Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Maitiú 10:17 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

17 Aċt seaċnaiḋ siḃ féin ar na daoiniḃ: óir do‐ḃéaraiḋ siad ar láiṁ siḃ do na cóṁairliḃ, agus sciúrsálfaiḋ siad siḃ ’n‐a sionagógaiḃ;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

17 Aċt bígiḋ ar ḃur gcoiṁéad ar na daoine. Óir ḃéarḟaiḋ siad ar láiṁ siḃ i gcóṁairleaċa, agus sciúrsálfaiḋ siad siḃ ina sineagóga:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

17 Aċ seaċnaiḋ siḃ féin ar na daoine. Óir, taḃarfid siad ar láiṁ siḃ, ins na cóṁairlíḃ agus sgiúrsálfaid siad siḃ i n-a sinagógaiḃ;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

17 Aċd bíḋiḋ ar ḃur gcoiṁéd ar na dáoiniḃ: óir do ḃéuraid síad a láiṁ siḃ do ċoṁairleaċaiḃ, agus sgíursfuid siḃ ann siónagógaiḃ;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Maitiú 10:17
26 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

agus béarfaiḋ siad siḃ i láṫair uaċtarán agus ríoġ ar mo ṡon‐sa, mar ḟiaḋnaise ḋóiḃ‐sean agus do na Págánaċaiḃ.


agus do‐ḃéarfaid do na Geintiḃ é le tarcuisniú, agus le sciúrsáil, agus le céasaḋ: agus, an treas lá éireoċaiḋ sé arís.


D’á ḃriġ sin, féaċ, ċuirim‐se ċugaiḃ fáiḋe, agus eagnaiḋṫe, agus scríoḃaiḋṫe: marbóċaiḋ siḃ cuid aca, agus céasfaiḋ siḃ cuid aca; agus sciúrsálfaiḋ siḃ cuid aca ’n‐ḃúr sionagógaiḃ, agus ruaigfiḋ siḃ ó ċaṫair go caṫair iad:


Agus do ḃí uaċtaráin na sagart agus an árd‐ċóṁairle uile ag iarraiḋ fiaḋnaise ḃréige d’ḟáġáil i n‐aġaiḋ Íosa, go ndaorfaidís ċum báis é;


Cibé duine atá i ḃfeirg le n‐a ḃráṫair, béiḋ seisean cionntaċ do’n ḃreiṫeaṁnas; agus cibé duine adéarfas, Racá, le n‐a ḃráṫair, béiḋ sé cionntaċ do’n Árd‐ċóṁairle, agus cibé duine adéarfas, A ṗleiḋce, béiḋ teine Gehenna tuillte aige.


Agus do‐ḃéarfaiḋ an dearḃráṫair a ḋearḃráṫair ċum báis, agus an t‐aṫair a ṁac; agus éireoċaiḋ an ċlann i n‐aġaiḋ a n‐aṫar agus a máṫar, agus imreoċaid bás orṫa.


Aċt taḃraiḋ‐se aire ḋaoiḃ féin: óir do‐ḃéarṫar siḃ i ḃfiaḋnaise na gcóṁairle; agus sciúrsálfar siḃ i sionagógaiḃ; agus seasfaiḋ siḃ i láṫair uaċtarán agus ríoġ ar mo ṡon‐sa, mar ḟiaḋnaise ḋóiḃ.


Agus nuair ḃéarfas siad i láṫair na sionagóg, agus na ngiúistís, agus na n‐uaċtarán siḃ, ná bíoḋ ’n‐a imniḋe oraiḃ cionnas nó cad ḟreagróċas siḃ, nó cad adéarfas siḃ:


Annsin do ċruinniġ uaċtaráin na sagart agus na Fairisíniġ cóṁairle, agus aduḃradar, Créad atá le déanaṁ againn? Óir atá an fear so ag déanaṁ a lán míorḃal.


Cuirfear amaċ as na sionagógaiḃ siḃ: ṫairis sin, atá an uair ag teaċt go measfaiḋ an té ṁarḃas siḃ gur ag déanaṁ seirḃíse do Ḋia atá sé.


Annsin gan ṁoill do ċuir na bráiṫreaċa Pól uaṫa i dtreo na fairrge: aċt d’ḟan Sílas agus Timóteus ’n‐a ḋiaiḋ.


Agus aduḃras, A Ṫiġearna, is maiṫ is eol dóiḃ féin go mbínn‐se ag cur gaċ duine do ċreid ionnat‐sa i bpríosún, agus go mbínn g‐á sciúirseaḋ ins gaċ sionagóig:


Agus ṫugas pionós go minic dóiḃ ins na sionagógaiḃ go léir, agus do‐rinneas iarraċt fá ḋia‐ṁaslaḋ do ḃaint asta; agus leis an dearg‐ḃuile do ḃí orm ’n‐a gcoinniḃ, do‐rinneas géirleanaṁain orṫa go dtí na caṫraċa coigríoċa.


agus d’iarr sé air liṫreaċa do ṫaḃairt dó ċum na sionagóg i nDamascus, ċum, dá ḃfaiġeaḋ sé aon duine, fear nó bean de’n tSliġe seo, go dtiuḃraḋ sé leis iad ceangailte go h‐Iarúsalem.


Seaċnaiḋ na madraí, seaċnaiḋ na droċ‐oibriḋṫe, seaċnaiḋ luċt an ċóiṁġearrṫa:


bí ar t’aire ’n‐a ṫaoḃ‐sa: óir do ċuir sé go mór i n‐aġaiḋ ár mbriaṫra.


do fróṁaḋ cuid eile aca le magaḋ agus le sciúrseaḋ, le cuiḃreaċaiḃ agus le príosún:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ