Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Maitiú 12:18 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

18 Féaċ, mo ṡeirḃíseaċ atá toġṫa agam; An té is ionṁain liom ’n‐a ḃfuil aoiḃneas m’anma: Cuirfead mo Spiorad air, Agus fógróċaiḋ Sé breiṫeaṁnas do na Geintiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

18 Féaċ, mo ṡeirḃíseaċ a ṫoġ mé, mo ġráḋ i n-ar ċuir m’anam mór-ṫaitneaṁ. Cuirfiḋ mé mo Spiorad air, agus fógróċaiḋ sé breiṫeaṁnas do na ciniḋeaċa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

18 Féaċ, mo ṡeirḃíseaċ, an t-é a ṫoġas, an t-é is ionṁuin liom, an t-é ar a ḃfuil greann ó m’anam. Cuirfead mo spioraid air, agus fógróċaiḋ sé breiṫeaṁantas dos na geintiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

18 Féuċ mo ṡéarḃḟoġantuiḋe féin, do ṫoġ mé; mo ġráḋ féin, dá ḃfuil toil ṁór ag manam: cuirfiḋ mé mo spiorad féin air, agus inneósuiḋ sé breiṫeaṁnus do na Cineaḋaċaiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Maitiú 12:18
40 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

ionnas go gcóiṁlíonfaiḋe an niḋ aduḃraḋ tré Ésáias fáiḋ,


Le linn a ċainnte, féaċ, do leaṫ scamall lonnraċ orṫa: agus féaċ, an guṫ as lár an scamaill, aduḃairt, Is é seo mo Ṁac ionṁain, ’n‐a ḃfuil mo mór‐aoiḃneas; éistiḋ leis.


agus ṫáinig an guṫ as na flaiṫeasaiḃ, Is tusa mo Ṁac ionṁain in a ḃfuil mo ṁór‐aoiḃneas.


Agus ṫáinig scamall ’n‐a dtimċeall do ċlúduiġ iad: agus ṫáinig an guṫ as an scamall aduḃairt, Is é seo mo Ṁac ionṁain: éistiḋ leis.


Agus do ḃí na daoine ’n‐a seasaṁ ag féaċain. Agus do ḃí na h‐uaċtaráin, leis, ag taḃairt tarcuisne ḋó, g‐á ráḋ, D’ḟuascail an té seo daoine eile; fuasclaḋ sé é féin, má’s é an Críost é, do ṫoġ Dia.


agus gur ṫuirling an Spiorad Naoṁ i rioċt corporḋa, i gcruṫ cuilm air, agus ṫáinig an guṫ as na flaiṫeasaiḃ, Is tusa mo Ṁac ionṁain; is ionnat‐sa atá mo ṁór‐aoiḃneas.


Ata Spiorad an Tiġearna orm, De ḃriġ gur ong sé mé ċum déiġ‐scéala do ċraoḃscaoileaḋ do na boċtaiḃ: Do ċuir sé uaiḋ mé ċum fuascailt d’ḟógairt do na braiġdeánaiḃ, Agus raḋarc do na dallaiḃ, Ċum saoirse do ṫaḃairt dóiḃ‐sean atá brúiġte,


Agus ṫáinig guṫ as an scamall amaċ, aduḃairt, Is é seo mo Ṁac, mo roġa: éistiḋ leis.


Óir an té do ċuir Dia uaiḋ laḃrann sé briaṫra Dé: óir ní de réir tóṁais ḃronnas Dia an Spiorad.


cionnas mar d’ong Dia Íosa Nasarḋa leis an Spiorad Naoṁ agus le cuṁaċt: gur ġluais sé roiṁe ag déanaṁ deaġ‐ġníoṁ, agus ag leiġeas gaċ duine do ḃí fá smaċt an diaḃail; óir do ḃí Dia leis.


Agus nuair do‐ċualadar an méid sin, do ċiúnuiġ siad, agus ṫugadar glóir do Ḋia, g‐á ráḋ, Is léir, mar sin, go ḃfuil aiṫriġe ċum na beaṫaḋ taḃarṫa ag Dia do na Cineaḋaċaiḃ féin.


Agus nuair ṫángadar, agus do ċruinniġeadar an eaglais i gceann a ċéile, d’inniseadar gaċ a ndearna Dia tríoṫa, agus cionnas mar d’ḟoscail sé doras creidiṁ do na Cineaḋaċaiḃ.


ċum clú glóire a ġrása, do ḃronn sé go saor orainn san Té n‐a ḃfuil a ġráḋ:


Pól, abstal Íosa Críost de ṫoil Dé, agus Timóteus bráṫair,


D’ḟuascail sé ó ċuṁaċt an dorċadáis sinn, agus d’aistriġ sé go ríoġaċt a Ṁic ionṁain féin sinn;


Druidiḋ leis, cloċ ṡír‐ḃeo, d’ar ḋiúltuiġ na daoine, aċt atá toġṫa, luaċṁar i ḃfiaḋnaise Dé.


Óir fuair sé onóir agus glóir ó Ḋia an tAṫair, go dtáinig an guṫ ċuige as lár na glóire mór‐ṫaiḋḃsiġe, Is é seo mo Ṁac ionṁain ’n‐a ḃfuil mo ṁór‐aoiḃneas:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ