Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Maitiú 12:25 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

25 Agus b’eol dó‐san a smaointe, agus aduḃairt sé leo, Gac ríoġaċt atá deaġailte innti féin, bascṫar í; agus gaċ caṫair nó líon tiġe atá deaġailte i gcoinniḃ a ċéile, ní ṡeasfaiḋ sé:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

25 Aċt b’eol do Íosa a smaointe, agus duḃairt sé leo: Gaċ ríoġaċt a ḃíos roinnte ina h-éadan féin, bánóċar í, agus gaċ caṫair nó teaċ a ḃíos roinnte ina éadan féin, ní ṡeasóċaiḋ sé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

25 Aċ do ċonaic Íosa a smuínte, agus duḃairt sé leó: Gaċ riġeaċt a ḃeiḋ deiġilte ’n-a ċoinniḃ féin déanfaiḋ fásaċ dé; agus gaċ caṫair, nó gaċ teiġleaċ, a ḃeiḋ deigilte i gcoinniḃ a ċéile, ní ṡeasóċaiḋ sé;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

25 Aċd an tan do aiṫin Iósa a smúaintiġṫe, a duḃairt sé riu, Gaċ rioġaċd atá roinnte na haġaiḋ féin biáiḋ sí na fásaċ; agus gaċ uile ċaṫair nó teaġ a tá roinnte na aġaiḋ féin ní ṡeasfuiḋ sé:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Maitiú 12:25
18 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus nuair ṫug Íosa fá ndeara na smaointe do ḃí aca, aduḃairt sé, Cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ ag smaoineaḋ go h‐olc i n‐ḃúr gcroiḋeaċaiḃ?


Agus ar an láṫair, ar n‐a ḟeiscin d’Íosa, ’n‐a spioraid féin, an maċtnaṁ do ḃi ’n‐a n‐aigne aca, aduḃairt sé leo, Cad ċuige ḋaoiḃ ḃeit ag maċtnaṁ mar sin i n‐ḃúr gcroiḋeaċaiḃ?


Aduḃairt sé leis an tríoṁaḋ h‐uair, A Ṡíomóin Eoin, An ionṁain leat mé? Do ġoill sé ar Ṗeadar go nduḃairt sé leis an tríoṁaḋ h‐uair, An ionṁain leat mé? Agus aduḃairt sé leis, A Ṫiġearna, is eol duit an uile niḋ; atá a ḟios agat gur ab ionṁain liom ṫú. Aduḃairt Íosa leis, Beaṫuiġ mo ċaoiriġ.


Óir cia h‐é an duine gur ab eol dó na neiṫe ḃaineas leis an duine, aċt aṁáin spiorad an duine atá istiġ ann? Ar an geuma ċéadna sin ní h‐eol d’aoinneaċ na neiṫe ḃaineas le Dia, aċt aṁáin do Spiorad Dé.


Aċt má ḃíonn siḃ ag sclaṁaḋ agus ag alpaḋ a ċéile, taḃraiḋ aire naċ scriosfaiḋ siḃ a ċéile.


Agus ní ḟuil éinniḋ d’ár cruṫuiġeaḋ naċ ḃfuil soiléir os cóṁair a ṡúl; aċt atá an uile niḋ noċta, lán‐ḟoscailte roiṁ ṡúiliḃ an té go ḃfuil cunntas againn le déanaṁ leis.


Agus do briseaḋ an ċaṫair ṁór ’n‐a trí codaċaiḃ, agus do ṫuit caṫraċa na gciniḋeaċ ar lár: agus do ċuiṁniġ Dia ar an mBaibiolóin ṁóir, ċum cupán fíona a ḋíḃeirge móire do ṫaḃairt le n’ól di.


Agus imreoċad bás ar a clainn; agus tuigfiḋ na h‐eaglaisí gur mise an té scrúduiġeas na duḃáin agus na croiḋeaċa: agus do‐ḃéarfad do gaċ duine agaiḃ do réir ḃur ngníoṁarṫa.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ