Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 5:2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 Agus do ċonnaic sé ḋá ḃád ar imeall an loċa: aċt do ḃí na h‐iascairí imṫiġṫe asta, agus do ḃíodar ag niġe a líonta.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

2 Agus ċonnaic sé ḋá luing ina seasaṁ le taoiḃ an loċa: aċt ḃí na h-iascairí imṫiġṫe astú, agus ḃí siad ag niġe a gcuid eangaċ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

2 Agus do ċonaic sé ḋá luing ’n-a stad ag imeall an loċa; mar ḃí na h-iasgairí tagaiṫe i dtír agus iad ag niġe a líonta.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 Agus do ċonnairc sé ḋá luing do ḃí ar an loċ aċd do imṫiġeadar na híasgaireaḋa asda, agus do ḃíadar ag niġe a líontaḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 5:2
7 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus ag siuḃal d’Íosa le h‐ais mara Ġalilé, do ċonnaic sé beirt dearḃrátar, Síomón ar a dtugtar Peadar, agus Aindrias, a ḋearḃráṫair, do ḃí ag cur lín sa ḃfairrge: óir do b’iascairí iad.


Agus ag imṫeaċt as sin dó, do ċonnaic sé beirt eile dearḃráṫar, Séamas mac Ṡebedé, agus Eoin a ḋearḃráṫair, agus iad i mbád i ḃfoċair a n‐aṫar, Sebedé, ag cóiriú a líonta; agus do ġlaoḋ sé ċuige iad.


Agus ag siuḃal dó le bruaċ mara Galilé, do ċonnaic se Síomón agus Aindrias dearḃráṫair Ṡíomóin ag teilgean lín isteaċ ins an ḃfairrge: óir do b’iascairí iad.


Agus, ag imṫeaċt dó aċar beag ó’n áit sin, do ċonnaic sé Séamas mac Ṡebedé agus Eoin a ḃearḃráṫair, do ḃí ins an mbád ag cóiriú a líonta.


Agus ṫarla, nuair do ḃí an sluaġ ag brúġaḋ air agus ag éisteaċt le briaṫar Dé, go raiḃ sé ’n‐a ṡeasaṁ le h‐ais loċa Ġenésaret;


Agus ag dul isteaċ ḋó i mbád díoḃ, bád Ṡíomóin, d’iarr sé air dul amaċ tamall beag ó’n tír. Agus do ṡuiḋ sé síos agus do ṫeagaisc sé na sluaiġte ó’n mbád.


Duine de’n ḃeirt do ḃí ag éisteaċt le h‐Eoin, agus do lean Íosa, ab eaḋ Aindrias, dearḃráṫair Ṡíomóin Peadar.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ