Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Maitiú 10:15 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

15 Go fírinneaċ adeirim liḃ, Is fearr go mór éireoċas le tír Ṡodom agus Ġomorra, lá an ḃreiṫeaṁnais, ’ná leis an gcaṫair sin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

15 Amén adeirim liḃ, béiḋ sócaṁal ag tír Ṡodoim agus Ġomorra ar lá an ḃreiṫeaṁnais ṫar mar ḃéas ag an ċaṫair sin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

15 Go deiṁin adeirim liḃ, is saoire a ḃeiḋ an sgéal ag tír Ṡodom nó ag tír Ġomorra lá an ḃreiṫeaṁantais ’ná ag an gcaṫair sin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

15 A deirim riḃ go deiṁin, go maḋ socaṁluiḋe do ṫalaṁ luċ Ṡodóm agus Ġomorra a ló an ḃreiṫeaṁnus, nó don ċaṫruiġsin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Maitiú 10:15
22 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus adeirim‐se liḃ, Gaċ focal díoṁaoin laḃarfas daoine, caiṫfiḋ siad cunntas do ṫaḃairt ann, lá an ḃreiṫeaṁnais.


Óir adeirim liḃ go fírinneaċ, Nó go dtéiḋ neaṁ agus talaṁ ar neaṁ‐niḋ, ní raċaiḋ aon ġiota ná aon ṗonnc de’n dliġe ar neaṁ‐niḋ nó go gcóiṁlíontar gaċ éinniḋ.


Is iomḋa duine adéarfas liom an lá sin, A Ṫiġearna, a Ṫiġearna, naċ id’ ainm‐se dorinneamar fáiḋeadóireaċt, agus naċ id’ ainm‐se do ċaiṫeamar amaċ na deaṁain, agus naċ id’ ainm‐se do‐rinneamar mórán míorḃail?


Agus cibé áit naċ nglacfaiḋ siḃ, agus naċ n‐éistfiḋ liḃ, ag imṫeaċt daoiḃ as an áit sin, croṫaiḋ an luaiṫreaḋ de ḃonnaiḃ ḃúr gcos mar ḟiaḋnaise ’n‐a n‐aġaiḋ.


An té ḋiúltas dom, agus naċ nglacann lem’ ḃriaṫraiḃ, atá aige an té do‐ḃeir breiṫ air: an briaṫar aduḃart‐sa, do‐ḃéarfaiḋ an briaṫar sin breiṫ air an lá déiḋeannaċ.


Agus is é toil an té do ċuir uaiḋ mé naċ gcaillfinn aoinneaċ díoḃ‐san atá taḃarṫa aige ḋom, aċt go dtógfainn suas é an lá deiriḋ.


Óir is é toil m’Aṫair, an uile ḋuine do‐ċí an Mac, agus ċreideas ann, go ḃfaiġeaḋ sé an ḃeaṫa ṡíosraiḋe, agus tógfad‐sa é an lá deiriḋ.


de ḃriġ go ḃfuil lá ceapṫa aige ’n‐a dtiuḃraiḋ sé breiṫeaṁnas de réir cirt ar an saoġal tríd an ḃfear atá réaṁ‐órduiġṫe aige; agus do ḋearḃuiġ sé é do gaċ uile ḋuine, g‐á ṫógáil ó na marḃaiḃ.


óir foillseoċaiḋ an lá é, de ḃriġ go ndéanfar soiléir é san teiniḋ; agus déanfaiḋ an teine féin a ċruṫú cia an cineál obair gaċ duine.


Aċt, a ḃráiṫre, ní ḟuil siḃ‐se san dorċaċt, go dtiocfaḋ an lá úd oraiḃ mar ṫiocfaḋ gadaiḋe.


gan cóṁċruinniú: gceann a ċéile do ṫréigean, ar nós daoine áiriṫe, aċt ḃeiṫ ag gríosaḋ a ċéile; go mórṁór de ḃriġ go ḃfeiceann siḃ an lá ag druidim linn.


agus ag déanaṁ luaiṫreáin de ċaṫraċaiḃ Ṡodoim agus Ġomorra, gur ḋaor sé ċum léirscriosta iad, ag déanaṁ sompla ḋíoḃ ḋóiḃ‐sean do ċaiṫfeaḋ saoġal neiṁ‐ḋiaḋa ’n‐a ḋiaiḋ sin;


is eol do’n Tiġearna cionnas na fíréin do ṫaḃairt slán as caṫuiġṫiḃ, agus na neiṁ‐ḟíréin do ċongḃáil fá ṗionós fá ċóṁair lae an ḃreiṫeaṁnais;


gur fá ċóṁair teineaḋ atá siad d’á gcoiṁeád ag an mbriaṫar céadna sin, d’á gcongḃáil go dtí lá breiṫeaṁnais agus scriosta na ndaoine neiṁ‐ḋiaḋa.


Is mar sin curtar a ġráḋ i gcriċ ionnainn, ċum go mbéiḋ uċtaċ againn i lá an ḃreiṫeaṁnais; de ḃriġ go mbímíd san tsaoġal mar ḃíonn seisean.


Na h‐aingle, mar an gcéadna, nár ċoiṁeád a ngradam féin, aċt do tréig a n‐áitreaḃ, atáid d’á gcongḃáil fá ṡlaḃraiḃ síorraiḋe, i ndorċadas, fá ċóṁair breiṫeaṁnas an lae ṁóir.


Sodam agus Gomorra, agus na caṫraċa ’n‐a dtimċeall, mar an gcéadna, do lean de striapaċas agus de ċuirpṫeaċt ṁí‐nádúrṫa, tugaḋ iad mar eisiompláir, ag fulang peannaide na teineaḋ síorraiḋe.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ