Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Maitiú 10:19 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

19 Aċt nuair ḃéarfas siad ar láiṁ siḃ, ná bíoḋ sé n‐a ċás agaiḃ cionnas laḃarfas siḃ, nó créad adéarfas siḃ: óir doḃéarfar daoiḃ, an uair sin féin, an niḋ laḃarfas siḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

19 Agus nuair a ḃéarfar ar láiṁ siḃ, ná bígiḋ imniḋeaċ ḟá’n dóiġ ná ḟá’n níḋ a laḃarfas siḃ: óir ḃéarfar díḃ an uair sin cad é a laḃarfas siḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

19 Nuair a ṫaḃarfid siad ar láiṁ siḃ, áṁṫaċ, ná bíḋiḋ ag maċtnaṁ féaċaint cad’ déarfaiḋ siḃ, ná conus; óir taḃarfar daoiḃ an uair sin an níḋ a laḃarfaiḋ siḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

19 Aċd an tan do ḃéaraid síad úaṫa a láiṁ siḃ, na bíoḋ na roċás oruiḃ cionnas no créd laiḃéorṫáoi: óir do ḃéarṫar ḋáoiḃ ar a núarsin féin an ní laiḃéorṫáoi.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Maitiú 10:19
20 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

agus béarfaiḋ siad siḃ i láṫair uaċtarán agus ríoġ ar mo ṡon‐sa, mar ḟiaḋnaise ḋóiḃ‐sean agus do na Págánaċaiḃ.


D’á ḃriġ sin adeirim liḃ, Ná bíoḋ imniḋe oraiḃ i dtaoḃ ḃúr mbeaṫaḋ, mar ġeall ar a n‐íosaiḋ siḃ, nó mar ġeall ar a n‐ólfaiḋ siḃ; ná i dtaoḃ ḃúr gcuirp, mar ġeall ar an gclúdaċ ḃéas oraiḃ. Naċ mó an t‐anam ’ná an biaḋ, agus an corp ’ná an t‐éadaċ?


Ná bíoḋ imniḋe oraiḃ, d’á ḃriġ sin, agus siḃ g‐á ráḋ, Créad íosaimíd? nó, Créad ólfaimíd? nó, Cionnas clúdóċar sinn?


D’á ḃriġ sin, ná bíoḋ imniḋe oraiḃ i dtaoḃ an lae amáraċ: óir béiḋ a ċúram féin ar an lá amáraċ. Ní beag do’n lá a ċion féin de’n olc.


Agus nuair ḃéarfas siad i láṫair na sionagóg, agus na ngiúistís, agus na n‐uaċtarán siḃ, ná bíoḋ ’n‐a imniḋe oraiḃ cionnas nó cad ḟreagróċas siḃ, nó cad adéarfas siḃ:


óir múinfiḋ an Spiorad Naoṁ daoiḃ ar an uair sin cad ba ċeart daoiḃ do ráḋ.


Agus do ṡáruiġ orṫa cur i gcoinniḃ na h‐eagna agus i gcoinniḃ an Spioraid le n‐ar laḃair sé.


Ná bíoḋ imniḋe oraiḃ fá rud ar biṫ: aċt san uile niḋ cuiriḋ ḃur n‐iarrataisí i n‐uṁail do Ḋia le h‐urnaiġe, agus le h‐aṫċuinġe, agus le breiṫ buiḋeaċais.


Aċt do ṡeas an Tiġearna lem’ ais, agus ṫug sé neart dom, ċum go ḃfógróċaiḋe an teaċtaireaċt go h‐iomlán tríom‐sa, agus go gcluinfeaḋ na Cineaḋaċa go léir í: agus do saoraḋ mé ó ḃéal an leoṁain.


Má ḃíonn aon duine agaiḃ i n‐uireasbaiḋ eagna, iarraḋ sé ar Ḋia í; is é do‐ḃeir go fial do ċáċ, gan aiṫḃear; agus do‐ḃéarfar dó í.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ