Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Maitiú 12:14 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

14 Aċt d’imṫiġ na Fairisíniġ amaċ, agus do ċuadar i gcóṁairle le ċéile ’n‐a ċoinniḃ, ċum go millfidís é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

14 Ar ḋul amaċ do na Fairisíniġ, ċuaiḋ siad i gcóṁairle ina aġaiḋ, fá’n ċaoi ina gcuirfeaḋ siad ċun báis é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

14 D’imṫiġ na Fairisíniġ amaċ, áṁṫaċ, agus ċuadar i gcóṁairle ’n-a ċoinniḃ ċun a ṁairḃṫe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

14 Agus ar ndul a maċ do na Ṗarisineaċaiḃ, do ċúadar a gcoṁairle na aġaiḋsean, do ċum go millfidís é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Maitiú 12:14
15 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

agus do‐rinneadar cóṁairle le ċéile ċum go mbéarfaidís ar Íosa le feall, go marḃóċaidís é.


Agus nuair do ḃí an ṁaidin ann, do ċuaiḋ uaċtaráin na sagart agus seanóirí an ṗobail i ndáil cóṁairle i n‐aġaiḋ Íosa, ċum go gcuirfidís ċum báis é:


Agus i gcionn dá lá do ḃí féile na Cásca agus an aráin gan laiḃín ann: agus do ḃí uaċtaráin na sagart agus na scríoḃaiḋṫe ’g‐a ḃeartú cionnas do ḃéarfaidís air le feall, le n‐a ṁarḃaḋ: óir aduḃradar,


Agus d’imṫiġ na Fairisíniġ amaċ, agus ar an laṫair do ġlacadar cóṁairle le muinntir Ioruaiṫ ’n‐a aġaiḋ, agus iad ag iarraiḋ sliġe do ċeapaḋ le n‐a ṁilleaḋ.


Agus do ḃí uaċtaráin na sagart agus na scríoḃaiḋṫe ag iarraiḋ cionnas ċuirfidís ċum báis é; óir do ḃí eagla na ndaoine orṫa.


Agus do ḃíodar‐san lán de ċúṫaċ; agus do ġlacadar cóṁairle le ċéile d’ḟéaċain créad do ḋéanfaidís le h‐Íosa.


Do ṫóg na h‐Iúdaiġ cloċa arís le n‐a gcaiṫeaṁ leis.


D’iarradar breiṫ air arís: agus d’éaluiġ sé as a láṁaiḃ.


D’á ḃriġ sin, ó’n lá sin amaċ, do ċeapadar de ċóṁairle le ċéile a ċur ċum báis.


Agus do ḃí órdú tugṫa ag uaċtaránaiḃ na sagart agus ag na Fairisíneaċaiḃ, dá mb’ eol d’aoinneaċ cá raiḃ sé, a innsin, go ngaḃfaidís é.


Ar an aḋḃar sin ba ḋéine do ḃí na h‐Iúdaiġ ag tnúṫ le n‐a ċur ċum báis, ní h‐é aṁáin gur ḃris sé an tsabóid, aċt go nduḃairt sé gurḃ é Dia a Aṫair, g‐á ċur féin ar aon dul le Dia.


Annsin do ṡanntuiġeadar breiṫ air: aċt níor ċuir aon duine láṁ ann, óir ní raiḃ a uair tagṫa fós.


Do‐ċuala na Fairisíniġ an sluaġ ag conspóideaċt ’n‐a ṫaoḃ ar an gcuma sin; agus do ċuir uaċtaráin na sagart agus na Fairisíniġ maoir ċum beirṫe air.


Agus ba ṁian le cuid aca breiṫ air, aċt níor ċuir aon duine láṁ air.


Annsin do ṫógadar cloċa le caiṫeaṁ leis: aċt do ċuaiḋ Íosa i ḃfolaċ, agus d’imṫiġ sé as an teampall.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ