Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Maitiú 12:33 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

33 Déanaiḋ an crann maiṫ agus a ṫoraḋ maiṫ; nó déanaiḋ an crann loḃṫa agus a ṫoraḋ loḃṫa: óir ar a ṫoraḋ is eaḋ aiṫniġtear an crann.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

33 Déanaigiḋ an crann maiṫ, agus a ṫoraḋ maiṫ; sin nó déanaigiḋ an crann loḃṫa, agus a ṫoraḋ loḃṫa: óir is ó n-a ṫoraḋ a aiṫniġtear an crann.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

33 Deiniḋ an crann a ḃeiṫ go maiṫ agus a ṫoraḋ fóġanta air; nó deiniḋ an crann go h-olc agus an toraḋ go h-olc air; óir is as a ṫoraḋ do h-aiṫniġtear an crann.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

33 Ceaċdar do ḋa ní, déanaiḋ an crann maiṫ, agus a ṫoraḋ maiṫ; no déanaiḋ an crann loḃṫa, agus a ṫoraḋ loḃṫa: óir is as a ṫoraḋ aiṫéantar an crann.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Maitiú 12:33
11 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

A Ḟairisíniġ ḋaill, glan ar dtús an taoḃ istiġ de’n ċupán agus de’n ṁéis, ionnas go mbéiḋ an taoḃ amuiġ glan ċóṁ maiṫ.


Agus ċeana féin atá an tuaġ curṫa ar ḟréiṁ na gcrann: gaċ uile ċrann, d’á ḃriġ sin, naċ dtugann toraḋ maiṫ uaiḋ, gearrtar é, agus caiṫtear sa teiniḋ é.


An ḃféadann crann fige, a ḃráiṫre, caora crainn ola do ṫaḃairt, nó crann fineaṁna figí do ṫaḃairt? Ní ḟéadann, agus ní mó ḟéadas uisce guirt fíor‐uisce do ṫaḃairt.


Druidiḋ le Dia, agus druidfiḋ seisean liḃ. Niġiḋ ḃur láṁa, a ṗeacaċa, agus glanaiḋ ḃur gcroiḋeaċa go h‐iomlán, a luċt an dá ċóṁairle.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ