Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Maitiú 11:25 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

25 Ins an am sin d’ḟreagair Íosa agus aduḃairt, Molaim ṫú, a Aṫair, a Ṫiġearna neiṁe agus talṁan, gur ċeilis na neiṫe seo ar luċt eagna agus tuigseana, agus gur noċtais do naoiḋeanaiḃ iad:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

25 San am sin d’ḟreagair Íosa, agus duḃairt: Ḃeirim buiḋeaċas duit, a Aṫair, a Ṫiġearna neiṁe agus talaiṁ, de ḃríġ gur ḟoluiġ cú na neiṫe seo ar luċt eagna agus críonnaċta, agus gur ḟoillsiġ tú iad do leanḃáin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

25 Sa n-am san d’ḟreagair Íosa agus duḃairt: Adṁuiġim ad’ láṫair-se, a Aṫair, a Ṫiġearna neiṁe agus talṁan, mar gur ċeilis na neiṫe seo ar luċt eagna agus tuisgiona, agus gur noċtais iad do naoiḋeanaiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

25 Do ḟreagair Iósa a nuáirsin agus a duḃairt sé, Do ḃeirim buiḋeaċas ḋuit, a Aṫair, a Ṫiġearna neiṁe agus talṁan, ar son gur ḟoluiġ tú ná neiṫese ó ḋáoniḃ eagnuiḋe agus tuigseanaċa, agus gur noċt tú íad do leanbaiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Maitiú 11:25
40 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus d’ḟreagair Íosa, agus aduḃairt sé leis, Is aoiḃinn duit, a Ṡíomóin ṁic Ióna: óir ní fuil agus feoil d’ḟoillsiġ duit é, aċt m’Aṫair‐se atá ar neaṁ.


Agus aduḃairt Íosa leo, Do‐ċluinim: nár léiġeaḃar riaṁ, As béal leanḃ agus naoiḋeanán cíċe fuarais molaḋ iomlán?


g‐á ráḋ, A Aṫair, má’s toil leat é, beir uaim an cupán so: aċt ċeana, nárab é mo ṫoil‐se aċt do ṫoil‐se do‐ġéantar.


Agus aduḃairt Íosa, A Aṫair, maiṫ ḋóiḃ, óir ní ḟuil a ḟios aca créad atá aca d’á ḋéanaṁ. Agus do roinneadar a ċuid éadaiġe eadorṫa féin, g‐á gcur ar ċrannaiḃ.


Agus do ṫógadar an leac. Agus d’ḟéaċ Íosa i n‐áirde, agus aduḃairt, A Aṫair, do‐ḃeirim a ḃuiḋeaċas leat gur éistis liom.


Anois atá buaiḋirt anma orm; agus créad adéarfad? A Aṫair, fuascail mé ó’n uair seo. Aċt ċuige seo is eaḋ ṫáinig mé ċum na h‐uaire seo.


A Aṫair, glóiriġ t’ainm. Annsin ṫáinig guṫ ó neaṁ, Do ġlóiriġeas ċeana é, agus glóireoċad arís é.


An Dia do‐rinne an doṁan agus a ḃfuil ann, ó’s é Tiġearna neiṁe agus talṁan é, ní ċóṁnuiġeann sé i dteampallaiḃ do‐rinneaḋ le láṁaiḃ;


Aċt do noċt Dia ḋúinne tríd an Spiorad iad: óir scrúduiġeann an Spiorad an uile niḋ, go fiú neiṫe doiṁne Dé.


aċt do ḃí a n‐aigne dallta, óir go dtí an lá so féin, le linn léiġte an tseantiomna, fanann an folaċ céadna gan tógáil: folaċ atá curṫa ar neaṁ‐niḋ i gCríost.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ