad‐sa leis na buanaiḋṫiḃ, Bailiġiḋ ar dtús an cogal, agus ceanglaiḋ é ’n‐a ṗunnannaiḃ le dóġaḋ; aċt bailiġiḋ an ċruiṫneaċt isteaċ im’ scioból.


agus is é an diaḃal an náṁaid do ċuir iad: agus is é deireaḋ an tsaoġail an fóġṁar; agus is iad na h‐aingil na buanaiḋṫe,


Agus ó ḃí moill ar an ḃfear nua‐ṗósta, ṫáinig táiṁ‐néall orṫa agus do‐ċuadar a ċodlaḋ.


agus sin mar ġeall ar na bráiṫriḃ bréige tugaḋ isteaċ os íseal, agus d’éaluiġ isteaċ os íseal ċum spiaḋ‐aireaċt do ḋéanaṁ ar ár saoirse atá againn i nÍosa Críost, ag súil le n‐ár dtaḃairt fá ḋaoirse:


ag féaċain ċuige ar eagla go gclisfeaḋ ar aoinneaċ fá ġrása Dé; ar eagla go ḃfásfaḋ aon ḟréaṁ seirḃe do ḃéaḋ mar aḋḃar buaiḋearṫa, agus go dtruailleoċaiḋe mórán d’á ḋeascaiḃ;


Biḋiḋ stuamḋa, biḋiḋ ar ḃur n‐aire; bíonn ḃur n‐áiḋḃeirseoir, an diaḃal, ag siuḃal ṫart timċeall mar leoṁan búirfeaḋaċ ar ṫóir an té ḟéadas sé a ṡlugaḋ.


Aċt d’éiriġ fáiḋe bréige i measc an ṗobail, agus béiḋ luċt teagaisc ḃréige ’n‐ḃur measc‐na, leis, daoine ḃéarfas isteaċ siosmaí millteaċa, ag séanaḋ an Ṁáiġistir féin do ċeannuiġ iad, ag tarraing scriosta obainn orṫa féin.


Agus do teilgeaḋ síos an dragún mór, an tsean‐naṫair niṁe, ar a dtugtar an Diaḃal agus Sátan, an té ṁeallas an saoġal ar fad; do teilgeaḋ síos é go dtalaṁ, agus do teilgeaḋ a aingle síos i n‐éinḟeaċt leis.


Agus meallann sé luċt áitreaḃa na talṁan leis na miorḃailtiḃ tugaḋ le déanaṁ ḋó i ḃfiaḋnaise an ainṁiḋe, g‐á ráḋ le luċt áitreaḃa na talṁan íoṁáiġ do ḋéanaṁ do’n ainṁiḋe fuair an ġoin ó’n gclaiḋeaṁ, agus do ṁair beo.


Aċt atá an méid seo agam it’ aġaiḋ, go ḃfulaingeann tú an ḃean Iesebel, adeir gur ban‐ḟáiḋ í féin; agus múineann agus mealann sí mo ṡeirḃísiġ ċum striapaċas do ċleaċtaḋ, agus ċum neiṫe atá íoḋbarṫa d’íoḋalaiḃ d’iṫe.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ