Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Maitiú 13:24 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

24 Agus do ċuir sé saṁlaoid eile rómpa, g‐á ráḋ, Is cosṁail ríoġaċt na ḃflaiṫeas le duine do ċuir síol maiṫ ’n‐a ġort:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

24 Ċuir sé fáiṫscéal eile ós a gcóṁair, ag ráḋ: Is cosaṁail ríoġaċt na ḃflaiṫeas le fear a ċuir síol maiṫ ina ġort.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

24 Ṫug sé soluíd eile ḋóiḃ, agus duḃairt sé: Is cosṁail ríġeaċt na ḃflaṫas le duine a ċuir síol fóġanta ’n-a ċuid tailiṁ;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

24 Do ċuir sé cosaṁlaċd eile ċuca, ag ráḋ, Is cosṁail ríoġaċd neiṁe ré duine do ċur síol maiṫ ann a ḟearann:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Maitiú 13:24
23 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Nuair do‐ċluin aoinneaċ briaṫar na ríoġaċta, agus naċ dtuigeann sé é, tig an ainspioraid, agus sciobann sí léi an niḋ do cuireaḋ ’n‐a ċroiḋe. Is é sin an té ’n‐ar cuireaḋ an síol le h‐ais an ḃealaiġ ṁóir.


aċt nuair do ḃí na daoine ’n‐a gcodlaḋ, ṫáinig a náṁaid agus do ċroiṫ sé cogal i measc na cruiṫneaċtan, agus d’imṫiġ sé.


Do ċuir sé saṁlaoid eile rómpa, g‐á ráḋ, Is cosṁail ríoġaċt na ḃflaiṫeas le gráinne síl mustáird, do ġlac duine ċuige, agus do ċuir ’n‐a ġort:


Do laḃair sé saṁlaoid eile leo: Is cosṁail ríoġaċt na ḃflaiṫeas le laiḃín do ġlac bean, agus do ċuir i ḃfolaċ i dtrí tóṁasaiḃ mine, nó gur ġlac an t‐iomlán de an laiḃín.


Agus d’ḟreagair sé agus aduḃairt, An té ċuireas an síol maiṫ, is é Mac an Duine é;


Arís, is cosṁail ríoġaċt na ḃflaiṫeas le líon do cuireaḋ isteaċ sa ḃfairrge, agus do ṫóg gaċ uile ṡórt éisc:


D’á ḃriġ sin, is cosṁail ríoġaċt na ḃflaiṫeas le riġ áiriṫe gur ṁian leis cunntas do ḋéanaṁ le n‐a ṡeirḃíseaċaiḃ.


Óir is cosṁail ríoġaċt na ḃflaiṫeas le fear tiġe do ċuaiḋ amaċ go moċ ar maidin ag cur luċt oibre ar tuarastal ’n‐a ḟíonġort.


Éistiḋ le saṁlaoid eile: Do ḃí fear tiġe ann, agus do ċuir sé fíonġort, agus do ċuir sé fál ’n‐a ṫimċeall, agus do ṫoċail sé áit brúiġte fíona ann, agus do ṫóg sé túr, agus ṫug sé ar cíos do scológaiḃ é, agus d’imṫiġ sé go tír eile.


g‐á ráḋ, Is cosṁail ríoġaċt na ḃflaiṫeas le riġ áiriṫe do‐rinne bainis d’á ṁac,


Annsin béiḋ ríoġaċt na ḃflaiṫeas cosṁail le deiċneaḃar maiġdean, do ġlac a lóċrainn, agus do ċuaiḋ amaċ fá ḋéin an ḟir nua‐ṗósta.


g‐á ráḋ, Déanaiḋ aiṫriġe, óir atá ríoġaċt na ḃflaiṫeas druidṫe liḃ.


Agus do ġluais Íosa ar fud na Galilé ar fad, ag teagasc ins na sionagógaiḃ, agus ag craoḃscaoileaḋ soiscéil na ríoġaċta, agus ag leiġeas an uile ġalair agus breoiteaċta i measc na ndaoine.


Agus aduḃairt sé, Cad leis gur cosṁail ríoġaċt Dé? agus cad leis go saṁlóċad í?


Agus aduḃairt sé arís, Cad leis go saṁlóċad ríoġaċt Dé?


as uċt an dóċais atá i dtaisce ’n‐ḃur gcóṁair ins na flaiṫeasaiḃ, go gcualaḃar tuairisc ’n‐a ṫaoḃ roiṁe seo i mbriaṫar fírinne an tsoiscéil,


óir do h‐aiṫ‐ġeineaḋ siḃ, ní ó ṡíol so‐ṫruailliġṫe, aċt ó ṡíol neaṁṫruailliġṫe, le briaṫar biṫ‐ḃeo, buan Dé.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ