Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Maitiú 11:28 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

28 Tigiḋ ċugam‐sa, siḃ uile ar a ḃfuil duaḋ agus trom‐ualaċ, agus do‐ḃéarfad fionnḟuaraḋ ḋaoiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

28 Taraigiḋ ċugam-sa, siḃ-se uilig a ḃíos tuirseaċ ag obair agus faoi ualaċ ṫrom, agus ḃéarfaiḋ mé faoiseaṁ díḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

28 Tagaiḋ go léir ag triall orm-sa, gaċ duine go ḃfuil cruaḋtan agus tromualaċ air, agus taḃarfad-sa faoiseaṁ oraiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

28 Tigiḋ ċugamsa, uile a ḃfuiltí tuirseaċ agus fá anúalaċ trom, agus do ḃéaraiḋ mé fúaraḋ ḋáoiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Maitiú 11:28
36 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Tógaiḋ mo ċuing‐se oraiḃ, agus foġlaimiḋ uaim, óir atáim ceannsa agus uṁal im’ ċroiḋe: agus do‐ġeoḃaiḋ siḃ faoiseaṁ d’ḃúr n‐anmannaiḃ.


Ṫairis sin, ceanglaid ualaiġe troma, do‐iomċair, agus cuirid ar ġuailniḃ na ndaoine iad; aċt ní h‐áil leo féin a gcorruiġe le n‐a méir.


Gaċ a dtugann an t‐Aṫair ḋom, tiocfaiḋ sé ċugam, agus an té ṫig ċugam ní ċuirfiḋ mé uaim é ar ċor ar biṫ.


Agus an lá deireannaċ de’n ḟéile, an lá mór, do ṡeas Íosa agus do ġlaoḋ sé ós árd, Má tá tart ar aon duine, tagaḋ sé ċugam‐sa, agus ólaḋ sé.


Cad ċuige ḋaoiḃ anois, d’á ḃriġ sin, caṫú do ċur ar Ḋia, ag cur cuinge ar ṁuineálaiḃ na ndeisceabal, nár ḟéad ár sinnsir ná sinn féin d’iomċar?


Do ḃíos im’ eisiompláir ḋaoiḃ ins gaċ éinniḋ, g‐á ṫaisbeáint daoiḃ gur ag obair ar an gcuma sin ba ḋual daoiḃ cuidiú leis na daoiniḃ laga, agus cuiṁniú ar ḃriaṫraiḃ an Tiġearna Íosa, mar aduḃairt sé, Is mó is beannuiġṫe bronnaḋ ’ná glacaḋ.


Is ċum saoirse do rinne Críost saor sinn: seasaiḋ go daingean, mar sin, gan ḃeiṫ ceangailte arís fá ċuing na daoirse.


agus suaiṁneas i n‐éinḟeaċt linne do ṫaḃairt daoiḃ‐se, nuair foillseoċar an Tiġearna Íosa ó neaṁ, mar aon le h‐aingliḃ a ċuṁaċta,


Bíoḋ eagla orainn, d’á ḃriġ sin, ċóṁ fada agus fágṫar an ġeallaṁain ċum dul isteaċ ’n‐a ṡuaiṁneas, a ṁeas gur ṫeip ar aon duine agaiḃ breiṫ uirṫi.


Agus adeir an Spiorad agus an ḃean óg nua‐ṗósta, Tar. Agus an té éisteas, abraḋ sé, Tar. Agus an té go ḃfuil tart air, tagaḋ sé: an té gur ab áil leis é, glacaḋ sé uisce na beaṫaḋ i n‐aisce.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ