Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Maitiú 12:45 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

45 Annsin imṫiġeann sí, agus beireann sí léi seaċt spioraidí eile is measa ’ná í féin, agus, téiġeann siad isteaċ, agus cóṁnuiġeann siad ann: agus is aindeise an duine sin ar deireaḋ ’ná ar dtús. Agus is mar sin ḃéas an scéal ag an droċ‐ṡlioċt so.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

45 Annsin téro sé, agus ḃeir sé leis seaċt spioraid eile níos measa ná é féin, agus ar ḋul isteaċ dóiḃ, ġní siad cóṁnaiḋe annsin: agus éiriġeann stad deireannaċ an duine sin níos measa ná a ċéad stad. Is mar sin a ṫárlóċas fosta do’n droċ-ġlúm seo.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

45 Ansan imṫiġeann sé, agus tugann sé leis seaċt spioraidí eile is measa ’ná é féin, agus téiġid siad isteaċ, agus cóṁnuiġid siad sa tiġ sin. Agus is measa an cor atá ar an nduine sin sa deire ’ná mar a ḃí ar dtúis air. Sin mar a ḃeiḋ an sgéal ag an slioċt so atá ċóṁ fíor-olc.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

45 Imṫiġiḋ sé an tansin, agus do ḃeir sé seaċd spioraide eile is measa ná é féin leis, agus ar ndul a sdeaċ áitriġid síad ann sin: agus is measa críoċ ḋeiġeanaċ an duine úd ná a ṫosaċ. Agus is mar sin teigeaṁas don droiċġeinealaċso.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Maitiú 12:45
23 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċt nuair do‐ċuala na Fairisíniġ é, aduḃradar, Ní ċaiṫeann an fear so na deaṁain amaċ aċt tré Ḃelsibub, prionnsa na ndeaṁan.


Annsin adeir sí, Fillfead ar ais ċum mo ṫiġe féin as a dtáinig mé; agus ar dteaċt dí, do‐ġeiḃ sí folaṁ, scuabṫa, deisiġṫe é.


Aċt ní féidir deaṁan de’n tsórt so do ċaiṫeaṁ amaċ aċt le h‐urnaiġe agus le troscaḋ.


Is mairg daoiḃ, a scríoḃaiḋṫe agus a Ḟairisíneaċa, a luċt an ḟuar‐ċráḃaiḋ! óir taistealann siḃ muir agus tír ċum cóṁalta creidiṁ aṁáin do ḋéanaṁ; agus nuair éiriġeann liḃ, do‐ġní siḃ mac ifrinn de níos ḋá ṁeasa ’ná siḃ féin.


A ṫreoraiḋṫe dalla, scagas an ṁíoltóg, agus ṡloigeas an camall.


Agus nuair d’aiséiriġ sé go moċ ar maidin, an ċéad lá de’n tseaċtṁain, do ṫaisbeán sé é féin ar dtús do Ṁáire Ṁagdaléné, as ar ċuir sé amaċ seaċt ndeaṁain.


Agus d’ḟiafruiġ sé ḋe, Cad is ainm duit? Agus aduḃairt seisean leis, Léigiún is ainm dom; óir is sluaġ sinn.


Imṫiġeann sí annsin agus do‐ḃeir sí léi seaċt spioraidí eile is measa ’ná í féin; agus téid siad‐san isteaċ agus do‐ġní siad cóṁnaiḋe ann: agus is measa staid an duine sin sa deireaḋ ’ná do ḃí a ċéad staid.


Óir ní le feoil agus le fuil atáimíd ag iomrascáil, aċt leis na flaiṫeasaiḃ, leis na cuṁaċtaiḃ, le tioránaċaiḃ árd‐réime an doṁain dorċa so, le sluaiġte deaṁnaiḋe an uilc ins na réigiúnaiḃ uaċtaraċta.


Aċt ní daoine de’n dream ċasas siar agus cailltear sinne, aċt daoine de’n dream ċreideas ċum a n‐anam do ṡlánú.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ