Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Maitiú 12:46 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

46 Le linn cainnte leis an bpobal dó, féaċ, do ḃí a ṁáṫair agus a ḋearḃráiṫre amuiġ, agus iad ag iarraiḋ laḃairt leis.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

46 Agus ar ḃeiṫ dó go fóill ag laḃairt leis na sluaiġte, féaċ, ṡeasuiġ a ṁáṫair agus a ḃráiṫre amuiġ, ag larraiḋ laḃairt leis.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

46 An ḟaiḋ a ḃí sé ag caint leis an bpobul, ṫáinig a ṁáṫair agus a ḃráiṫre amuiġ agus iad a d’iarraiḋ laḃairt leis.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

46 Agus ar mbeiṫ ḋó fós ag laḃairt ris an bpubal, féuċ, do ṡeasadar a ṁaṫair, agus a ḋearḃraiṫreaċa a muiġ, ag íarraiḋ laḃarṫa ris.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Maitiú 12:46
26 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus mar so is eaḋ ṫarla geineaṁain Íosa Críost. Iar mbeiṫ d’á ṁáṫair, Muire, luaiḋte le Seosaṁ, sara dtángadar le ċéile, friṫ go raiḃ sí torraċ ó’n Spiorad Naoṁ.


Agus aduḃairt duine éigin leis, Féaċ, atá do ṁáṫair agus do ḋearḃráiṫre ’n‐a seasaṁ amuiġ, agus iad ag iarraiḋ laḃairt leat.


Naċ é seo mac an tsiúinéara? Naċ dtugtar Muire ar a ṁáṫair? agus Séamas, agus Seosaṁ, agus Síomón, agus Iúdás ar a ḋearḃráiṫriḃ?


Agus do ċuadar isteaċ sa tiġ, agus fuaradar an leanḃ i ḃfoċair a ṁátar Muire, agus do ṡléaċtadar dó, agus d’aḋradar é, agus ag foscailt a dtaisce ḋóiḃ, ṫugadar bronntanais dó: ór, agus túis, agus mirr.


agus aduḃairt sé, Éiriġ, tóg leat an leanḃ óg agus a ṁáṫair, agus imṫiġ go tír Israel; óir, na daoine do ḃí ar tí an leinḃ do ṁarḃaḋ, atáid‐sean tar éis báis.


Ní ḟuaġann aon duine giota d’éadaċ nua ar ṡean‐ḃrat: má ḟuaġann, bainfiḋ an preabán nua cuid de’n tsean‐éadaċ ḋe, agus is measa‐de an stróic é.


Naċ é seo an siúinéir, mac Ṁuire, dearḃráṫair Ṡéamais, agus Ṡeosaiṁ, agus Iúdáis, agus Ṡíomóin? agus naċ ḃfuil a ḋeirḃṡeaṫraċa annso ’n‐ár measc? Agus fuaradar scannal ann.


Agus cionnas d’éiriġ ḋaṁ‐sa go dtiocfaḋ máṫair mo Ṫiġearna ċugam?


Agus do ḃí a aṫair agus a ṁáṫair ag déanaṁ ionganta de na neiṫiḃ aduḃraḋ ’n‐a ṫaoḃ;


agus do ḃeannuiġ Simeon iad, agus aduḃairt sé le Muire, a ṁáṫair, Féaċ, atá sé seo ceapṫa ċum leagṫa agus ċum aiséiriġṫe móráin i nIsrael, agus ċum ḃeiṫ ’n‐a ċóṁarṫa go gcuirfear ’n‐a aġaiḋ;


Agus nuair do ċonnacadar é do ḃí iongnaḋ orṫa; agus aduḃairt a ṁáṫair leis, A ṁic, cad ċuige ḋuit é seo do ḋéanaṁ orainn? féaċ, do ḃí t’aṫair agus mise ar do lorg agus buaiḋirt an‐ṁór orainn.


Agus do ċuaiḋ sé síos leo, agus ṫáinig sé go Nasair; agus do ḃí sé uṁal dóiḃ: agus do ċoiṁéad a ṁáṫair na briaṫra so uile ’n‐a croiḋe.


Agus aduḃairt sé, Tugaḋ daoiḃ‐se rúin‐diaṁra ríoġaċta Dé d’aiṫint: aċt do ḋaoiniḃ eile i saṁlaoidiḃ; ionnas, ag féaċain dóiḃ naċ ḃfeicfidís, agus ag éisteaċt dóiḃ naċ dtuigfidís.


Mar sin do‐rinne na saiġdiúirí. Aċt do ḃí ’n‐a seasaṁ i n‐aice croise Íosa a ṁáṫair, agus deirḃṡiúr a ṁáṫar, Máire Ċléopais, agus Máire Ṁagdaléne.


Agus an tríoṁaḋ lá ’n‐a ḋiaiḋ sin do ḃí bainis i gCána na Galilé; agus ḃí máṫair Íosa ann:


I n‐a ḋiaiḋ sin do ċuaiḋ sé síos go Cafarnaúm, é féin, agus a ṁáṫair, agus a ḃráiṫre, agus a ḋeisceabail: aċt níor ḟanadar annsin aċt beagán laeṫe.


Aduḃairt a ṁáṫair leis na seirḃíseaċaiḃ, Cibé rud adeir sé liḃ, déanaiḋ é.


Aċt nuair ḃí a ḃráiṫre imṫiġṫe suas ċum na féile, do ċuaiḋ sé féin suas mar an gcéadna, aċt ní ḋeaċaiḋ go poibliḋe, aċt mar ḃéaḋ sé ag dul i ngan ḟios.


D’á ḃriġ sin aduḃairt a ḃráiṫre leis, Fág an áit seo, agus imṫiġ go h‐Iúdaea, ċum go ḃfeicfiḋ do ḋeisceabail na gníoṁarṫa do‐ġní tú, ċóṁ maiṫ.


Óir níor ċreid a ḃráiṫre féin ann.


Do ḃíodar uile ag leanaṁain de ṫoil a ċéile i n‐urnaiġe, mar aon leis na mnáiḃ, agus le Muire máṫair Íosa, agus le n‐a ḃráiṫreaċaiḃ.


Naċ ḃfuil sé de ċead againn siúr do ṫaḃairt mar ḃainċéile i n‐éinḟeaċt linn, mar do‐ġní an ċuid eile de na h‐abstalaiḃ, agus bráiṫre an Tiġearna, agus Céfas?


Aċt ní ḟacas aon duine eile de na h‐abstalaiḃ, aċt aṁáin Séamas, dearḃráṫair an Tiġearna.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ