Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Maitiú 13:22 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

22 Agus an duine ’n‐ar cuireaḋ an síol sa drisleaċ, is é sin an té do‐ċluin an briaṫar; agus taċtann cúram an tsaoġail, agus meallaḋ an tsaiḋḃris an briaṫar, agus bíonn sé gan toraḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

22 Agus an ṫé i n-ar cuireaḋ an síol fríd na dreasógaí, is é sin an té a ċluin an briaṫar, aċt plúċann cúram an tsaoġail seo agus meallaḋ an tsaiḋḃris an briaṫar, agus bíonn sé gan toraḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

22 Agus an t-é a ġlac an siól ins na sgeaċaiḃ, siné an t-é a ċloiseann an briaṫar, agus go ndeineann cúram an tsaoġail seo agus meallaḋ saiḋḃris an briaṫar do ṁúċaḋ, agus bíonn sé gan toraḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

22 Agus an neaċ úd ann ar cuireaḋ an síol a measg an ṁuiniġ ag so an té do ċluin an ḃríaṫar; agus múċaiḋ róċuram an tsaoġailsi, agus mealltóireaċd an tsaiḋḃris an ḃríaṫar, agus bí sé gan toraḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Maitiú 13:22
42 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus an té adéarfas focal i n‐aġaiḋ Ṁic an Duine, maiṫfear dó é; aċt an té laḃarfas i n‐aġaiḋ an Spioraid Naoiṁ, ní maiṫfear dó é, ar an saoġal so, ná ar an saoġal atá le teaċt.


agus is é an diaḃal an náṁaid do ċuir iad: agus is é deireaḋ an tsaoġail an fóġṁar; agus is iad na h‐aingil na buanaiḋṫe,


Agus fá mar bailiġtear an cogal agus dóiġtear é le teiniḋ; mar sin ḃéas i ndeireaḋ an tsaoġail.


Agus do ṫuit cuid eile ḋe ar an drisleaċ; agus d’ḟás an drisleaċ, agus do ṫaċt sé é;


Agus aduḃairt sé leo, Taḃraiḋ aire, agus seaċnaiḋ siḃ féin ar an tsainnt: óir ní i ḃflúirse a ḃfuil aige atá beaṫa an duine.


Mar sin do’n té ċruinniġeas stór dó féin, agus naċ ḃfuil saiḋḃreas i nDia aige.


Aċt taḃraiḋ aire ḋaoiḃ féin, ar eagla go mbéiḋ dúire croiḋe oraiḃ le craos, agus le meisce, agus le cúramaiḃ an tsaoġail seo, agus go otiocfaiḋ an lá sin go h‐obann oraiḃ ar nós gaiste:


Agus an ċuid do ṫuit i measc an drisliġ, is iad‐san na daoine d’éist, agus sa tsliġe ḋóiḃ, múċtar iad le cúram, agus le saiḋḃreas, agus le pléisiúr an tsaoġail, agus ní ṫugaid toraḋ ċum abaiḋeaċta.


Nuair ṫug Síomón fá deara gur tré láṁa na n‐abstal d’á gcur orṫa tugaḋ an Spiorad Naoṁ, do ṫairg sé airgead dóiḃ,


Agus ná géilliḋ do nósaiḃ an tsaoġail seo: aċt aṫruiġtear siḃ tré aṫnuaḋaḋ ḃur n‐aigne, ċum go ḃfroṁfaiḋ siḃ toil Dé, atá maiṫ, agus taiṫneaṁaċ, agus diongḃálta.


Cá ḃfuil an t‐eagnaiḋe? cá ḃfuil an scríoḃaiḋe? cá ḃfuil fear iomarḃáġa an tsaoġail seo? Naċ ḃfuil díṫ‐céille déanta ag Dia d’eagna an tsaoġail seo?


Aċt ċeana laḃraimíd eagnaiḋeaċt i measc na ndaoine n‐eolgaċ: ní h‐í eagnaiḋeaċt an tsaoġail seo í, ná eagnaiḋeaċt luċt ceannais an tsaoġail seo atá ag dul ar neaṁniḋ:


eagna naċ raiḃ eolas ag luċt ceannais an tsaoġail seo uirṫi, óir dá mbéaḋ eolas aca uirṫi, ní ċéasfaidís Tiġearna ná glóire:


Ná meallaḋ aon duine é féin. Má ṁeasann aon duine ḋíḃ ḃeiṫ glic san tsaoġal so, bíoḋ sé ’n‐a amadán, ċum go n‐éireoċaḋ sé glic.


san dream dí‐ċreidṁeaċ go ḃfuil a n‐aigne dallta ag Dia an tsaoġail seo, ċum naċ ndeallróċaḋ solas glórṁar Ċríost, íoṁáiġ Dé, orṫa.


ṫug é féin i n‐éiric ár bpeacaiḋe, ċum go saorfaḋ sé ó’n aois uilc so atá ann de láṫair, do réir tóla ár nDé agus ár nAṫar,


’n‐a raiḃ siḃ ag siuḃal roiṁ ré do réir cúrsa an tsaoġail seo, do réir prionnsa cuṁaċta an aeir, an spiorad atá ag oibriú anois i gclainn na h‐easuṁlaċta.


Órduiġ do na daoiniḃ go ḃfuil saiḋḃreas aca san tsaoġal so gan ḃeiṫ árd‐aigeantaċ, gan a muiniġin do ċur as an saiḋḃreas so‐ġluaiseaċta, aċt as Dia do‐ḃeir gaċ niḋ go fial dúinn ċum ár sástaċta:


óir do ṫréig Démas mé tré ġráḋ do’n tsaoġal láiṫreaċ so, agus atá sé imṫiġṫe go Tesaloníca; atá Crescens imṫiġṫe go Galátia, agus Títus go Dalmátia.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ