Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Maitiú 10:16 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 Féaċaiḋ, cuirim uaim amaċ siḃ ar nós caoraċ i measc madaḋ allta: biḋiḋ, d’á ḃriġ sin, ċóṁ glic leis na naṫraċaiḃ niṁe, agus ċóṁ símpliḋe leis na colmaiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

16 Féaċ, cuirim-se siḃ mar ċaoiriġ imeasc mac tíre. Ar an aḋḃar sin, bígiḋ glic mar na naiṫreaċa niṁe, agus soḋanta mar na colmáin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

16 Féaċ, táim ag ḃúr gcur amaċ ar nós caoraċ ameasg faolċon. Bíḋiḋ, d’á ḃríġ sin, ċóṁ glic leis na h-aiṫreaċaiḃ niṁe agus ċóṁ símplíḋe leis na colúraiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

16 Féuċ, cuirimse siḃse mar ċáorċaiḃ a measg ṁadraḋ állta: ar anaḋḃarsin bíḋiḋ glic mar na haiṫreaċa neiṁe, agus neamburċóideaċ mar na colama.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Maitiú 10:16
25 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Féaċ atá inniste agam daoiḃ roiṁ ré.


Cia h‐é, mar sin, an seirḃíseaċ cóir, céilliḋe, do ċuir a ṫiġearna i gceannas muinntire a ṫiġe ċum a mbiaḋ do ṫaḃairt dóiḃ i dtráṫ?


Agus do ḃí cúigear díoḃ dí‐ċéilliḋe, agus do ḃí cúigear eile céilliḋe.


aċt ṫug siad‐san a ḃí cé illiḋe íle ’n‐a soiṫiġiḃ ċóṁ maiṫ leis na lóċrannaiḃ.


Aċt d’ḟreagair an dream ciallṁar, agus aduḃradar, Do b’ḟéidir naċ mbéaḋ ár ndóṫain ann dúinne agus daoiḃ‐se: do b’ḟearr daoiḃ dul ċum na gceannaiḋe, agus cuid do ċeannaċ ḋaoiḃ féin.


Imṫiġiḋ róṁaiḃ: féaċaiḋ, cuirim uaim amaċ siḃ aṁail caoiriġ i measc madaḋ allta,


óir do‐ḃéarfad‐sa briaṫra béil agus eagna ḋaoiḃ naċ ḃféadfaiḋ ḃúr náiṁde go léir a séanaḋ ná cur ’n‐a gcoinniḃ.


Atá a ḟios agam, nuair ḃéiḋead‐sa imṫiġṫe, go dtiocfaiḋ faolċoin fíoċṁara isteaċ ’n‐ḃúr measc, agus ní staonfaiḋ siad ó’n tréad;


A bráiṫre, ná biḋiḋ ’n‐ḃur leanḃaiḃ do réir tuigseana: aċt i dtaoḃ mailíse biḋiḋ ’n‐ḃur leanḃaiḃ, aċt i dtaoḃ tuigseana cinn, biḋiḋ ’n‐ḃur ndaoiniḃ fásta.


Óir is é fáṫ ár maoiḋṁeaċais, fiaḋnaise ár gcóinsiais, gur i naoṁṫaċt agus i ḃfíre i ḃfiaḋnaise Dé d’iomċaramar sinn féin san tsaoġal, ní h‐é i ngliocas colnaiḋe, aċt i ngrása Dé, ’n‐ḃur dtaoḃ‐sa go mór.


Agus ní h‐aon iongnaḋ é sin; mar ċuireann Sátan féin cló aingil solais air féin.


Aċt is eagal liom, fá mar ṁeall an naṫair Éaḃa le n‐a ġliocas, go dtruailleoċaiḋe ḃur smaointe ar aon ċor ó’n tsimpliḋeaċt agus ó’n ngeanmnaiḋeaċt i dtaoḃ Ċríost.


g‐á ṡeaċaint go mbéaḋ aon loċt le fáġáil orainn i dtaoḃ na flúirse atá le dáileaṁ againn:


ċum go mbéiḋ siḃ gan loċt, gan aineaṁ, ’n‐ḃur gclainn Dé gan smál i lár ciniḋ ċaim, ċuirpṫiġ, go ḃfuil siḃ ’n‐a measc aṁail soillsí san tsaoġal,


Ar an aḋḃar sin, ó’n lá n‐a gcualamar scéala ’n‐a ṫaoḃ, ní scuraimíd de ḃeiṫ ag déanaṁ urnaiġṫe ar ḃur son, agus g‐á iarraiḋ go líonfar siḃ d’eolas a ṫola san uile eagnaiḋeaċt agus tuigsin spioradálta,


Siuḃlaiḋ go stuamḋa i dtaoḃ na ndaoine atá lasmuiġ, ag baint tairḃe as an uain.


Is fiaḋnaiḋṫe siḃ‐se, agus is fiaḋnaiḋe Dia, leis, ar a naoṁṫaċt, agus ar a ionnraice, agus ar a neaṁ‐loċtaiġe d’iomċaramar sinn féin ’n‐ḃur dtaoḃ‐na ċreideas:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ