Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 6:25 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

25 Is mairg daoiḃ‐se atá sáiṫeaċ anois! óir béiḋ ocras oraiḃ. Is mairg daoiḃ‐se atá ag gáiriḋe anois! óir béiḋ siḃ ag caoi agus ag gol.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

25 Is mairg díḃ-se, a ḃfuil ḃur sáiṫ agaiḃ, óir béiḋ ocras oraiḃ. Is mairg díḃ-se, atá ag gáiriḋe anois, óir béiḋ siḃ ag caoineaḋ agus ag gol.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

25 Is mairg daoiḃ-se atá sáiṫeaċ, óir beiḋ siḃ ocraċ. Is mairg daoiḃ-se atá anois ag gáirí, óir beiḋ siḃ ag gol agus ag caoi.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

25 As anáoiḃinn dáoiḃ a ḋáoine atá sáiṫeaċ! óir biáiḋ ocras orúiḃ. As anáoiḃinn dáoiḃ a ḋáoine atá a gáiriġe a nois! óir cáoifiḋe agus goilfiḋe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 6:25
33 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċt aduḃairt Dia leis, A ḋuine gan ċéill, éileoċar t’anam ort anoċt féin; agus cia aige go mbéiḋ gaċ a ḃfuil curṫa le ċéile agat?


Annsin béiḋ gol agus gíoscán fiacal, nuair do‐ċífiḋ siḃ Abraċam, agus Íosóg, agus Iácób, agus na fáiḋe go léir i ríoġaċt Dé, agus siḃ féin díbearṫa amaċ.


Aċt is mairg daoiḃ‐se atá saiḋḃir! óir atá ḃúr sólás agaiḃ ċeana féin.


Is mairg daoiḃ nuair ḃéas na daoine ’g‐ḃúr molaḋ! óir is ar an gcuma ċéadna do‐rinne a sinnsir é leis na fáiḋiḃ bréige.


Agus do‐rinneadar gáiriḋe magaṁail faoi, agus a ḟios aca go raiḃ sí marḃ.


ná cainnt draostaṁail, diṫ‐céilliḋe, ná magaṁlaċt, neiṫe naċ cuiḃe: aċt, ’n‐a ionad sin, bíoḋ breiṫ buiḋeaċais.


Nuair adeir na daoine, Síoṫċáin agus neaṁ‐ḃaoġal, annsin is eaḋ ṫig léirscrios obann orṫa, mar ṫagann a pianta ar ṁnaoi atá ag iomċar clainne; agus ní raċaiḋ siad slán as.


Biḋiḋ ag éagcaoineaḋ, agus ag déanaṁ bróin, agus ag gol: aṫruiġtear ḃur ngáiriḋe ’n‐a ḃrón, agus ḃur luṫġáir ’n‐a gruaim.


De ḃriġ go n‐abrann tú, Atáim saiḋḃir agus maoin ar mo ṁian agam, gan uireasḃaiḋ éinniḋ orm; gan a ḟios agat gur tusa an duine dearóil, anróiteaċ, boċt, dall, lomnoċt:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ